Coill Dá Laogh - Seán Mac an Déisigh


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Shiúil mé Éire agus páirt (de dh')Éijipt,
Dúiche Uí Néill agus Condae an Rí,
Ceathrú thalamhna ní fhacas ar an méid sin
A bhéarfadh an svae leis ó Choll Dá Lao.

Bhí (bullán d'each) ann is caiple marcach,
Bhí an stail is an láir ann ('gus iad faoi) spraoi,
Níl ní dhá (dtráchtar) nach bhfuil le fáil ann,
Tá an fia bairr ar na gleannta fraoigh.

Tá an poc ag géimreach ag éirí in airde
Ar na hoileáin bhána seo Choll Dá Lao,
Níl ní dhá (dtráchtar) nach bhfuil le fáil ann,
Tá caoirigh bána ann ('s díol eallaigh).

Níl aon fhear amháin spéiriúil as seo go hEgypt,
Ní aithnímsa fríd an tír,
Nach dtigeann ag foghléireacht agus ag déanamh pléisiúir
Ar na gleanntaibh álainn seo (Choll Dá Lao).

Aistriúchán

I travelled Ireland and some of Egypt,
O'Neill's Country and The King's County,
In all of that I didn't see a quarter acre
Which would surpass Culdaly.

There was a huge horse there and hackneys,
The stallion and the mare were there and having fun,
There is nothing at all which can't be found there,
The stag is in heathery valleys.

The buck bellows exhuberantly
On the white islands of Culdaly,
There is nothing at all which can't be found there,
There are white sheep there and plenty cattle.

There is not one cheerful man from here to Egypt,
I know no one throughout the land
Who does not come fowling and seeking pleasure
In these beautiful glens of Culdahy.

Tráchtaireacht

Nóta tráchtaireachta idir lámha.

Teideal i mBéarla: Culdaly (?) [placename]
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Seán Mac an Déisigh as Co. Shligigh
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 11-09-1930 ag 12:00:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh. Taifeadta ar 11-09-1930 ag 12:00:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1125g2, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 01:14 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1125g2, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 01:14 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1125g2, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 01:10 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1125g2, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 01:10 nóiméad ar fad.