Bean a bhí i mBéal Leice - Seán Mac Confhaola


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Bean a bhí i mBéal Leice. Agus bhí (...) seanfhile. Agus tháinig file as Condae Mhaigh Eo le trioblóid a chuir uirthi agus caint a bhaint aisti. Agus nuair a tháinig sé isteach bheannaigh sé. Bheannaigh sé isteach. Agus shocraigh an bhean cathaoir aige agus dúirt sí leis tóin a chuir uirthi sin. Shuigh sé síos ar an gcathaoir. Agus nuair a shuigh sé ar an gcathaoir chuir sé tóin ar an gcathaoir... ar an gcathaoir mar bhí sé (shuí)... ina shuí uirthi. D'fhiafraigh sí dhó cén t-ainm a bhí air.

"Is mise, tá m'ainm faoi mo thóin," ar seisean, "agus mo shloinne faoi mo mhuineál."

"Céad fáilte romhat," ar sise, "a Chathaoir Uí Chába."

Ina dhiaidh sin d'fhiafraigh sí dhó cá rabh sé ag goil. Dúirt sí le-... Dúirt sé léithi gur siar... gur soir a bhí a tharraingt ach gur siar a bhí sé ag goil.

"Éirigh suas," ar sise leis an gcailín, "agus cuir (píp bhia chuig) an fhear seo."

Nuair a bhí an bia caití dúirt an fear tobac (léis píosa) ar bhean an tí a bhí ansin.

"(Gur stróinse)," ar sise, "dhá cheann nó trí. Is beag an (cíos) dó sin."

"Cuirfidh mise (...)," ar seisean, "tobac (...) (gur stróinse) (...) teach ná tíobhas," arsa seisean, "nár (...) té a chuir an (cíos) sin air."

"Cuirfidh mise tobac i do phíopa," ar sise, "agus tubaiste an tí seo ortsa."

Aistriúchán

There was a woman in Beleek. And there was (...) an old poet. And a poet came from County Mayo to torment her and to get her talking. And when he came in he saluted. He came in and saluted. And the woman fixed a chair for him and she told him to put his bottom on that. He sat down on the chair. And when he sat on the chair he put his bottom on the chair... on the chair because he was sitting on it. She asked him what his name was.

"I am, my name is under my bottom," he said, "and my surname about my neck."

"A hundred welcomes to you," she says, "Cathaoir Ó Cába."

After that she asked him where he was going. She said to... He told her that is was west... that it was east he was heading but that it was west he was going.

"Get up," she said to the girl, "and give a (...) of food to this man."

When the food had been eaten the man sought tobacco after a while from the woman of the house who was there.

"(...)," she said, "two or three. That is little (...) for him."

"I will put (...)," he said, "tobacco (...) house or home," he said, "which isn't (...) one who put that rent(?) on him."

"I will put tobacco in your pipe," she said, "and the tragedy of this house on you."

Tráchtaireacht

Is iomaí scéilín atá le fáil faoi fhilí i mbéaloideas na hÉireann, agus is minic a fhaightear tomhais agus imeartas focal iontu. Sampla is ea an scéilín seo, ina bhfuil an file agus an ceoltóir Cathaoir Mac Cába (c.1670-1740), arbh as an Mullach i gcontae an Chabháin é. Tá sé bunaithe ar eachtra a ceapadh a tharla nuair a bhuail Mac Cába leis an gcruitire cáiliúil Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin den chéad uair. Bhain Mac Cába úsáid as imeartas focal chun tagairt fhileata a dhéanamh dó féin. Is amhlaidh a chiallaíonn a ainm baiste 'rud ar a suíonn duine' agus a shloinne 'clóca' nó 'coiléar'. Féach Desmond McCabe, 'MacCabe (Mac Cába), Cathaoir (Cahir)', in James McGuire agus James Quinn (eag.), Dictionary of Irish biography (9 iml., Cambridge, 2009), iml. 5, 747-8. Don sloinne Mac Cába, féach Patrick Woulfe, Irish names and surnames (BÁC, 1923), 324. Bailíodh roinnt samplaí den scéilín seo mórthimpeall na hÉireann, ó chontae Dhún na nGall go contae Chorcaí. Féach Gearóid Ó Murchadha, 'Eachtraí, véursaí agus paidreacha ó iarthar Chorcaighe', Béaloideas 3:2 (1931), 212-39: 220. Tá sampla as contae Dhún na nGall le fáil in NFC 1185: 624 i gCnuasach Bhéaloideas Éireann.

Teideal i mBéarla: There was a woman in Belleek
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Seán Mac Confhaola as Co. na Gaillimhe
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 18-09-1930 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh. Taifeadta ar 18-09-1930 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1159g2, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 01:39 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1159g2, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 01:39 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1159g2, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 01:37 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1159g2, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 01:37 nóiméad ar fad.