Cúig achainí na Maighdine - Brigid Mullryan


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Toil Dé go ndéana muid,
Dligheadh Dé go gcoinnighe muid,
Ár n-antoil féin go smachtaighe muid,
Srian lenár dteangachaí go gcuire muid,
Ar Pháis Íosa Críosta go smaointighe muid,
Ár gcríocha déanach' go meabhraighe muid,
Gach contúirt pheacaí go seachnaighe muid,
Agus aithrighe thráthúil go ndéana muid,
Bás beannaithe go bhfagha muid,
Agus ceol na n-aingeal[1] go gcloise muid,
Gnúis Dé go bhfeice muid,
Is i (mbranthracht)[2] Mhuire go suidhe muid,
Ag moladh agus ag grá agus ag guibhe Dé go rabh muid,
Le linn (na) saol, a Thiarna. Áiméan.

Aistriúchán

Translation in hand. Aistriúchán go Béarla idir lámha.

Fonótaí

Cf. Ruairí Ó hUiginn, 'Gaeilge Chonnacht', in Kim McCone et al., Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 539-609: 562, maidir leis an -ng- san fhocal seo. (Back)
= mbantracht. (Back)

Tráchtaireacht

Tá leaganacha den phaidir seo le fáil in Dubhghlas de hÍde, Abhráin diadha chúige Connacht (2 iml., Londain agus BÁC, 1906), iml. 2, 12-14, 82, agus in Diarmuid Ó Laoghaire, Ár bpaidreacha dúchais (BÁC, 1975), 136-9.

Teideal i mBéarla: The five requests of the Virgin
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Brigid Mullryan as Co. na Gaillimhe
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 15-09-1930 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh. Taifeadta ar 15-09-1930 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1148d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:45 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1148d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:45 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1148d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:42 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1148d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:42 nóiméad ar fad.