Céad slán dhuit, a Abhainn Mhór - Brighid Ní Mháille


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Céad slán dhuit, a Abhainn Mhór, sé mo léan gan mé anocht ag do thaobh,
(Is ann) a gheofainnse spórt, ó, tráthnónaí is, ó, go mall tíocht na hoích',
Le gloine ar an mbord ann le comhluadar geanúil 'na suí.

Ó, is nach mise atá sáraithe, ní náir dhom dhá mbris(fí) mo chroí,
Ó, i bhfad ó mo mhuintir, ó, is gan áit agam ag a ligfinn mo scíth,
Is tá mo shúil le Rí na nGrásta (nach mbeidh fán orainn) ach tamall is caidé an bhrí?

Tá mo ghuailleachaí-sa gointí, is ní áirím tá m'ioscaidí fann,
Tá mo rúitíní gearrthaí ó shíorshiúl na mbóithrí [1] go mall.

Aistriúchán

Farewell, Owenmore River, alas that I am not beside you tonight,
There I would find enjoyment, oh, in the evening and as the night slowly falls,
With a glass on the table, sitting with good company.

Oh, I am exhausted, it would be no wonder if my heart were to break,
Oh, far from my people and with no place to rest,
And I hope to God of Grace that I will not be wandering for long, but what does it matter?

My shoulders are injured, not to mention my weak knees,
My ankles are cut from constantly traipsing the roads.

Fonótaí

Leg. mbóirsí? Cf. Éamonn Mhac an Fhailigh, The Irish of Erris, county Mayo (BÁC, 1968; athchló 1980), § 399. (Back)

Tráchtaireacht

Tá an t-amhrán seo foilsithe faoi theidil éagsúla, 'An Abhainn Mhór', 'Murach mo Dhíthchéile' agus 'An Cóta Mór Stróicthe' ina measc. Foilsíodh cuntais éagsúla ón gCnuasach Náisiúnta Béaloideasa a bhaineann leis an amhrán in Ríonach uí Ógáin, Faoi rothaí na gréine (BÁC, 1999), 55-9. Luaitear cumadóirí éagsúla leis sna cuntais bhéil seo, Mícheál Bhan-Óige agus Séamus Coscar ina measc. Tá réimse forleathan béaloidis ann faoi scéal an amhráin. D'fhéadfadh sé, mar shampla, go mbaineann sé le meisceoir siúil nach raibh mórán measa ag a bhean air, nó go mbaineann sé le Seán Mac Donncha a chuaigh ar a theitheadh tar éis dó fear darbh ainm de Búrca a mharú nuair a bhuail sé le hiarann é mar fhreagra ar mhasla a thug sé siúd don chailín óg a raibh an file ag damhsa léi. Leagann Tomás Ó Concheanainn (Nua-dhuanaire III (BÁC, 1978, athchló 1981), 86) dáta ar an amhrán go luath sa 19ú haois agus tugann sé dhá chuntas béil ar chúlra an amhráin, an dá cheann á lua le Séamus 'ac Cosgair, a mhair in Iorras, contae Mhaigh Eo. I measc leaganacha eile de atá foilsithe tá: Micheál Ó Tiománaidhe, Abhráin Ghaedhilge an Iarthair (BÁC, 1906), uimh. 40; Domhnall Ó Fotharta, Siamsa an gheimhridh (BÁC, 1892), 88-92; An tAthair Tomás Ó Ceallaigh, Ceol na nOileán (BÁC, 1931), 111-2; Micheál Ó Gallchobhair, 'Amhráin ó Iorrus', Béaloideas 10 (1940), 215-6; Seóirse Bodley, 'Technique and structure in 'Sean-nós' singing', Irish Folk Music Studies: Éigse Cheol Tíre 1 (1972-3), 44-54: 48; Éamonn Mhac an Fhailigh, The Irish of Erris, Co. Mayo (BÁC, 1968, athcló 1980), 104-7.

Teideal i mBéarla: Farewell, Owenmore
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Brighid Ní Mháille as Co. Mhaigh Eo
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 11-09-1930 ag 15:45:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh. Taifeadta ar 11-09-1930 ag 15:45:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1130g2, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 01:30 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1130g2, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 01:30 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1130g2, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 01:26 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1130g2, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 01:26 nóiméad ar fad.