Billie Touras (cuid 2); uimhreacha - Stiofán Ó hEilíre


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

(Do lean sí ar an) (...) é go dtáini' sé go doras an leasa. Agus nuair a tháini' sé[1] go doras an leasa do bhí sé imithe isteach go dtí an lios. Agus do dhún doras an leasa ina coinne. Do bhí sí ina seasamh taobh amuigh ' dhoras an leasa ansin agus do bhí sí ag éisteacht agus (ní raibh a fhios aici ar thalamh) (...) cad a dhéanfadh sí. Bhí a cuid olainne imithe uaithe agus lín. D'airigh sí an gleo istigh. Agus an bualadh agus an (...). Na mná a bhí istigh insa lios, do bhíodar ag bualadh an fhir a thug an obair ar fad chucu. Agus ní raibh a fhios aige cad a dhéanfadh sé. "Éistigí, a mhná," a dúirt sé. "Agus ná fuil a fhios agaibh go maith gur libh féin an méid abhrais athá anso. Gach uile shórt pioc de. Mar is (lú) a fhios ag 'Cúl le hAbhras' gur Billie Touras é m'ainmse." D'fhan mar sin. "Tá fios agam anois," a dúirt sí leastaobhmuigh, agus í ina seasamh taobh amuigh ' dhoras an leasa, "caidéarbh é a ainm."

( Then ) d'imigh sí léithe abhaile ansin. Agus d'fhan mar sin go dtáinig seachtain ón oíche sin aríst (uirthi). Agus nuair a tháinig seachtain ón oíche sin aríst uirthi ins an am céanna dh'oíche do d'imigh sí agus do shuigh sí síos ar a cathaoir. Agus d'fhan sí mar sin nó go dtáinig an fear chuici aríst, agus an t-ualach mór air. Gach uile shórt snáithe dá chuid olainne agus lín sníofa, cardáilte, fite agus é i gcóir chuig an táilliúra. Do leag sé gach snáithe dhe anuas ar an urlár ansin chuici. Agus do thóg sí a ceann suas agus d'fhéach sí air. Agus do dhein sí scairt gháire. "Muise, céad míle fáilte reomhat," a dúirt sí, "a Bhillie Touras, i t'ainm agus id shloinne!"

Do d'iompaigh Billie Touras ar an urlár agus a d'iompaigh sé amach arís, agus é go feargach ag imeacht leis ar n-ais. Agus is dócha nuair a ghaibh sé ar n-ais go dtí an lios aríst nach bhfuil fios cén bualadh do fuair sé nuair ná raibh olann ná líon ná pá ag dul ar n-ais aige. D'imigh sé leis ansin aríst (' dtáinig ansin).

**********

Aon. Dó. Trí. Ceathair. Cúig. Sé. Seacht. Hocht. Naoi. Deich. Haon ndéag. Dó dhéag. Trí déag. Ceathair déag. Cúig déag. Sé déag. Seacht déag. Hocht déag. Naoi déag. Fiche. Haon. Dó. Trí. Ceathair. Cúig. Sé. Seacht. Hocht. Naoi. Deich. Haon ndéag. Dó dhéag. Trí déag. Ceathair déag. Cúig déag. Sé déag. Seacht déag. Hocht déag. Naoi déag. Fichead. Haon fichead. Dó fichead. Trí fichead. Ceathair fichead. Cúig fichead. Sé fichead. Seacht fichead. Hocht fichead. Naoi fichead. Deich fichead. Dathad. Deich is dathad. Trí fichid. Deich is trí fichid. Cheithre fichid. Deich ar cheithre fichid. Céad.

Aistriúchán

She followed (...) him until he came to the door of the fort. And when [s]he came to the door of the fort he had gone into the fort. And the door of the fort closed in front of her. She was standing outside the door of the fort then and she was listening and she did not know (...) what she would do. Her wool was gone from her and her flax. She heard noise inside. And knocking and (...). The women who were inside the fort were hitting the man who had brought all the work to them. And he did not know what to do. "Listen, women," he said. "And don't ye know well that all the yarn here is your own. Every single pick of it. Because it is little that 'She Who Has Abandoned Her Yarn' knows that my name is Billie Touras." It stayed like that. "Now I know," she said outside, as she stood outside the door of the fort, "what his name [i]s."

(Then) she went off home then. And she stayed like that until a week after that night came upon her. And when a week after that night came upon her again at the same time of the night she went and she sat down on her chair. And she stayed like that until the man came to her again, with the great load on him. Every bit of thread of her wool and flax spun, carded, woven and ready for the tailor. He put every thread of it down on the floor to her. And she lifted her head and she looked at him. And she burst out laughing. "Well, a hundred thousand welcomes to you," she said, "Billie Touras, by name and by surname!"

Billie Touras turned on the floor and went out again, and angrily went off back. And I suppose that when he returned to the fort no one knows the beating he got when he returned without wool or flax or pay. He went off then again (...).

**********

One. Two. Three. Four. Five. Six. Seven. Eight. Nine. Ten. Eleven. Twelve. Thirteen. Fourteen. Fifteen. Sixteen. Seventeen. Eighteen. Nineteen. Twenty. One. Two. Three. Four. Five. Six. Seven. Eight. Nine. Ten. Eleven. Twelve. Thirteen. Fourteen. Fifteen. Sixteen. Seventeen. Eighteen. Nineteen. Twenty. One and twenty. Two and twenty. Three and twenty. Four and twenty. Five and twenty. Six and twenty. Seven and twenty. Eight and twenty. Nine and twenty. Ten and twenty. Forty. Ten and forty. Three score. Ten and three score. Four score. Ten and four score. One Hundred.

Fonótaí

Recte . (Back)

Tráchtaireacht

Tagann an chéad agus an dara cuid den scéal seo le chéile ina leagan den scéal idirnáisiúnta béaloidis ATU 500 The name of the supernatural helper. Tá aithne mhaith ar an scéal ar fud na hEorpa, na hÁise agus in áiteanna san Afraic. Féach Hans Jorg Uther, The types of international folktales: a classification and bibliography (3 iml., Helsinki, 2004). Is minic a thugtar Rumplestiltskin air i mbéal an phobail, ainm a thagann ón leagan Gearmánach den scéal a raibh an uimhir KHM 55 leis in Kinder und Hausmärchen 1 (Göttingen, 1812) leis na deartháracha Grimm. Bhí aithne mhaith ar an scéal in Éirinn, i gcúige Mumhan agus i gcúige Chonnacht go háirithe, agus rinneadh clárú leis ar roinnt leaganacha i gcúige Uladh agus i gcúige Laighean. Féach Seán Ó Súilleabháin agus Rieder Th. Christiansen, The types of the Irish folktale (Helsinki, 1968). Tá roinnt móitífeanna idirnáisiúnta béaloidis ann; ina measc seo tá N475 Secret name overheard by eavesdropper, H521 Test: guessing unknown propounder’s name agus D2183 Magic spinning. See Stith Thompson, Motif-index of folk literature (atheagrán méadaithe, 6 iml., Bloomington, Ind., 1955-8). Foilsíodh leagan den scéal seo faoin teideal 'Billy Teabhras' in Séamus Ó Duilearga, Leabhar Stiofáin Uí Ealaoire (BÁC, 1981), 92-4.

**********

Rinneadh taifeadadh ar an dara mír ar an rian seo, uimhreacha á n-aithris, ar mhaithe leis an bhfoghraíocht go príomhúil. Tá sé ar cheann de 30 mír dá leithéid i mbailiúchán Doegen.

Teideal i mBéarla: Billie Touras (part 2); numbers
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Stiofán Ó hEilíre as Co. an Chláir
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 18-09-1930 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh. Taifeadta ar 18-09-1930 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1162g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 02:41 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1162g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 02:41 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1162dd1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:41 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1162dd1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:41 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1162g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 02:38 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1162g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 02:38 nóiméad ar fad.