Leaganacha cainte; Condae Mhaigh Eo - Tomás Ó Lócháin


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Tá bairéad gorm orm.

Tá mo chraiceann (tirim).

**********

Tá loch ins an abhainn is an t-uisce ag dul fúithi,
Tá na coraíochaí líontaí, na daoine ag ól,
Tá an breac ann, tá an perch ann, tá an eascann 'na luigheamh ann,
Tá an tslat (...).
Tá chuile shórt eile dhá bhféadfá a chur síos ann,
sycamore, beech ann, crann giúsadh, fuinseog,
Tá ceoltaí na ngadhar ann is na marcaigh dhá (bhféadais)
Le héirí na gréine go n-éireodh do chroí.

Tá an smóilín, tá an dreoilín, ag freagairt a chéilí,
Tá an lon dubh, tá an chéirseach, ag guibhe is ag gol,
Dhá mbeifeá i do shuidheamh le taobh (Thobar Bhréanaigh),
Maise, chloisfeá chuile éan acu ag seinm is ag gleo.
Tá chuile shórt eile dhá bhféadfá a chur síos ann,
Tá sméarú is subh craobh ann is measú go leor,
Tá (eiltí) is tá muiltí ag obair gan scíth ann
Is ní íoctar pínn chíosa ann ná tada dhon tsórt.

Aistriúchán

I am wearing a blue hat.

My skin is dry(?).

**********

There is a (...) in the river and the water flows under it,
The nets(?) are filled, the people are drinking,
The trout is there, the perch is there, the eel is lying there,
The rod(?) is (...).
Everything else you could describe is there,
The sycamore and beech are there, the pine and the ash,
The sounds of the hounds are there and the riders (...)
At the rising of the sun your heart would leap.

The little thrush and the wren are answering each other,
The blackbird and the hen blackbird beseeching and wailing,
If you were sitting beside Tobar Bhréanaigh(?),
Musha, you would hear every bird singing and making noise.
Everything else you could describe is there,
There are blackberries and raspberries on branches there and plenty of fruit,
There are (...) and mills working continuously there
And not a penny of tax is paid there or anything of the sort.

Tráchtaireacht

Is cuid den amhrán 'Cill Liadáin', a chum Antaine Raiftearaí (Antoine Ó Reachtabhra, Anthony Raftery) (1799–1835), iad na véarsaí seo. Rugadh Raiftearaí i gCill Liadáin, gar do Choillte Mach, contae Mhaigh Eo, agus is ag moladh na háite sin atá an t-amhrán. Tugann Dubhglas de hÍde cúlra an amhráin, chomh maith le naoi véarsa de, in Abhráin agus dánta an Reachtabhraigh (BÁC, 1933; athchló 1935, 1969), 46-52. Tugann de hÍde dhá theideal: 'Cill-Aodáin' agus 'Condae Mhuigh-Eó'. Níor cheart é a mheascadh leis an amhrán 'Liostáil mé le sergeant' (al.'Contae Mhaigh Eo') a chasann Tomás Ó Dubhthaigh (Maigh Eo) ar rian eile i mbailiúchán Doegen. Tá leagan de 'Cill Liadáin' ar fáil in Ciarán Ó Coigligh, Raiftearaí: amhráin agus dánta (BÁC, 1987), 44-6, 172, 215. Soláthraíonn Ó Coigligh nodaireacht an cheoil don amhrán agus tá sé gar go maith don cheol a chastar ar an taifeadadh seo. Tá an fonn seo coitianta go leor agus baintear úsáid as d'amhráin eile, 'Caoirigh na Japs' mar shampla a bhfuil leagan de ar fáil ar Darach Ó Catháin (Gael-Linn, 1975, atheisithe ar dlúthdhiosca 2004).

Teideal i mBéarla: Miscellaneous phrases; County Mayo
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Tomás Ó Lócháin as Co. na Gaillimhe
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 21-09-1930 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh. Taifeadta ar 21-09-1930 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1179g2, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 01:33 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1179g2, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 01:33 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1179g2, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 01:30 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1179g2, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 01:30 nóiméad ar fad.