Tomás Bán Mac Aogáin - Pádraig Ó Néill


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

'S ag dul ó theach an tórramh dhom ' chuir mé eolas ar mo mhian,
Mo chreach agus mo bhrón nach sa mbailí a chaith mé an oích',
Tá arraing ag dul treasna thríom 's ag cónaí i lár mo chroí,
Is, a stór, mur mbeidh tú abhailí liom ní mhairfidh mé beo mí.

Tháinig Tomás Bán ar cuairt chugam 's mé ar uaigneas liom féin.
Séard dúirt sé, "Ná bíodh buaireamh ort ná rud ar bith mar é.
Sé do chúilín dualach a mharaigh mé, is mar gheall ort a crochfaíor[1] mé,
'S gur measa liom go mór thú ná mo mháithrín atá mo dhiaidh."

Tá cuireadh go Cill Chainnigh againn agus caithfeamar[2] a ghoil ann
Mar beidh seisiún ceathrún ann ag Gaeil is Clainne Gall,
Ní tligfíor ann ach beirt eicínt agus crochfaíor iad, mo léan,
Mar 'tá Tomás Bán Mac Aogáin 's Mac Uí Mhaoláin lena thaobh.

'S a Thomáis Bháin, go cinntí is tú searc is stór mo chroí,
A Thomáis a dtug mé gean duit seachas fearaibh óga an tsaoil,
(Ara,) crochfaíor thú go cinntí murb fhuil[3] ag grásta Dé,
Is, a Dhia, nach mór an feall é ná planda breá mar é.

'S a Thomáis Bhán Mac Aogáin, sé mo léan thú ag dul, ó, i gcill,
Cé hionadh liom do mháithrín bheith brónach in do dhiaidh,
Dhá mbeifeá ar leabaidh an bháis aici cér chás dhaoithe thú a bheith tinn,
Ach do chrochadh as na saltrachaibh 's an bháisteach le do dhroim.

Ní slad mainistir ná teampaill a rinne stór, ó, mo chroí,
Ní feoil ná geir a ghoid sé ná rud ar bith mar é,
Ach mar gheall ar (mhálóid) Stanley sea crochfaíor é mo léan,
'S an té a bhfuil grá dho chlann na Gall[4] aige, an ceann go gcaille sé.

Aistriúchán

It was when I left the wake house that I first saw my desire,
Alas and alack that I did not spend the evening at home,
A stabbing pain goes through me and remains in the middle of my heart,
And, my love, if you do not come home with me I will not survive a month.

Fair-haired Thomas came to visit me when I was secluded and alone.
He said, "Do not worry or any such thing.
It was your curled tresses that killed me, it is because of you that I will be hanged,
And I am more concerned for you than for my mother whom I leave behind."

We have been summoned to Kilkenny and we must go there
Because quarter-sessions will be held there by Gaels and the foreigners,
Only two will be condemned there and, alas, they with be hanged,
Namely, Fair-haired Thomas MacEgan and Mr Mullins by his side.

And Fair-haired Thomas, it is certain that you are the love of my heart,
Thomas whom I loved more than all the young men of the world,
You will be hanged surely, unless by the grace of God,
And, God, what a shame it is, such a fine man such as he.

And Fair-haired Thomas MacEgan, it is my affliction that you are going to the grave,
No wonder to me that your mother would be sad after you,
If she had you on your death-bed she would not mind that you were sick,
But for you to be hanged from beams with the rain down your back.

My love did not plunder a monastery or a church,
Nor did he steal meat or tallow or any such thing,
But because of the scourge(?) of Stanley he will be hanged, alas,
And he who loves the foreigners, may he lose his head.

Fonótaí

= crochfar. Cf. tligfíor infra. (Back)
= caithfimid. Leg. caithfidh mar? Cf. Ruairí Ó hUiginn, 'Gaeilge Chonnacht', in Kim McCone et al., Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 539-609: 597. (Back)
= mura bhfuil. (Back)
Leg. chlanna Gall? (Back)

Tráchtaireacht

Dar le Mícheál agus Tomás Ó Máille (Amhráin chlainne Gaedheal (BÁC, 1905; eagrán nua le William Mahon: Amhráin chlainne Gael (Indreabhán, 1991), 167), d'éalaigh Tomás Mac Aogáin, contae Mhaigh Eo, le hiníon fir den sloinne Stanley a bhain leis an uasaicme ghallda. Chuaigh a hathair sa tóir orthu nó gur aimsigh sé iad agus cuireadh Mac Aogáin i bpríosún ina dhiaidh sin, áit ar daoradh chun crochta é. De réir an bhéaloidis chum an bhean óg an t-amhrán seo mar gheall ar an gcrochadh a bhí ar tí tarlú agus mar thoradh air spáráladh Tomás Mac Aogáin. Is amhrán an-choitianta é i gcúige Chonnacht. Tá tagairtí do leaganacha a bailíodh agus atá i gCnuasach Bhéaloideas Éireann, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, le fáil in: Proinnsias Ní Dhorchaí, Clár amhrán an Achréidh (BÁC, 1974), 31, agus Ríonach Ní Fhlathartaigh, Clár amhrán Bhaile na hInse (BÁC, 1976), 150-51. Le haghaidh leaganacha foilsithe eile féach: Eibhlín Bean Mhic Choisdealbha, Amhráin Mhuighe Seola (BÁC, 1923), 91-3; Tomás Ó Concheanainn, Nua-dhuanaire III (BÁC, 1981), 19-20, 79; Brian O'Rourke, Blas meala (An Charraig Dhubh, Co. Átha Cliath, 1985), 65-74; agus Jean-Yves Bériou, Dord an dúchais (BÁC, 2008), 119-26. Castar an t-amhrán uaireanta leis an bhfonn a bhaineann le 'Curachaí na Trá Báine', mar a dhéanann Darach Ó Catháin ar Darach Ó Catháin (Gael-Linn, 1975; atheisithe ar dlúthdhiosca, 2004).

Teideal i mBéarla: Fair-haired Thomas MacEgan
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Pádraig Ó Néill as Co. na Gaillimhe
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 16-09-1930 ag 10:30:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh. Taifeadta ar 16-09-1930 ag 10:30:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1150d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:49 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1150d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:49 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1150d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:45 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1150d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:45 nóiméad ar fad.