An dochtúr óg agus an seandochtúr - Seán Ó Tuairisc


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Bhí dochtúr óg fadó ann agus seandochtúr. Tháinig glaoch ar an seandochtúr go rabh bean tinn ar an mbaile. Chuaigh an seandochtúr agus an dochtúr óg go dtí an áit a rabh an bhean tinn.

"Tá tú go han-dona," a deir an seandochtúr.

"Táim, go deimhin," a deir an bhean, "mé go han-dona tinn."

"D'ith tú oistrí," deir an dochtúr.

"Ó, d'itheas go siúráilte," a deir sise.

"Bhuel, ná hith aríst iad," deir seisean, "nó go dtuga mise ordú dhuit ar chuma ar bith."

"Déanfad sin," a deir an bhean.

D'imigh an dochtúr óg amach ansin agus an seandochtúr. Nuair a chuadar amach ar an tsráid, "Nach maith a bhí a fhios agad," a deir an dochtúr óg, "gur ith an bhean sin oistrí?"

"Mar chonaic mé na sliogáin faoin leaba," a deir an seandochtúr.

Faoi cheann dá lá ina dhiaidh tháinig glaoch ar an dochtúr óg arís go rabh fear tinn. Chuaigh an dochtúr óg ag breathnú air. Agus nuair a chuaigh is é an chéad áit a dtug sé súil isteach faoin leaba agus chonaic sé diallait capall leagthaí istigh faoin leaba.

"Tá tú go han-dona," a deir sé leis an bhfear a bhí tinn.

"Ó, táim," a deir an fear.

"Ó," a deir sé, "d'ith tú capall."

"Go deimhin, níor itheas, muise," a deir an fear. "Is beag an baol a bhí orm," a deir sé. "Ach níl aon mhaith leatsa i do dhochtúr ar chor ar bith!"

Aistriúchán

Long ago there was a young doctor and an old doctor. A call came for the old doctor that a woman was sick in the village. The old doctor and the young doctor went to where the sick woman was.

"You're very bad," said the old doctor.

"I am, indeed," said the woman, "I'm very very sick."

"You ate oysters," said the doctor.

"Oh, I most certainly did," she said.

"Well, don't eat them again," said he, "or until I tell you otherwise at any rate."

"I won't," said the woman.

The young doctor went out then with the old doctor. When they went out onto the street, "How on earth did you know," said the young doctor, "that that woman ate oysters?"

"Because I saw the shells under the bed," said the old doctor.

Two days after that a call came to the young doctor that a man was sick. The young doctor went to have a look at him. And when he did, the first place he glanced was under the bed and he saw a horse's saddle placed in under the bed.

"You're very bad," he said to the sick man.

"Oh, I am," said the man.

"Oh," he said, "you ate a horse."

"Well, I certainly did not," said the man. "I was hardly likely to," he said. "You're no good at all as a doctor!"

Tráchtaireacht

Sampla é an scéal greannmhar seo den scéal idirnáisiúnta béaloidis, ATU 1862C Diagnosis by observation. Rinneadh clárú air den chéad uair san Araib sa dara céad déag, agus ina dhiaidh sin san Eoraip sa chúigiú céad déag. Faightear ar fud na hEorpa anois é, agus rinneadh clárú air leis sna Stáit Aontaithe agus san Afraic Theas. Féach Hans Jorg Uther, The types of international folktales: a classification and bibliography (3 iml., Helsinki, 2004). Tá an scéal coitianta go maith in Éirinn agus aimsíodh i ngach cúige é. Féach Seán Ó Súilleabháin agus Rieder Th. Christiansen, The types of the Irish folktale (Helsinki, 1968). Is féidir catagóiriú breise a dhéanamh air: is sampla é den mhóitíf idirnáisiúnta béaloidis, J2412.4 Imitation of diagnosis by observation: ass’s flesh. Féach Stith Thompson, Motif-index of folk literature (atheagrán méadaithe, 6 iml., Bloomington, Ind., 1955-8).

Teideal i mBéarla: The young doctor and the old doctor
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Seán Ó Tuairisc as Co. na Gaillimhe
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 19-09-1930 ag 13:00:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh. Taifeadta ar 19-09-1930 ag 13:00:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1169g2, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 01:19 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1169g2, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 01:19 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1169dd2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:19 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1169dd2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:19 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1169g2, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 01:16 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1169g2, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 01:16 nóiméad ar fad.