Péarlaí deas an tSléibhe Bháin - Eileen Mullrooney


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Ó, faraor géar, níl éadach agamsa ná bláth
Ná mo ghearráinín aerach a bhéarfadh mé go Sliabh Bán,
Ó, go Bleá Cliath na dtéarmaí má théim ann ní fhillfead go brách,
Ó, agus bíodh a rogha céilí ag Péarlaí Deas an tSléibh' Bháin.

Muise, ach muireach[1] an t-ól bheadh cóitín deas ar[2] mo dhroim,
Bheadh ba agam agus caoirigh agus mo mhian de chailín bheag bhán,
Ach anois ó tá an aois orm agus gur liath mo cheann,
Ó, ní baolach faoi (...) (beag agus tá an bhliain seo fann).

Ó, faraor géar (sea) gan mise in mo lacha bheag bhán
Ag imeacht liom féin in éadan na tuile insa tsnámh,
Mar shúil le Mac Dé (is) go réiteochaidh (Muire) mo chás,
Ó, is mur ndearna mé bréag is tú Péarlaí Deas an tSléibh' Bháin.

Aistriúchán

Alas, I have neither clothing nor prosperity
Nor my lively little gelding that would bring me to Slieve Bawn,
If I go to Dublin of the (...) I will never return,
And may the pretty pearl of Slieve Bawn have her choice of husband.

If it were not for the drink I would have a fine coat on my back,
I would have cows and sheep and my choice of fair bride,
But now since I have aged and my hair is grey,
There is no fear (...).

A great pity that I am not a little white duck
Paddling off by myself into the flow,
Hoping to the Son of God that Mary(?) will resolve my plight,
Oh, and if I do not lie, you are the Pretty Pearl of Slieve Bawn.

Fonótaí

= murach. Cf. Heinrich Wagner, Linguistic atlas and survey of Irish dialects (4 iml., BÁC, 1958-69), iml. 1, 172. (Back)
Leg. aire? (Back)

Tráchtaireacht

Is amhrán grá an-choitianta é seo agus tá leaganacha de le fáil ar fud na hÉireann. Foilsíodh leagan de in Dubhghlas de hÍde, Abhráin grádh chúige Connacht; or Love songs of Connacht (BÁC, 1893), 84-7. Tá leaganacha Ultacha le fáil in Énrí Ó Muirgheasa, Dhá chéad de cheoltaibh Uladh (BÁC, 1934), 123-4, agus in Padraigín Ní Uallacháin, A hidden Ulster (BÁC, 2003), 187-9, áit a dtugtar 'Péarla Deas an Chúil Bháin' air. D'fhoilsigh Colm Ó Lochlainn leagan ceithre véarsa de mar aon le nodaireacht cheoil in An Claisceadal 35 (1940). Tá dhá chóiriú den fhonn foilsithe in Charles Villiers Stanford, The complete collection of Irish music as noted by George Petrie 1789-1866 (Londain, 1902), uimhreacha 1113-4, agus is cosúil an dá leagan seo go pointe áirithe leis an leagan a chastar ar an taifeadadh seo. Casann an t-amhránaí sean-nóis Sorcha Ní Ghuairim leagan as Conamara ina gcomhairlítear do bhean óg fear óg ar comhaois léi féin a phósadh seachas seanfhear liath atá in iomaíocht leis. Féach Ríonach uí Ógáin, Sorcha: amhráin Shorcha Ní Ghuairim (BÁC, 2002), 41.

Teideal i mBéarla: The pretty pearl of Slieve Bawn
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Eileen Mullrooney as Co. na Gaillimhe
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 12-09-1930 ag 17:30:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh. Taifeadta ar 12-09-1930 ag 17:30:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1141g2, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 01:47 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1141g2, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 01:47 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1141dd2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:47 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1141dd2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:47 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1141g2, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 01:45 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1141g2, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 01:45 nóiméad ar fad.