Caitlín Builtéar - Tomás Ó Lócháin


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Bhí bean (an tslíomaire) thoir - ní rabh aici ach aon iníon amháin. Níor nigh sí cluas, níor chíor sí a ceann agus níor nigh sí a héadan ón oíche a rugadh í go dtí an lá a tháinig an duine uasal. Bhí mac ag an duine uasal. Agus in aois a bhliain agus fiche cuireadh é. Bhí sé féin agus a bhean go han-chaill-... uaigneach ina dhéidh. Bhíodh sé ag féachaint uirthi ag siúl an ghairdín, chuile lá, comh maith agus a bhí sé ariamh. Chuala sé caint ar an mbean seo agus tharraing sé uirthi. "Ní thabharfá abhaile mo mhac chugam," ar seisean.

"Bhuel, bhéarfainn," arsa an bhean leis, "ach níl mé in ann."

"Bhéarfaidh mise abhaile chugad é," arsa an iníon, ar sise, "má thugann tú le pósadh dhom é."

"Muise, níor mhaith liom a... Ba mhaith liom é a thabhairt abhaile chugam," ar seisean, "ach níor mhaith liom é a thabhairt... é pósadh."

"(...)," ar sise, "fág ansin é."

"Ar ghrá é a thabhairt abhaile chugam," ar seisean, "bhéarfaidh mé dhuit le pósadh é."

"Bhfuil fuil chaorach agad?" ar sise.

"Tá," ar seisean.

"An bhfuil (teara) agad?" ar sise.

"Tá," ar seisean.

"Bhfuil (bóth) agad?" ar sise.

"Tá," ar seisean.

"(Réidh ort)," ar sise, "agus (beidh mise i do) (...)."

Chuaigh sí amach agus chuaigh sí ag marcaíocht ar an gcapall, í féin agus é féin, agus thug sé ag an tsráid í. D'oscail sí an (teara) agus chuaigh sí isteach ann. D'oscail sí an mála (cruaidhe) agus rabhláil sí í féin ann. Fuair sí an craiceann éisc agus chuir sí ina (bheilt uirthi féin é).

"Tarraing amach do chapall anois," ar sise, "go dtéimis ag marcaíocht."

Tharraing sé amach a chapall.

"Agus téirigh ag marcaíocht air," ar sise.

Bhó! D'éirigh sé dho léim agus chuaigh sí ar an gcapall agus níor stop sí ariamh gur leaindeáil sí féin agus é féin i gcnoc éarlais.

"Bhfeiceann tú tadaí?" ar sise.

"Ní fheicim," ar seisean.

"Leog do ghualainn dheas ar mo ghualainn dheas," ar sise. Leog.

"Feicim mo mhac," ar seisean, "agus fág ag an lady óg é is breáchta ar fhéach mise ariamh uirthi," ar seisean.

"Bhuel, ní fhágfad," ar sise. "Níor tháinig mise insa journey," ar sise, "gan é a fháil le pósadh mé féin. Ní fhágfaidh mise ag an ropaire é," ar sise. "Druid amach anois," ar sise, "go labhraí mise leis."

Dhruid sé uaithi amach.

"A Chlaonáin óig," ar sise, "go mbeannaí Críost(a féinig).
Nach fada an steairt," ar sise, "a (tháinig as a déarfainn)
Thar Ceannainn anoir," ar sise, "faoi thoinne na caolbháiste.
Aithris dom," ar sise, "agus ná déan bréag liom.
Aithris dom," ar sise, " (i dtaobh Sheáin 'ic Séamais),
Nó tá Caitlín Builtéar," ar sise, "pósta réidh leis.
(...) sí (cróthar)," ar sise, "go gasta déantaí."

Goidé an searc ná an síorghrá," arsa an bhean istigh, "(a) thug tú féin dó," ar sise, "le go dtáinig tú fúm i gcnoc éarlais?"

Mar budh é (m'úllóir)," arsa an bhean amuigh, "agus mo (stocán) gréine. Ní fhágfaidh mé agatsa é," ar sise, "ná ag aon bhean eile in Éirinn."

Ansin a chrap Claonán a folt dá héadan. Dhearc agus d'fhéach uirthi.

"Tá do chóta," ar sise, "do (...) in éineacht,
Tá do chrios," ar sise, "do chraiceann éisc ort,
Gearr (a choill)," ar sise, "is (...) (t'éadain).
Agus (...) an ghrian fá thrí do scéimhe.
Ar tusa Mór uasal," ar sise, "nó ar tú Vénus?
Nó ar tú a (...) ó thuaidh," ar sise, "as cnoc an tsléibhe?
Aithrisím duit," arsa an bhean amuigh, "nach í a thug in éad mé,
Gurb iomaí mná maithe dhá n-éagmais in Éirinn,
Sé mo (...)," ar sise, "bláth na scéimhe,
Sé m'athair," ar sise, "(d'fhulaing d'éadain),
Thug an (t-úllóir) ó Vénus," ar sise, "torann is Éijipt"
Moithím torann an as(...)," ar sise, "curtha le chéilí.
Caisleáin ag titim," ar sise, "agus bothú ag pléascadh,
Coilltí eaglaise," ar sise, "agus iad á réabadh,
Mu' gcuire tusa amach chugam," ar sise, "Seán 'ac Séamais
Dóighfidh mé agus bruithfidh mé thú ins an domhnán céanna."

Aistriúchán

Translation in hand. Aistriúchán go Béarla idir lámha.

Tráchtaireacht

Is cosúil go bhfuil an scéal seo bunaithe ar fhinscéal an-choitianta mar gheall ar bhean a bhfuadaíonn an lucht sí í, agus a ndéantar í a fhóirithint ón saol eile. Ar na móitífeanna atá ann, tá F322.5 Rescue from fairyland, agus F322 Fairies steal man’s wife and carry her to fairyland. Is téama aithnidiúil é, agus faightear i luathlitríocht na hÉireann é. Féach Tom Peete Cross, Motif-index of early Irish literature (Bloomington, Ind., 1952). Baineann na gnáthleaganacha le fear a thagann i gcabhair ar bhean atá á fuadach, ach malartaítear na róil anseo, agus is í an bhean a dhéanann iarracht teacht i gcabhair ar an bhfear. Ina theannta sin, tá idir phrós agus véarsaíocht san insint anseo, rud a fhágann gur sampla de chantefable atá ann.

Tá amhrán clúiteach i mbailiúchán bailéad Child ón naoú céad déag dar teideal 39A Tam Lin, agus a bhaineann le hiarrachtaí mná fear a shaoradh ón slua sí. Féach Francis James Child, The English and Scottish popular ballads (5 iml., Nua-Eabhrac, 1965), iml. 1, 336-7. Féach leis E.B. Lyle, 'The ballad of Tam Lin and traditional tales of recovery from the fairy troop', Studies in Scottish Literature 6 (1969), 175-85. Faightear in Éirinn leis é, i bhfoirm chantefable go minic, agus meascán de phrós agus véarsaíocht nó amhráin ann. Féach Tom Munnelly, ''They're there all the same!': supernatural elements in narrative songs in the English language in Ireland', Béaloideas 60-1 (1992-3), 173-96: 181. Ní léir an iasachtaí ón mbailéad atá sa sampla anseo againn, nó an ar fhinscéalta coitianta atá sé bunaithe, ach tugann malartú na ról agus an struchtúr véarsaíochta le tuiscint go mb'fhéidir go raibh tionchar ag leaganacha na mbailéad air. Ar na móitífeanna idirnáisiúnta béaloidis atá sa scéal, tá F324.3 Youth abducted by fairy agus F322.5 Rescue from fairyland. Féach Stith Thompson, Motif-index of folk literature (atheagrán méadaithe, 6 iml., Bloomington, Ind., 1955-8).

Teideal i mBéarla: Kathleen Butler
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Tomás Ó Lócháin as Co. na Gaillimhe
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 21-09-1930 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh. Taifeadta ar 21-09-1930 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1176g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 04:15 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1176g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 04:15 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1176dd1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 04:15 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1176dd1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 04:15 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1176g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 04:13 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1176g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 04:13 nóiméad ar fad.