An giorria ar bhord an tsléibhe; Muintir Dharachaí - Pádraig Ó hEadhra


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

D'éirigh mise ar maidin. Thriall mé orm 'un an tsléibhe. Bhog liom suas ar thaobh an chnoic. D'éirigh an giorria romham. Muise, (dar fia) go deimhin, rith an giorria chomh sciobthaí is d'fhéad sé go barr an chnoic (ach) d'fhan sé. Shiúil mise go sciobthaí (...) suas 'na dhéidh. Bhí mé cinntí go mb'fhéidir go... go bhfanfadh sé liom. Bhí mo mhada beag leis an tsáil agam suas le sáil an ghiorria. Ara, chuaigh an giorria go barr an chnoic agus d'éalaigh leis síos ar thaobh an chnoic, an taobh (óduaidh) dhon chnoc ins na heanaigh beaga bána, ins na gleannta thart (os coinne) an bhiorla [1] a chois na habhna. Bhí an biorla chomh hard is nár fhéad mise é a fheiceál. Bhí sé faoin mbiorla ag faireadh ormsa agus níor fhéad mise é a fheiceál, ach chonaic seisean mise.

Chuaigh mé síos le fánaidh, tursach sáraithe nó gur chuartaigh mé thart ins an áit ar shíl mé a mbeadh sé, is bhí sé míle (is fiche) uaim. Chroch sé a chloigeann. Chonaic sé mé. Chuaigh sé dho léim thar an abhainn. Ní rabh mise sách láidir ná dadaí dhá shórt. B'éigean dom an abhainn a shiúl go rabh mé fliuch báití tursach fuar(...). Tháinig mise ar ais aríst aníos an cnoc in éis an ghiorria. Nuair a tháinig sé trasna na habhna, ara, (blár) an domhain, is bhí an giorria ag tabhairt chaon léim aníos an cnoc is mise go (hathlamh) ag siúl aníos ina dhéidh (díreach).

Bhí sé tursach sáraithe thuas i mbarr an chnoic nuair a bhí mise leath an bhealaigh. Síos, síos go dtí an (taoide) cinntí. Bhí an mada beag déantaí chomh dona liom féin. Bhí sé tursach ag goil thart ag seilg thart round about ag iarraidh a lorg a fháil. Fuair sé a lorg ar deireadh thiar. D'imigh an giorria nuair a chonaic sé mise ag tíocht in aice leis. D'imigh leis siar go hUmhall Uí Mháille thart na cnoic round about, is níor stop sé ariamh ná go ndeachaigh sé go bord farraige síos go (Drogheda) agus aníos leis (le) fánaidh go dtáinig sé insa... insa gcuan céanna a rabh sé san oíche ann. Bhí mise ag tíocht is ag imeacht tursach sáraithe le linn an tráthnónaí. Ara, nuair a tháinig mise isteach abhaile, by goraway, bhí mé chomh tursach nár fhéad mé mo chuid éadaí fliuch a bhaint díom ach mo shuí ansin fliuch báití fuar crupthaí gan tinidh gan teas gan digh gan deis ná dóigh.

**********

D'éirigh mise ar maidin.
D'éalaigh mé síos go (Garachain),
An áit a rabh mé ag triall ar maidin ann.
I measc na daoiní móra is na daoiní cóir ann
Tá gean na ndaoiní ar mhuintir (Gharachain).
Grá mo chroí iad, mo chuid 'on tsaol iad.
Tá gean na ndaoiní ar mhuintir (Gharachain).
Tá na daoiní móra ann, tá na daoiní cóir ann.
Tá an gréasaí bróg ann in achuile theach acu.
Tá an ceannaí mál anuas ón gClár
Ag iarraidh a bheith ag déanamh (áras)
Ar (bhaltachaí) beaga, gránna (Gharachain).
Tá an caibléaraí ann, tá an máistir scoile istigh i gceartlár an bhaile acu
Ag múnadh eolas dho chuile leaid
Tá an Reading Made Easy agus an Primer agus an Dictionary.
"Ara, cén sórt iad sin?" arsa mise.
"An The Reading Made Easy ná an Dictionary
Ní rabh, ní fhaca mise ariamh iad.
Níl a fhios agam cén sórt iad.
An t-iarratas atá ormsa:
Tá mé ag iarraidh bean ort dho mo mhac!"

Aistriúchán

Translation in hand. Aistriúchán go Béarla idir lámha.

Fonótaí

= bhiolra/bhiolair. Cf. Éamonn Mhac an Fhailigh, The Irish of Erris, county Mayo (BÁC, 1968; athchló 1980), § 472. (Back)

Tráchtaireacht

Tá an giota neamhchoitianta seo roinnte ina dhá chuid. Tá cur síos sa chéad chuid ar an údar ag tóraíocht giorria ach nach n-éiríonn leis, agus sa dara cuid déantar cur síos ar cheantar agus na daoine a mhaireann ann. Níl an chuma ar an scéal go bhfuil aon mhóitífeanna béaloidis gur fiú trácht orthu sa scéal ar thóraíocht an ghiorria ná go bhfuil sé bunaithe ar aon chineál eile insinte gur fiú trácht air, agus b'fhéidir nach bhfuil ann ach 'chronicate', nó scéilín bunaithe ar eachtra a bhain don scéalaí féin. Ar ndóigh, luaitear logainmneacha áirithe, agus is léir gurb é atá i gceist le ceann acu seo ná Umhall Uí Mháille, limistéar i gcontae Mhaigh Eo a bhfuil dhá bharúntacht ann. Umhall Uachtarach a thugtaí tráth ar Bharúntacht Mhuraisce, agus thugtaí Umhall Íochtrach tráth ar bharúntacht Bhuiríos Umhaill. Tugadh Umhall Uí Mháille ar an dá bharúntacht le chéile. Féach Theresa McDonald, Achill Island (Tullamore, 1997), 5. Ní fios go díreach cá bhfuil Darachaí/Garrachan, ach d'fhéadfadh sé gurb é Dararach, i bparóise Chill Chomáin, contae Mhaigh Eo, atá i gceist, nó 'Garoke' i bparóiste Sheanchua, contae Shligigh. Is cosúil go gcríochnaíonn an giota go tobann, agus d'fhéadfadh sé gur blúire de phíosa níos faide, nár taifeadadh, atá ann.

Teideal i mBéarla: The hare on the mountain; the Darachaí people
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Pádraig Ó hEadhra as Co. Shligigh
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 11-09-1930 ag 10:45:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh. Taifeadta ar 11-09-1930 ag 10:45:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1124d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 04:03 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1124d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 04:03 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1124d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 04:01 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1124d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 04:01 nóiméad ar fad.