An bráithrín buartha - Pádraig Ó Néill


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Tá an saol seo crostaí, tá an dligheadh ró-láidir,
Is ní bhfaighinn ón bPápa thú a phósadh liom,
Ach dhá dtagtá liomsa ar chúl an gháirdín, ó,
Nó go bhfaigheadh muist fáil ann cead súgradh is grinn.

(Muise,) ar chúl an gháirdín ní bhfaighidh tú fáil orm,
Ná ins an (ngábh) údaí ar chúl mo chinn,
Is a laghad é an tsiocair le go bhfaigheadh bean náire, ó,
Nach míle fearr liom gan bualadh ann.

Siúd í tharamsa í an ealaí ghléigil, ó,
Agus sé mo léan géar mar rugadh í,
Mar an oíche a gineadh í i mbroinn a máthar, ó,
Gur le aghaidh mo bháis a cumadh í.

Níor bhaist mé leanbh, ó, ar bith ariamh ná páistín
Ach an péirlín bán údaí a chráigh mo chroí,
Agus, a Aonmhic Muire, agus a Rí na ngrást, ó,
Nach cloítí an cás mé a bheith i ngrá le mnaoi.

'S an bhrionglóidí bhréagach a tháinig aréir, ó,
Agam féin agus mé i mo shuain,
Go dtáinig an spéirbhean is gur shín sí taobh liom, ó,
Ba deise a féachaint agus a leagan súl.

Bhí an com ba caoile uirthi, ó, ná na (caltaí) ag léimnigh,
Bhí a folt dá réir sin is é ag fás go dlúth,
Bhí an bhráid ba gile uirthi ná an sneachta ar thaobh an chnoic, ó,
Is a haghaidh dhá réir sin mar bhláth bán na n-úll.

Tiúrfaidh mé an chuairt seo go turas na Cruaiche, ó,
Agus ar ais aríst (aníos chun) an tSléibhe Báin,
Ag síorchur thuairisc mo chailín stuamaí, ó,
A rinní gual dubh dho mo chroí in mo lár.

(Aidhe, ara,) d'at mo ghuaillí go dtí mo chluasaí, ó,
Agus fuair mé fuagradh glan géar ón mbás,
Níl duine dhar chualaidh, ó, mo scéal an uair sin, ó,
Nár úirt go mba trua bocht é an Caisideach Bán.

Dhá mbeinn ' mo bhádóir is deas a shnámhfainn, ó,
Ins gach cearda dhá mbeadh mo ruain,
Bheinn dá leanúint thríd an tuile bháití, ó,
'S ag goil le fánadh ó thoinn go toinn.

Bheinn dá fáscadh faoina bánchrios
Nó idir mo dhá láimh dhá mb'fhada an oích',
Is gurb é a n-iarrfainn dh'achainí ar Rí na ngrást, ó,
Aon phóigín amháin a fháil ó stór mo chroí.

Aistriúchán

This life is troublesome, the law is too strong,
And I would not get permission from the Pope to marry you,
But if you came with me to the back of the garden,
So that we would find there the right to play and have fun.

Indeed(?), you will not have me at the back of the garden,
Or in that danger(?) behind me,
And as small as is the reason that a woman would be shamed,
I would prefer a thousand-fold not to go there.

There she goes past me the shining swan,
And it is my woe that she was ever born,
Because the night she was conceived in her mother's womb,
It was for my death that she was made.

I never baptised a child, or a little youngster
But that little white pearl that tormented my heart,
And, oh Mary's Only Son, and King of mercy,
What an abject situation that I am in love with a woman.

And the false dream which came last night,
To myself as I was at rest,
That the beauty came and lay beside me,
How nice was her appearance and the look of her eye.

She had a thinner waist than the (...) leaping,
Her hair was accordingly thick,
She had a brighter neck than snow on the mountainside,
And her face accordingly like the white blossom of the apples.

I will go on a pilgrimage to Croagh Patrick,
And back again to the Slieve Bawn (?)
Forever asking about my staid woman,
Who turn my heart inside to black coal.

My shoulders swelled to my ears,
And I got a clear, sharp notice from death,
There is no-one who heard my story at that time,
That didn't say that fair-haired Cassidy was a poor pity.

If I was a boatman how well I would sail
Everywhere my love mihgt be,
I would follow her through the drowning flood
And go from wave to wave.

I would squeeze her about her white waist
Or between my two arms however long the night,
And all I would ask of the King or mercy,
Is one kiss from the love of my life.

Tráchtaireacht

Is leagan é seo den amhrán 'An Caisideach Bán', a chum Tomás Ó Caiside nó a cumadh ina ainm. Rugadh é, meastar, i Leacht an Driseacháin, contae Ros Comáin, go luath san ochtú haois déag. Chuaigh sé isteach i mainistir Agaistíneach i mBéal Átha hAmhnais, contae Mhaigh Eo, ach díbríodh é, is léir, de bharr cumann grá a bhí aige le bean áitiúil. Léiríonn an t-amhrán seo an crá croí pearsanta a bhí á fhulaingt ag Ó Caiside agus é idir dhá thine Bhealtaine, idir an ceangal a bhí air mar mhanach Agaistíneach agus an dúil a bhí aige sna mná. Déanann sé cur síos ar an dúil a bhí aige i mbean álainn le mothú ciontachta céasta. Bhailigh Dubhghlas de hÍde véarsa a thugann le tuiscint gur mheall sé cailín i gcoill tar éis dó éisteacht lena faoistin. Féach Abhráin diadha chúige Connacht (2 iml., Londain agus BÁC, 1906), iml. 2, 175. In go leor leaganacha níos faide lorgaíonn sé trócaire ó Dhia sna véarsaí deiridh. Tá cuid de na véarsaí atá ar an taifeadadh seo ar fáil freisin in 'An Caisleán Gearr'. Féach Ríonach Ní Fhlathartaigh, Clár amhrán Bhaile na hInse (BÁC, 1976), 10-11. Le haghaidh tuilleadh eolais faoin amhrán seo féach: Mícheál agus Tomás Ó Máille, Amhráin chlainne Gaedheal (BÁC, 1905; eagrán nua le William Mahon, Amhráin chlainne Gael, Indreabhán, 1991), 20-2, 162; Dubhghlas de hÍde, Abhráin diadha chúige Connacht, 171-7; Eibhlín Bean Mhic Choisdealbha, Amhráin Mhuighe Seóla (BÁC, 1923), 89; Ríonach Ní Fhlathartaigh, Clár amhrán Bhaile na hInse, 10-11; agus Brian O'Rourke, Pale rainbow: an dubh ina bhán (An Charraig Dhubh, Co. Átha Cliath, 1990), 96-105. Tá leaganacha eile den amhrán againn i mbailiúchán Doegen ó Mhary Costello (Gaillimh) agus ó Phádraig Ó Baoighill (Dún na nGall).

Teideal i mBéarla: The dear brother of sorrows
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Pádraig Ó Néill as Co. na Gaillimhe
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 16-09-1930 ag 10:30:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh. Taifeadta ar 16-09-1930 ag 10:30:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1152g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 03:40 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1152g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 03:40 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1152g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 03:38 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1152g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 03:38 nóiméad ar fad.