Is é fáth mo bhuartha - Frank McGinty


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Nach é fáth mo... Nach é fáth mo bhuartha nach bhfaghaim cead cuairte
Ins an ngleann seo uaigneach a mbíonn mo ghrá?
An áit a bhfuil mil ar luachair, im ar uachtar,
I dtús an fhuaicht bíonn (...) ann.

Aistriúchán

Is not the reason for my sorrow that I am cannot visit
The lonely valley where my love dwells?
Where there is honey on rushes, butter on cream,
At the beginning of winter there is (...) there.

Tráchtaireacht

Seo an véarsa tosaigh den amhrán grá an-aitheanta 'Sé Fáth mo Bhuartha'. Amhrán grá éagmaise atá ann ina n-insíonn an file faoin mbrón atá air toisc nach féidir leis a bheith in éineacht le bean álainn áirithe atá ina cónaí sa ghleann. Déanann sé cur síos i véarsaí níos faide ar aghaidh ar áilleacht an ghleanna féin agus ar áilleacht na mná a bhfuil sé i ngrá léi. D'fhoilsigh Micheál agus Tomás Ó Máille leagan cúig véarsa de sa bhliain in Amhráin chlainne Gaedheal (BÁC, 1905). Féach eagrán nua le William Mahon, Amhráin chlainne Gael (Indreabhán, 1991), 31, 165. Ní raibh na heagarthóirí in ann a chinntiú cé a chum é. Bhailigh Micheál Ó Tiománaidhe amhrán dar teideal 'Cor Shliabh', ina bhfuil an chéad véarsa den amhrán 'Is é Fáth mo Bhuartha' agus luann sé Riocard Bairéad leis. Féach Abhráin Ghaedhilge an Iarthair, uimh. 8. Diúltaíonn Nicholas Williams don tuairim seo áfach in Riocard Bairéad: amhráin (BÁC, 1978), 51. Tá leagan eile de dar teideal 'A Mhúirnín Bán' le fáil in Pádraig Breathnach, Ár gceól féinig (BÁC, 1920), uimh. 78. Is fonn an-choitianta é i measc ceoltóirí uirlise. Casann an píobaire uilleann Willie Clancy é ar The gold ring (RTÉ, 2009).

Teideal i mBéarla: The cause of my sorrow
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Frank McGinty as Co. Mhaigh Eo
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 11-09-1930 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh. Taifeadta ar 11-09-1930 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1128g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 00:33 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1128g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 00:33 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1128g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 00:22 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1128g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 00:22 nóiméad ar fad.