Triúr mac na bardscolóige - Martin Mitchell


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Bhí triúr deartháir fadó ann is glaotaí orthu triúr mac na bardscolóige. Agus bhí trí (...) (uathub) agus ní raibh aon trí (...) le fáil acub ó aon duine ach ó Harry deas na leabhar a bhí (...). D'imigh an triúr agus níor tharraingíodar (...) nó go ndeachadar go Luimneach. (...) go dtí Harry. Agus d'iarr siad air... d'fhiafraigh siad dhó an dteastódh buachaillí... triúr buachaillí aimsire uaidh.

Dúirt sé, "Bhfuil aon cheird agaibh?" ar seisean.

"Tá," ar siadsan.

"Cén cheird athá agatsa?"

"Búisté(ara) aonraic," ar seisean.

"Cén cheird athá agatsa?" a deir sé.

"Siúinéaraí mé."

"Cén cheird athá agatsa?"

"Fear (teangacha) (...) san oíche."

"Teastaíonn sibh uaim," ar seisean.

Ar maidin lá arna mháireach dúirt sé leis an mbúistéaraí a ghoil amach agus an bullán a bhí insa stábla a mha-... a mharú, nach raibh aon fheoil acub le haghaidh an dinnéir. Bhuel, chuaigh an búistéaraí amach agus (...) (sé dhó) (...) (fháil réidh). Agus chuir sé air a bhríste agus chuir sé... bhain sé dhó aríst iad agus chuir sé air iad. Chuaigh Harry amach féacha-... féachaint an raibh aon fheoi-... an bullán marbh. Agus ní rabh. Bhí sé ag breathnú air ag baint a chuid éadaigh dhó agus dhá gcur air arís.

"Céard tá ort?" arsa Harry.

"Tá léine le m'athair orm agus léin-... léine le mo mháthair, agus níl a fhios agam cé acu mo mháthair nó m'athair, " a deir sé, "is gaire dhom."

"Nach t'athair?" a deir sé.

"Fear mé," ar seisean.

"Bhuel, tá dhá thrian dho t'athair ionat agus níl ionat ach trian dho do mháthair. Agus is... Ach dhá mba bean thú bheadh dhá thrian dho do mháthair ionat agus aon trian amháin dho t'athair.

Dúirt sé leis mbu-... leis an siúinéaraí a ghoil amach agus (rámhainn) a dhéanamh dhon mhaide a bhí san, ins an yard, sa tsráid. Agus chuaigh sé amach agus thóg sé an tua. (...) agus (...). Lig sé anuas arís go réidh é. Thóg sé aríst é agus lig sé anuas é. Tháinig sé amach (ina choinne is rug sé) (...).

"(Is maith)," a deir seisean.

"Níl," ar seisean. "Tá faistíos orm dhá dtóiginn mo láimh ró-ard," a deir sé, "agus dhá dtarraingínn mo sheanbhuille," a deir sé, "b'fhéidir (...) go mba (...) (talamh íochtair) is gaire dhom."

"Bhuel," a deir sé, "(...) an lár anois."

Agus sin é an fios a bhí uaidh sin. Thit an oíche is dúirt Harry... dúirt Harry, "Shíl mé," a deir sé, "go mba fear teangacha (thusa san oíche)."

"Bhuel, is ea," a deir sé, "ach níl a fhios agam cén (chuid is có)(...) dhom féin," a deir sé, "(nach) (...) (an tí)," a deir sé, "(...)."

"Bhuel," ar seisean, "(...) isteach ann," a deir sé, "(...) fear an tí," a deir sé, "fonn cainte air. Ná bain an chaint as a bhéal," ar seisean. "Tabhair cead cainte dhó," a deir sé. "Ach má bhíonn a cheann faoi aige agus gan é... gan é ag labhairt aon fhocal," a deir sé, "(...)," a deir sé, "agus (...)," a deir sé, "agus bíodh (...)," a deir sé. (Mar) sin é an stuif a (bhíonn) uaidh siúráilte."

Bhuel, ar maidin lá arna mháireach d'imigh... d'éalaigh an triúr amach le giolcadh an éin. Agus chuimhnigh Harry ansin go mbudh é an trí scéiméaraí (...) uathub. (...) Dúirt (sé lena fhear) éirí agus an capall is fearr a bhí insa stábla a thabhairt (léithi) agus na trí (...) a thabhairt abhaile aige ar chaoi ar bith. D'imigh sé ina ndiaidh agus d'airíodar ag teacht é. Ara, nuair a thosaíodar ag bualadh a chéile i lár an bhóthair chomh mear in Éirinn agus ab fhéidir leothu é tháinig sé suas.

"Céard tá oraibh?" ar seisean.

"Á, muise, ag troid faoi oidhríocht," a deir sé, "a d'fhágaibh m'athair againn."

"Cén... céard é?" ar seisean.

"Crann," ar siadsan.

"Céard d'fhág sé agatsa dhó?" a deir sé.

"D'fhág sé an méid a bhí faoi thalamh agus (...) (talúna) dhó," a deir sé, "(dhom)."

"Céard d'fhág sé agatsa dhó?" ar seisean.

"D'fhág sé an méid a bhí cam agus díreach agam dhó," ar seisean.

"Céard d'fhág sé agatsa dhó?"

"D'fhág sé an méid a bhí úr agus críon dó dhom," ar seisean.

"Bhuel, níl a fhios agam," a deir sé, "cé acu is... cé acu... cé acu is deise," a deir sé. "Cé agaibh is sine?" a deir sé.

"Níl a fhios agam," ar siadsan, "ach leanaim m'athair (...) agus níor chaill mé (grán) ná níor (...) mé (grán) ariamh agus (grán, chaill mé chuile ghreán acub is mé dho mo bhearradh féin.) (...). Agus (...)."

Aistriúchán

Translation in hand. Aistriúchán go Béarla idir lámha.

Tráchtaireacht

Seo leagan de scéal béaloidis a bhaineann, is cosúil, le contaetha na Gaillimhe agus Mhaigh Eo amháin, agus a gcuirtear 'Triúr Clainne na Bardscolóige' nó 'Triúr Mac na Bardscolóige' mar theideal air de ghnáth. Baineann sé le triúr mac a bhfuil ceisteanna neamhchoitianta ag dó na geirbe orthu, agus an t-aistear ar a dtéann siad ina dhiaidh sin chun freagraí a fháil ar na ceisteanna. Ní fhaightear é sna catalóga de scéalta idirnáisiúnta béaloidis, agus is cosúil nár cláraíodh é in Seán Ó Súilleabháin agus Rieder Th. Christiansen, The types of the Irish folktale (Helsinki, 1968) ach an oiread. Tá clárú déanta ar os cionn fiche leagan den scéal i gConamara, áfach, agus tá sé le fáil sa Bhailiúchán Náisiúnta Béaloidis i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Tá catalóg de na leaganacha ullmhaithe ag Ian Ó Catháin mar chuid de thráchtas dochtúireachta dar teideal 'Micheál Breathnach agus traidisiún na scéalaíochta in Iar-Chonamara' (Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach, 2011). Cuireadh dhá leagan eile de i gcló i bpaimfléid a d'eisigh Conradh na Gaeilge go luath san fhichiú haois, agus is cosúil gur tras-scríobh ar leaganacha béil a aithrisíodh ag comórtas bliantúil scéalaíochta an Oireachtais atá iontu seo. Féach Micheál Mhag Ruaidhrí, Triúr clainne na bard scolóige: sean scéalta ó Thír Amhalgadha (BÁC, 1914) agus Seosamh Laoide (eag.), Éan an cheoil bhinn (BÁC, 1908).

Cé go bhfuil an chuma air gur scéal Éireannach amach is amach atá ann, b'fhéidir go raibh tionchar ag an scéal idirnáisiúnta béaloidis, ATU 460B The journey in search of fortune air freisin. Féach Hans Jorg Uther, The types of international folktales: a classification and bibliography (3 iml., Helsinki, 2004). Baineann sé seo le fear óg a théann ar aistear chun ceist a chur ar an gCinniúint. Ar a shlí dó, buaileann sé le daoine eile a thugann breis ceisteanna dó le cur uirthi má éiríonn leis teacht uirthi. Éiríonn leis, agus cuireann sé na ceisteanna faoina bráid. Ar a shlí ar ais tugann sé na freagraí dóibh siúd ar bhuail sé leo níos luaithe. Níl an scéal an-choitianta in Éirinn, agus ní dhearnadh clárú ach ar dhornán beag de shamplaí. Bailíodh é i gcontaetha na Gaillimhe, Chorcaí, Chiarraí agus Dhún na nGall. Féach Seán Ó Súilleabháin agus Rieder Th. Christiansen, The types of the Irish folktale (Helsinki, 1968). Ach ós rud é nach bhfuil an scéal coitianta in Éirinn agus go bhfuil an plota difriúil go maith, is éard is dóichí ná gur beag de cheangal atá aige leis an scéal atá againn anseo.

Teideal i mBéarla: The three sons of the rustic poet
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Martin Mitchell as Co. na Gaillimhe
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 20-09-1930 ag 11:00:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh. Taifeadta ar 20-09-1930 ag 11:00:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1172g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 04:03 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1172g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 04:03 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1172g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 04:02 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1172g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 04:02 nóiméad ar fad.