Mainistir Bhaile an Chláir - Pádraig Ó Néill


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

'S nach deacair a rá nach (fuar í) is nach cráití é an bás,
'S nach (dtiúrfadh an leabhar ná nóiméad le fáil),
'S nach fiú agus (...) nó an (fulaingeoidh) nuair a bheas sí síntí os cionn cláir
Ach go bhfóireoidh Mac Muire ar ár n-anam más créatúir muid a cuirfíor[1] le fán.

Fágaimse le huacht is le aithrí dhá mbeinnse in mo shagart san áit
Nach (gcuirfí ann) aon bhreithiúnas aithrí ar aon fhear ar Bhaile ' Chláir,
Mar tá siad ag diúltú dhon pheacadh 's ag leanúint na rialachaí is fearr,
Is an fhad, ó, go (...) ar an gcathaoir beifear gairid sna flaithis le fáil.

Aistriúchán

It is not hard to say that death is a cold and tormenting thing,
And (...),
And it is not worth (...) when she is laid out
But may The Son of God help our souls if we are creatures who will be sent adrift (?).

I solemnly declare that if I were a priest in the place
That no sacramental penance would be given to any man in Ballyclare
For they reject sin and follow the best rules,
And so long as (...) on the chair they will be soon found in heaven (?).

Fonótaí

= cuirfear. (Back)

Tráchtaireacht

Nóta tráchtaireachta idir lámha.

Teideal i mBéarla: Ballyclare Monastery
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Pádraig Ó Néill as Co. na Gaillimhe
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 16-09-1930 ag 10:30:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh. Taifeadta ar 16-09-1930 ag 10:30:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1150d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:05 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1150d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:05 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1150d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:04 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1150d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:04 nóiméad ar fad.