Liostáil mé le sergeant - Tomás Ó Dubhthaigh


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Liostáil mé le sergeant, mo chreach(t) agus mo chrá,
Thug sé thar an tsáile mé mar bhí mé bog óg,
Thug sé gunna (chargeáiltí dhom is) bayonet géar agus a barr air,
Agus gur shíl mé féin go mb'fhearr sin ná Condae Mhaigh Eo.

Dá ndéanfainnse (cóir le mo Pheadar) nach mé a bheadh maith go leor,
Sheachnóinn ól is imirt chárdaí agus comhluadar ban óg,
Sheachnóinn ól is imirt chárdaí, fíon Spáinneach agus ag (iarraidh) (...) (láidir),
I Santa Cruz ní fhágfaidh sé mo chnámhaí faoin bhfód.

Dá mbeinnse ar thalamh na hÉireann nach mé a bheadh maith go leor,
Ag éisteacht leis na héanlaith agus le géimneach na mbó,
Ní (rabh aon bhia) ná éadach ná ní ar bith eile ar an tsaol,
Ach is deise í an uain is an féar glas i gCondae Mhaigh Eo.

Grá mo chroí na preátaí, nach iad féin an toradh cóir,
Níor thug siad an svae leofa (rí)(...) domhan mór,
Nuair a leagfaidhear[1] fúinn ar clár iad beidh siad uilig (i gcád)(...),
Ach nach mairg a (bhíonns an garraí) tíocht (oíche Fhéil Muire Mór).

Aistriúchán

I enlisted with a sergeant, my ruin and woe,
He brought me overseas for I was free and young,
He gave me a charging(?) gun with a sharp pointed bayonet,
And I thought that that was better than County Mayo.

If I (...) wouldn't I be well enough off,
I would avoid drinking and card-playing and the company of young women,
I would avoid drinking and card-playing, Spanish wine and (...),
He will not leave my bones buried in Santa Cruz.

If I were on Irish soil wouldn't I be well enough off,
Listening to the birds and the lowing of the cows,
There was no food (?) or clothing or anything else in the world,
But the weather and the green grass is nicer in County Mayo.

I love the potatoes, aren't they the proper vegetable,
They didn't carry the day (...) the wide world,
When they are laid out on the table for us they will all be (...),
But how piteous is the field come the eve of the feast of Muire Mhór (?).

Fonótaí

= leagfar. Cf. Ruairí Ó hUiginn, 'Gaeilge Chonnacht', in Kim McCone et al., Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 539-609: 583. (Back)

Tráchtaireacht

Is amhrán coitianta as cúige Chonnacht é 'Contae Mhaigh Eo'. Tá go leor leaganacha malartacha de ann i dtaobh foinn agus focal araon. Insíonn leaganacha áirithe scéal faoi fhear óg a liostálann leis an arm in ionad fanacht i Maigh Eo ach a mbeirtear air níos déanaí agus an t-arm á thréigean aige. Maítear freisin go leanann an t-amhrán eachtraí farraige an chaptaein Micheál Ó Bruadair. Féach Micheál agus Tomás Ó Máille, Amhráin chlainne Gaedheal (BÁC, 1905), 156. Pléann Tomás Ó Concheanainn (Nua-dhuanaire III (BÁC, 1971; athchló 1981), 25-6, 83-4) seanchas faoin amhrán agus an deacracht a bhaineann leis an gcosúlacht go bhfuil ar a laghad dhá amhrán measctha trína chéile i leaganacha áirithe foilsithe, mar shampla 'Caiptín Bruadar' (féach Micheál Ó Bruadair thuas). Tá dhá véarsa dhéag den amhrán mar aon le seanchas agus nótaí beathaisnéise foilsithe in Ríonach uí Ógáin, Faoi rothaí na gréine (BÁC, 1999), 11-14. Le haghaidh leaganacha foilsithe eile féach: Norma Borthwick, Ceól-Sidhe (BÁC, 1902), 41; Micheál Ó Tiománaidhe, Abhráin Ghaedhilge an Iarthair (BÁC, 1906), uimh. 34; P.W. Joyce, Old Irish folk music and songs (BÁC, 1909), 370; Eibhlín Bean Mhic Choisdealbha, Amhráin Mhuigh Seóla (BÁC, 1923), 1-3; Risteárd Dónal Mac Aodha, Na fonnadóirí (Indreabhán, 1996), 80-1. Tá amhrán eile ann, 'Cill Liadáin'/'Cill Aodáin', a dtugtar 'Contae Mhuigh Eo' air uaireanta agus tá leagan de á chanadh ag Tomás Ó Lócháin i mbailiúchán Doegen.

Teideal i mBéarla: I enlisted with a sergeant
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Tomás Ó Dubhthaigh as Co. Mhaigh Eo
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Níl faisnéis maidir le taifeadadh an cheirnín seo ar marthain. Níl faisnéis maidir le taifeadadh an cheirnín seo ar marthain.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1145g2, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 01:46 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1145g2, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 01:46 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1145g2, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 01:45 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1145g2, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 01:45 nóiméad ar fad.