A chailín deas na luachra - Anna Feely


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

A chailín deas na luachra,
Nach trua leatsa mo bheart ar lár?
An dtiocfá liom ar uaigneas
Faoi bhruach na coilleadh ba deise bláth?
An eaglais ní bhfaigheadh scéala air,
Ná aon fhear 'á bhfuil le fáil,
Go dtigí[1] Laidin ag an gcéirsigh
Agus Gréigis ag mo lon dubh breá.

(A) uasail, ná cuir cluain orm
Ar uaigneas, ó, agus mé liom féin,
Ná scab mo bheirtín luachra
Is a mhéad a fuair mé ' dhochar uaidh,
For níl mé glic ná stuama,
Níor (umhail)[2] mé dhon eaglais go fóill,
Cuirim ort mar phersecution
Gan bualadh faom for tá mé óg.

Níl stoca agam, níl bróg agam,
Níl stól agamsa a suífinn síos,
Nach beag mo ghnaithí le pósadh
For, dar an nóinín, tá mo phluid le sníomh,
Muise, maidin chiú-... b'fhearr liomsa ag baint na luachra
Ná do bhualadh ó thom go tom,
Ná do leanbh bheith ar mo ghuala,
A dhuine uasail bhreá, is gan tú le fáil.

Maidin chiúin dhár éirigh mé,
Bhí mo thriall amach (chuig) Condae an Chláir,
Bhí mo chupla gadhar ag glafarnaigh is mo ghunna liom ar mo lámh,
Nárbh fhurasta (a ghoil) an uair sin léi,
Chomh hóg agus ' luaigheadh mé le mnaoi,
Nach ndéanfainn rath ná fónamh,
Ná (fiú spórt) san áit a mbím,
Ach teach a bhío(nns gan ch)(...).

Aistriúchán

Oh pretty girl of the rushes,
Do you not pity me that I have lost my bundle?
Will you come with me to a secluded place,
To the margin of the finest blooming wood?
The Church wouldn't hear about it,
Nor any man to be found,
Till the song-thrush is able to speak Latin
And till the lovely blackbird speaks Greek.

Sir, do not lure me
To a secluded place while I am alone,
Don't scatter my bundle of rushes
Considering how hard I worked for it (?),
For I am not clever or sensible,
I have not yet bowed to the church,
I command you (?)
Not to touch me for I am young.

I have neither sock nor shoe,
I have no stool to sit on,
How little use I would be to marry
For, indeed, my blanket is still to be spun,
I would prefer to be cutting rushes
Than to srike you from bush to bush,
Than to have your child on my shoulders,
Dear sir, when you would not be around.

One quiet morning I roved out,
My journey was to County Clare,
My two dogs were barking and my gun was in my hand,
Wouldn't it have been easy to go with her that time,
I was so young to be engaged to to a woman (?),
Wouldn't I prosper or excel,
Or even have fun where I am wont to be,
But a house without (...).

Fonótaí

= dtigidh, dtaga. Cf. Heinrich Wagner, Linguistic atlas and survey of Irish dialects (4 iml., BÁC, 1958-69), iml. 1, 243. (Back)
= umhlaigh? (Back)

Tráchtaireacht

Is leagan é seo den amhrán 'An Binsín Luachra', a bhfuil aithne air ar fud na Mumhan agus Chonnacht. Is féidir féachaint air mar shampla den chineál amhráin ar a dtugtar pastourelle (féach Seán Ó Tuama, An grá in amhráin na ndaoine (BÁC, 1960), 23). Buaileann fear óg le hógbhean álainn atá ag baint luachra, ábhar a bhíodh in úsáid go traidisiúnta le haghaidh leapacha. Déanann sé iarracht í a mhealladh le geallúintí éagsúla agus sna véarsaí deireanacha tugann an ógbhean achasán dó mar gheall ar an trioblóid a chruthaíonn sé di. Cumadh é go déanach san ochtú haois déag ar a dhéanaí mar tá leagan den amhrán seo le fáil i lámhscríbhinní Bunting (féach Colette Moloney, The Irish music manuscripts of Edward Bunting 1773-1843: an introduction and catalogue (BÁC, 2000), uimh. 202, 242). Tá leagan den amhrán le fáil freisin in Mícheál agus Tomás Ó Máille, Amhráin chlainne Gaedheal (BÁC, 1905). Féach eagrán nua William Mahon: Amhráin chlainne Gael (Indreabhán, 1991), 88-9. Le haghaidh plé ar na nósanna a bhaineann le baint luachra agus ar an amhrán seo féach Máighréad Ní Annagáin agus Séamus de Chlanndiolúin, Londubh an Chairn (Oxford, 1927), uimh. 8, 6-7. Casann Pádraig Ó Ceallaigh as Baile an Sceilg, contae Chiarraí, leagan den amhrán áit eile i mbailiúchán Doegen. Baintear úsáid as an bhfonn dar teideal 'An Binsín Luachra' le haghaidh go leor amhrán eile; mar shampla: 'Return of King Charles/Filleadh Rí Searluis' (féach John Ó Riordáin, A tragic troubadour: life and collected works of folklorist, poet and translator Edward Walsh 1805-1850 (Limerick, 2005), 643); 'The New Bunch of Loughero' (féach Georges Denis Zimmermann, Songs of Irish rebellion: Irish political street ballads and rebel songs 1780-1900 (BÁC, 1966), 188-9, 191-2); agus 'Im aonar seal ag siubhal bhíos' (féach Pádraig Ua Duinnín, Amhráin Eoghan Ruaidh Uí Shúilleabháin (BÁC, 1901), 20-22). Tá leaganacha den fhonn seo ar fáil in: Edward Bunting, A general collection of the ancient music of Ireland (BÁC, 1809), 39; Hugh Shields (eag.), Tunes of the Munster pipers: Irish traditional music from the James Goodman manuscripts, Vol. 1 (BÁC, 1998), 17, 201; agus Arthur Darley agus P.J. McCall, Feis Ceoil. Collection of Irish airs [The Darley and McCall collection of traditional Irish music], Vol. 1 (BÁC, 1914), 24. Castar go coitianta é mar fhonn mall ar uirlisí ceoil agus seinneann an píobaire Séamus Ennis leagan de ar The bonnie bunch of roses (Ossian LP, 1970).

Teideal i mBéarla: O pretty girl of the rushes
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Anna Feely as Co. Liatroma
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 13-09-1930 ag 10:30:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh. Taifeadta ar 13-09-1930 ag 10:30:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1142d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:08 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1142d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:08 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1142d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:04 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1142d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:04 nóiméad ar fad.