Shiúil mé Iorras Bheag - Seán Mac Confhaola


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Shiúil mé Iorras Bheag agus Iorras Mhór,
Iorras (Fhlannáin) nach bhfuil cóir,
Shiúil mé Iorras Bheag is Iorras Mhór,
Iorras Chlann Dónaill ó thuaidh,
(Nó gur trua anseo) mé anocht.
Anocht agus arís go brách
(B'fhearr liom doilfe) na mailí gruaim,
(Babh) olc é a ngnúis agus níor mhaith é a ndreach,
An dreach ba duibhe ná an gual,
An dreach nach mbeidh ar aingeal ná ar naomh,
Ná ar (aon duine) a roinnfeadh go cóir an bia.
An bia féin agus gan a fháilt le fonn,
Imíonn dúil agus fuaraíonn a theas;
Blas féin (d'ifreann níor bhlaisfeas)
(Go n-osclóidh cré le linn na bhfeart).

Aistriúchán

I walked Errisbeg and Errismore,
Errislannan which is not generous,
I walked Errisbeg and Errismore,
Errisclandonnell(?) to the north,
Until, sadly, I came to be here tonight.
Tonight and for ever more
I would prefer the gloom of the sad brows,
Their look was bad and their expression not good,
An expression which was darker than the coal,
An expression which no angel or saint will have,
Or anybody who would share food fairly.
When food is grudgingly given,
Desire for it goes and it grows cold;
Not even a taste of (hell) (...) (?)
Until the soil opens up (...).

Tráchtaireacht

Seo leagan giorraithe den amhrán aorach 'Eascaine Mhic Shuibhne' a chum an file Micheál Mac Suibhne (c.1760-c.1820) chun mallacht a chur ar phobal Iorras Fhlannáin, ar chósta theas Chuan an Chlocháin, contae na Gaillimhe. Ba i gConga, contae Mhaigh Eo, a rugadh Mac Suibhne ach chaith sé an chuid is mó dá shaol i gConamara. Bhí deacrachtaí aige teacht ar óstach fáiltiúil a sholáthródh lóistín oíche dó agus é in Iorras Fhlannáin. Ba é an gnáthnós sa traidisiún Gaelach lóistín a thabhairt do lucht taistil agus bhain tábhacht ar leith le baird nó filí taistil sa chás seo, toisc go bhféadfadh sé a bheith mar thoradh, mura dtabharfaí lóistín dá léithéidí, go gcumfaí dán aorach faoin duine nach raibh toilteanach sin a dhéanamh. Scríobhann Tomás Ó Máille go raibh Mac Suibhne chomh briogtha sin faoin easpa fáilte a cuireadh roimhe, gur chrom sé ar an bpointe ar an amhrán seo a chumadh, nuair a d'éirigh leis, faoi dheireadh, lóistín oíche a fháil. Tugann Ó Máille dhá leagan den amhrán chomh maith le sonraí beathaisnéise in Micheál Mac Suibhne agus Filidh an tSléibhe (BÁC, 1934), 14-20. Tá leagan de le fáil freisin in Mícheál agus Tomás Ó Máille, Amhráin chlainne Gaedheal (BÁC, 1905). Féach an t-eagrán nua le William Mahon: Amhráin Chlainne Gael (Indreabhán, 1991), 59-60. Tá leagan eile den amhrán le fáil in Ríonach Ní Fhlathartaigh, Clár amhrán Bhaile na hInse (BÁC, 1976), 206. Aithnítear an t-amhrán freisin mar 'Iorras Fhlonnáin' agus 'Eascaine Mhic Shuibhne ar Iorras Fhlannáin'. Le haghaidh tuilleadh sonraí beathaisnéise faoi Mhac Suibhne féach Fraincín Strae, 'An file as an bhFuinseanaigh', Scéala Éireann, 19 Meitheamh 1951, lch 2, agus Máire Ní Mhurchú agus Diarmuid Breathnach, Beathaithnéis 1782-1881 (BÁC, 1999), 75. Déanann Peadar Ó Máille (contae na Gaillimhe) leagan níos faide den amhrán seo a aithris ar rian eile i mbailiúchán Doegen.

Teideal i mBéarla: I walked to Errisbeg
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Seán Mac Confhaola as Co. na Gaillimhe
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 18-09-1930 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh. Taifeadta ar 18-09-1930 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1159g4, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 00:37 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1159g4, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 00:37 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1159g4, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 00:36 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1159g4, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 00:36 nóiméad ar fad.