Bhí Mícheál Mac Suibhne - Seán Mac Confhaola


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

(Tráth nuair) a bhí an Suibhneach ar (Chnoc Bhéal Leice) ag breathnú i ndiaidh cupla caora a bhí aige chonaic sé duine uasal ag teacht chomh fada leis agus a chána ina láimh agus a chú lena thaobh. Agus nuair a tháinig sé (chun) láithreach d'fhiafraigh sé dhó an rabh a fhios aige cán áit a raibh an Suibhneach anseo.

Dúirt sé go raibh an Su-... "Anois, a bhuachaill," ar seisean, "agus tá sé imithe as baile agus ní bheidh sé ar ais go ceann míosa nó sé seachtainí. Agus dúirt sé liom nuair a bhí sé ag imeacht, ar seisean, dhá dtiocfadh duine uasal ar bith an bealach seo, ar seisean, fios a ainm a fháil. Agus cén t-ainm atá ort?"

"Mise Réalta Bun Finne," ar seisean, "as Bun Sliabh Finne."

"Ach a Réalta Bu-... An leat an mada?" ar seisean.

"(Liom, a dhuine)," ar seisean.

"A Réalta Bun Finne as Bun Sliabh Finne,
Cuir do shrón i bpoll tóna do mhada!
Agus thusa, a mhada chaoil an rubaill fhada,
Cuir do shrón i bpoll tóna do dhuine!
Tháini' sé sin an bóthar dhon (...),
Déanfaidh sé sin (rámhainn) (dhon) (...)ócas (tuirne) nó maide
A (mhúinfeas an bóthar dhuit) go dté tú abhaile."

Aistriúchán

Once when Sweeney was on Beleek Mountain (?) looking after a few sheep he owned he saw a gentleman coming towards him with a cane in his hand and his hound by his side. And when he came he immediately asked him if Sweeney was there.

"Now my boy," he said, "he has gone away from home and he won't be back for a month or six weeks. And he told me when he was leaving, he said, if any gentleman came this way, he said, to find out his name. And what is your name?"

"I am The Star of Bun Finne," he said, "from the foot of Sliabh Finne."

"Is that dog yours?" he said.

"It is, sir," he said.

"Star of Bun Finne from the foot of Sliabh Finne,
Stick your nose in your dog's arse!
And you, you long-tailed skinny narrow dog,
Put your nose in your owner's arse!
He came along the road to (...),
He will spade(?) (...) spinning wheel or a stick
Which will teach you the road until you go home."

Tráchtaireacht

Is cosúil go bhfuil gaol aige seo le cineál traidisiúnta scéil ar a dtugtar rannscéal, agus ina mbíonn rann i ndiaidh an scéil próis a dhéanann achoimre ar na heachtraí nó a chuireann conclúid leo, ar bhealach glic go minic. Tá an-tóir orthu sa traidisiún Gaelach, agus de ghnáth is le filí agus le filíocht á cumadh gan ullmhú a bhaineann siad. Féach Donald Haase (eag.), The Greenwood encyclopedia of folktales and fairytales (3 iml., Westport, Ct., 2008), iml. 1, 158. Baineann an sampla seo leis an bhfile pobail Mícheál Mac Suibhne (c.1760-c.1820), arbh as áit in aice le Conga i gcontae Mhaigh Eo dó ó dhúchas, agus a chaith mórán dá shaol i gConamara. Féach Máire Ní Mhurchú agus Diarmuid Breathnach, 1782-1881: Beathaisnéis (BÁC, 1999), 75. Ceann de na dánta is mó cáil uaidh ná an aoir ghreannmhar dar teideal 'Iorras Fhlonnáin', agus is cosúil gur aoir eile dá leithéid atá sa sampla anseo, cé gur leagadh mórán dánta nár chum sé féin air sa traidisiún béil le himeacht aimsire. Tá bailiúchán de na dánta a shamhlaítear le Mac Suibhne in Tomas Ó Máille, Mícheál Mac Suibhne agus filidh an tsléibhe (BÁC, 1934). Tá an file ina fheirmeoir nó ina aoire sa scéal, rud a thagann lena bhfuil ar eolas againn mar gheall ar a shaol féin mar scríobh sé dán dírbheathaisnéiseach ar conas mar a theip air agus é ag plé leis an gceard sin. Féach Fraincín Strae, 'An file as an bhFuinseanaigh', Scéala Éireann (19 Meitheamh, 1951), 2. Tá taifeadadh eile i mbailiúchán Doegen ón bhfaisnéiseoir céanna, Is éard a bhí sa Suibhneach, a bhféadfadh sé gurb é an dara cuid den scéal seo atá ann, cé nach bhfuil sé seo cinnte, mar go bhfuil an teanga doiléir agus nach bhfuil an téacs leanúnach. Más amhlaidh go bhfuil seo fíor, d'fhéadfaí a áireamh gur achrann fileata nó argóint fhileata atá sa dá cheann acu, cineál eile insinte atá coitianta i dtraidisiún béil na hÉireann. Féach Dáithí Ó hÓgáin, Myth, legend and romance (Nua-Eabhrac, 1991), 368.

Teideal i mBéarla: Michael McSweeney
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Seán Mac Confhaola as Co. na Gaillimhe
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 18-09-1930 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh. Taifeadta ar 18-09-1930 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1159g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 01:15 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1159g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 01:15 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1159g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 01:12 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1159g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 01:12 nóiméad ar fad.