Maidin fhómhair is mé ag triall go hEochaill - Brigid McEvey


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Maidin fhómhair agus mé ag triall go hEochaill
Cé casadh ar an mbóthar dom ach stór mo chroí;
Ba deirge liom a gruaidh ná cranna caorthanna
Agus ba mhilse liom a béal binn ná na ceolta sí.

Leag mé mo lámh ar a brollach ródheas
Agus d'iarr mé póg ar stór mo chroí;
Sé an rud a dúirt sí, "Stop agus ná stróic mo chlóca!
Tá nóisean mór ag bean an tí."

Níl sé ach móimint ó d'fhága mé Eochaill,
Agus tá náire mhór orm pilleadh ar ais,
Más ' son na póige atá tú ag dul go hEochaill,
Nach bhfuil (mian) do chroí agat in do chailín deas.

Níl sé ach móimint ó d'fhága mé Eochaill,
Agus is olc an treoir é (...),
Daoiní uaisle (an phoible) a (mothaíonns m'osna),
Nach an-olc an treoir í fear gan mian.

Gheall tú dhom agus rinne tú bréag liom
Go mbeinn(e) chomh gléastaí agad leis an (gcuach),
Go mbeadh[1] culaith shíoda ar dhath na sméara
'Gus marcach aerach chun an bhaile mhóir.

Ina áit sin tá mo dhá chois gheala ag siúl na sráide
'Gus an bráillín fáiscthe orm in áit na (...).

Dúirt tú go rabh caisleán agat ar lár do dhúiche,
Ní bhfuair mé romham ann ach bothán bó,
Tá mo chosa (ag rúscadh) ar maide an túirne,
Mo cheann crom fúm agus mé ag (gol an deoir).

Aistriúchán

As I was going to Eochaill one autumn morning
Who did I meet on the road but the love of my heart;
Her cheek was redder to me than the rowan-trees
And her melodious voice sweeter than fairy music.

I put my hand on her beautiful breast
And I asked a kiss of the love of my heart;
She said, "Stop and don't tear my cloak!
The woman of the house has a great notion."

It is only a moment since I left Eochaill,
And I am too ashamed to return again,
If it is for a kiss you are going to Eochaill
Don't you have your heart's desire in your lovely girl (?).

It is only a moment since I left Eochaill,
And it is a bad (...),
Noble people of the community hear my sigh,
And what a bad (...) is a man without desire.

You promised me and you lied to me
That you would have me as well-dressed as the cuckoo,
That I would have silk clothes the colour of the berries
And a lively rider to the big town.

Instead of that my two bright feet walk the street
And the sheet wrapped around me instead of the (...).

You said that you had a castle in the middle of your district,
I only found before me there a cowshed,
My feet are trouncing on the spinning wheel stick,
My head is bowed down and I am crying tears.

Fonótaí

Leg. mbeith? (Back)

Tráchtaireacht

Baineann na véarsaí seo le hamhrán a bhfuil teidil éagsúla air agus a bhfuil an iliomad leaganacha de le fáil ar fud Éireann. Tá sé an-choitianta i gcúige Uladh agus i gcúige Mumhan, mar a dtugtar 'Eochaill' nó 'Feochaill' air go minic. I leaganacha Ultacha luaitear logainmneacha mar Feochaill (contae Ard Mhacha), Leamhchoill (contae Mhuineacháin) agus Dromainn Tí (contae Ard Mhacha). Déantar tagairt freisin i leaganacha Ultacha áirithe do phríomhtheaghlach na nGael in Ultaibh, Clann Uí Néill. I leaganacha na Mumhan den amhrán luaitear na logainmneacha Eochaill agus Ceapach Choinn i gcontaetha Chorcaí agus Phort Láirge, agus ní dhéantar tagairt ar bith do Chlann Uí Néill. Is féidir féachaint ar an amhrán mar shampla den chineál amhráin ar a dtugtar pastourelle (féach Seán Ó Tuama, An grá in amhráin na ndaoine (BÁC, 1960), 23; idem, Repossessions (Corcaigh, 1995), 146). Le haghaidh leagain den amhrán as oirdheisceart Uladh mar aon le leabharliosta cuimsitheach féach Pádraigín Ní Uallacháin, A hidden Ulster: people, songs and traditions of Oriel (BÁC, 2003), 207-8, 516-7. Casann Pádraig Ó Gallchobhair (Tír Eoghain) na véarsaí tosaigh den amhrán 'Maidin Fhómhair' áit eile i mbailiúchán Doegen. Casann an t-amhránaí sean-nóis Nioclás Tóibín, as an Rinn, contae Phort Láirge, leagan den amhrán as cúige Mumhan ar Rinn na nGael (Cló Iar-Chonnacht, 1999). Le haghaidh eolais faoi na foinn a bhaineann leis an amhrán féach Dónal O'Sullivan, 'The Bunting collection of Irish folk music and songs 1', Journal of the Irish Folk Song Society 22 (1927), 105.

Teideal i mBéarla: As I was going to Eochaill one autumn morning
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Brigid McEvey as Co. Shligigh
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 18-09-1930 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh. Taifeadta ar 18-09-1930 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1158g3, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 01:26 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1158g3, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 01:26 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1158g3, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 01:23 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1158g3, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 01:23 nóiméad ar fad.