Conchúr an Dá Chaorach (cuid 2) - Seán Mac Giolla Bháin


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Ní rabh aon chionn sa pháirc nach rabh dhá ghiorria tráthnóna leis. Tháinig an ridire go dtí an tIarla: "Dar fia na mbeann, ní le haghaidh ár mbáis a tháinig sé."

"Ná bac leis," arsa an tIarla, "geobhfaidh mise réidh leis."

Thug sé síos é go dteachaigh sé isteach ar an oileán seo a bhí amuigh i lár an loch. Agus ní dheachaigh aon fhear isteach ariamh ar an oileán a thiocfadh amach beo (uadh) nach dtiocfadh páis... páist... péist as an loch a shlogfadh é. (...) sé suas dhá asal (...) agus plough le haghaidh an t-oileán a threabhadh agus a phlougháil.

Bhí go maith agus ní rabh go holc. Nuair a bhí sé... an chéad iarraidh a thug sé thart leis na hasail tháinig pa-... péist aníos as an loch agus sciob sí cionn dho na hasail uadh.

"Bhuel, dar fia na mbeann," arsa Conchúr, "má thigeann tú aríst," ar seisean, "ní imeoidh tú chomh slán."

An dara hiarraidh, bhí an t-asal ag goil á bháthadh agus ní rabh sé ábalta (ghoil) anonn agus anall ag tarraingt an phlough siar agus aniar agus gan é ábalta ghoil 'un tosaigh. (Tigeann) an phéist go (dtugadh) sí an dara hasal (uadh) agus nuair a chonaic Conchúr ag teacht í d'ardaigh sé an camán agus bhuail sé í. Rinn sé chomh modhúil í le gur chuir sé an tr(...) isteach uirthi. "A sheanasail," ar seisean, "níl maith ná maoin ionad ach tusa an cailín," ar seisean, "a thiontós suas agus a threabhas an t-oileán liomsa," ar seisean.

Bhuail sé air agus ní rabh sé i bhfad ná i ngearr go rabh an t-oileán tiontaithe suas aici le haghaidh a treabhadh. Nuair a bhí an t-oileán tiontaithe suas, "É féin agus a chuid asal," ar seisean, "ní tadaí iad," ar seisean, "le do thaobhsa."

Thiomáin sé suas í go dteachaigh sé suas ' tarraingt ar theach an Iarla. Ní rabh posta geata ná crann a bhí ag fás ar thaobh na mbóithrí nach rabh sí a tharraingt lena ruball thall agus abhus as an talamh agus ag leagaint achuile shórt roimpi.

"Bhí ag goil linne ariamh," arsa an tIarla, "go dtí anois," ar seisean. "Ach," ar seisean, "le haghaidh ár mbáis cinntí a tháinig sé," ar seisean, "agus caithfidh mise fáil réidh leis."

Gheall sé dhó go dtiúrfadh sé an tríú níon le pósadh dhó nuair a bheadh na trí dhuais astoigh aige.

"Tá go maith," arsa Conchúr, ar seisean, "ní bheidh sin i bhfad á ndéanamh agamsa," ar seisean.

"Bhuel anois," arsa... "Ó," arsa an tIarla, ar seisean, "buail an gearrán is fearr atá sa stábla sin thall isteach sa chairt ansin is gabh anonn go dtí an teach sin, an teach mór sin thall atá sa choill," ar seisean, "i mbun an chnoic agus tabhair anall cairt sclátaí leat," ar seisean. "Agus sin, nuair a bheas sin déantaí agad," ar seisean, "sin é an dara duais atá le fáil agad agus an tríothú duais bheadh mo níonsa agad."

Bhí go maith agus ní rabh go holc. Bhuail sé anonn agus céard a bhí astoigh sa ghleann uadhsan ach teach fathaigh. Agus suas leis i mullach an tseanbhildeáil mhór a bhí ansin ag cur anuas na sclátaí. Is nuair a chualaidh an fathach go rabh sé i mullach na bildeála d'fhuagair sé air a theacht anuas ansin nó céard a chas a leithide dho (ghrabachán) - dho bhuachaill - ann[1].

"Bí í do thost," ar seisean, "(...) (suí síos) (...) tusa a chaithfeas theacht aníos," ar seisean, "agus na sclátaí a chur síos chugam."

Tharraingíodh sé a anáil agus thiocfadh sé... bhí sé ag cur Chonchúir bhocht ar crith thuas ar an bhildeáil (...) a chuid anála dhá tharraingt agus dhá shúisteáil thuas i mullach an tseanbhildeáil.

"Bhuel," arsa Conchúr, "ach go dté mise síos go dtí thú," ar seisean, "(muirfidh)[2] mé go socair thú." Tharraing sé a chamán leis. "Gabh thusa suas anois," ar seisean, "agus cuir anuas na sclátaí," ar seisean.

Chuaigh an fathach suas dho léim amháin (...) féin go dteachaigh sé suas i mullach na bildeála. Agus nuair a chuaigh sé suas i mullach na bildeála thoisigh sé ag cur anuas sclátaí go rabh an gearrán bocht a dhroim dhá (shnaob)adh síos go dtí an talamh agus ní rabh an gearrán ábalta corrú.

"Bhuel," ar seisean, "(is deacair ordú)," ar seisean, "a leithide dho ghearrán ordú dhomsa," ar seisean, "nach bhfuil ábalta cairt sclátaí a thabhairt suas go dtí an doras chuige. Ach," (ar eisean, "tusa) is fearr a bhéarfas leat é," ar seisean. "Gabh isteach san chairt," ar seisean.

Bhuail sé le buille an fathach (dhon) chamán agus chuaigh sé isteach insa chairt go dtug sé suas an chairt agus an t-ualach go dtí an (...).

Aistriúchán

There wasn't one in the field which didn't have two hares at it in the evening. The rancher came to the Earl: "By heaven, it wasn't for our death he came."

"Don't mind him," said the Earl, "I will get rid of him."

He brought him down and he went into this island which was out in the middle of the lake. And no man ever went into this island who would come out of it alive whom a serpent from the lake wouldn't swallow. He (...) up two donkeys (...) and a plough to furrow and plough the island.

All was well and good. When he was... on his first time around with the donkeys a serpent came up out of the lake and snatched one of the donkeys from him.

"Well, by heaven," said Conor, "If you come again," he said, "you won't leave as safely."

The second time, the donkey was drowning and he wasn't able to go over and back pulling the plough over and back and he wasn't able to make progress (?). The serpent came to take the second donkey from him and when Conor saw it coming he lifted the hurley and hit it. He made it so obedient that he put the (...) into her. "You old donkey," he said, "you are useless but you are the girl," he said, "who will turn up and plough this island with me," he said.

Off he went and it wasn't long until it had the island turned over for ploughing. When the island was turned over, "Himself and his donkeys," he said, "they are nothing," he said, "compared to you."

He drove it up till he came up near the Earl's house. There wasn't a gate post or roadside tree which it didn't pull from the ground with its tail going over and back, and it knocked down all before it.

"We were always lucky," said the Earl, "until now," he said. "But," he said, "it is surely for the death of us he has come," he said, "and I must get rid of him."

He promised him that he would give him the third daughter to marry when he had the three prizes inside.

"That's fine," said Conor. "I won't be long doing that," he said.

"Well now," said... "Oh," said the Earl, "put the best gelding that is in that stable over there into that cart and go over to that house, that big house over there in the woods," he said, "at the foot of the hill and bring back a cart of slates," he said. "And when you have done that," he said, "that is the second prize which you can have and the third prize would be my daughter."

All was well and good. He went over and what was in the valley before him but a giant's house. And up he went onto the top of the old big building and he began taking down the slates. And when the giant heard that he was on top of the building he ordered him to come down then, and [asked] how such a brat as he (?) came to be there.

"Be silent," he said, "(...) sit down (...) it is you who must come up," he said, "to hand the slates down to me."

He was breathing and... he was making poor Conor shake up on the building (...) his breath was pulling and pushing him while he was on top of the old building.

"Well," said Conor, "if I go down to you," he said, "I will kill you easily." He raised his hurley. "You go up now," he said, "and send the slates down," he said.

The giant went up with one leap (...) up to the top of the building. And when he went up to the top of the building he started taking down the slates until the poor gelding's back was bent(?) down to the ground and was not able to move.

"Well," he said, "it is hard to order (?)," he said, "such a gelding (?)," he said, "that can't bring a cart of slates up to his door. But," he said, "you are the one who will best carry it with you," he said. "Get into the cart," he said.

He hit the giant with the hurley and he went into the cart and brought the cart and the load to the (...).

Fonótaí

Leg. ionn? (Back)
= marbhfaidh/maróidh? Cf. A. J. Hughes, Leabhar mór bhriathra na Gaeilge (Belfast, 2008), 250. (Back)

Tráchtaireacht

Tagann an chéad agus an dara cuid den scéal seo le chéile ina sampla den scéal idirnáisiúnta béaloidis ATU 650 Strong John. Is éard a bhíonn i gceist sa ghnáthleagan de seo ná fear óg a bhfuil an-neart ann, agus atá ag obair ag máistir a bhfuil eagla air roimhe. Cuireann an máistir cúraimí éagsúla ar an bhfear óg chun é a dhíbirt. Éiríonn leis an bhfear óg na cúraimí go léir a chur i gcrích, agus ar deireadh pósann sé iníon an mháistir. Tá an scéal an-choitianta ar fud na hEorpa, san Áis, i dtuaisceart na hAfraice agus i gcríocha Mheiriceá. Féach Hans Jorg Uther, The types of international folktales: a classification and bibliography (3 iml., Helsinki, 2004). Bhí an-tóir ar an scéal in Éirinn, agus rinneadh clárú air go mion minic ar fud na tíre. Féach Seán Ó Súilleabháin agus Rieder Th. Christiansen, The types of the Irish folktale (Helsinki, 1968). Ar na móitífeanna sa scéal tá F614.9 Strong man clears plain, F615 Strong man evades death, vain attempts to kill him agus F1099.6 Extraordinary plowing. Tá gaol ag móitíf an arrachta á chur faoin gcéachta le F615.2.3 Strong man sent for wild horses: brings them back, a fhaightear go minic in ATU 650A. Féach Stith Thompson, Motif-index of folk literature (atheagrán méadaithe, 6 iml., Bloomington, Ind., 1955-8).

Teideal i mBéarla: Conor of the two sheep (part 2)
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Seán Mac Giolla Bháin as Co. Mhaigh Eo
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 19-09-1930 ag 10:30:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh. Taifeadta ar 19-09-1930 ag 10:30:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1167g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 04:06 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1167g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 04:06 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1167dd1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 04:07 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1167dd1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 04:07 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1167g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 04:05 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1167g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 04:05 nóiméad ar fad.