Bláth bán na hairne - Labhrás Ó Maoilchiaráin


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Bláth bán na n-airní do bhíonns ag fás i dtús an tsamhraidh
Agus na faoileáin bhoga bhána do bhíonns ag snámh ins na gleanntaí,
Mar bheadh an ghrian os cionn tráighe nó an dealramh ag goil timpeall,
Is mar siúd a bhíonns mo ghrá bán ag déanamh rámhailtí in m'intinn.

Éireoidh mé amárach, ó, le bán an lae ghléigil
Agus bhéarfaidh mé an chuairt seo amach suas fó na sléibhtí,
Óra, fágfaidh mé mo chuanbheannacht ag buachaillí an tsaoil seo
'S a dheamhan a bhfillfidh anuas daoim nó go ngairfidh an chuach ins gach uile réigiún.

Aistriúchán

The white blossom of the sloe which grows at the start of summer
And the soft white seagulls who swim in the glens,
Like the sun above the beach or the radiance going round,
That is how my bright love goes making dreams in my head.

I will get up tomorrow, oh, at the bright break of day
And I will take this course out up into the hills,
Oh, I will bid my fond farewell to the boys of this world
And I won't return down again until the cuckoo calls in every region.

Tráchtaireacht

Tá na véarsaí seo le fáil i roinnt leaganacha d'amhráin ghrá eile; mar shampla: 'Séamas Ó Murchú' (féach Proinnsias Ní Dhorchaí, Clár amhrán an Achréidh (BÁC, 1974), 21), 'Mainistir na Buaile' agus 'Taimín Bán Ó Luaithre' (féach Ríonach Ní Fhlathartaigh, Clár amhrán Bhaile na hInse (BÁC, 1976), 43, 151). Tá leagan ceithre véarsa den amhrán 'Éireoidh mé Amáireach' (féach Clár amhrán an Achréidh, 30) a thosaíonn leis an dá véarsa seo ach iad i malairt oird. Is ábhar suime é go gcastar an ceathrú véarsa de 'Éireoidh mé Amáireach' mar chuid den amhrán 'Mainistir na Buaille' freisin. Casann an t-amhránaí sean-nóis Seán 'ac Dhonncha leagan de 'Mainistir na Buaille' ar An spailpín fánach (Cló Iar-Chonnacht, 1994) agus baineann focail an tríú véarsa go dlúth leis an gcéad véarsa mar a chasann Ó Maoilchiaráin anseo é.

Teideal i mBéarla: The white blossom of the sloe
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Labhrás Ó Maoilchiaráin as Co. na Gaillimhe
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 12-09-1930 ag 16:55:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh. Taifeadta ar 12-09-1930 ag 16:55:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1140g2, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 01:21 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1140g2, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 01:21 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1140g2, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 01:18 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1140g2, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 01:18 nóiméad ar fad.