Och ó, Éire - Michael McKiernan


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

'Á mbeinn féin in Airde[1] Cuain,
In aice an tsliabh atá i bhfad bhuaim[2],
A Rí, gurbh aidhearach mo chuairt,
Go Gleann na gCuach Dé Domhna(igh).

Och ó, Éire uileag is ó,
Och ó, Éire leann dubh ó,
Éire, leann dubh agus ó,
Mo chroidhe trom is é leonta.

'Á mbeinn féin i (mBun Abhainn) Duinne,
Far a bheil[3] mo chairdean[4] uile,
Gheobhainn ól ann, ceol is sómas,
Bhéarfaidh mé (gaol le snuaidh) na hóige.

Och ó, Éire uileag is ó,
Och ó, Éire leann dubh ó,
Éire, leann dubh agus ó,
Mo chroidhe trom is é leonta.

'S iomdha Nollaig a bhí mé féin
Agus mé[5] ar beagán ciall,
Ag imir ar an tráigh bhán,
Is mo camán bán i mo dhoirne.

Och ó, Éire uileag is ó,
Och ó, Éire leann dubh ó,
Éire, leann dubh agus ó,
Mo chroidhe trom is é leonta.

'Á mbe(ith) agam ach báta[6] is rámh
Rachainn ar an tsnámh,
Le dúil as Dia go riginn[7] slán,
Go bhfaighinn bás in Éirinn.

Och ó, Éire uileag is ó,
Och ó, Éire leann dubh ó,
Éire, leann dubh agus ó,
Mo chroidhe trom is é leonta.

Aistriúchán

If I were in Ardicoan,
Near the mountain which is far from me,
Lord, my visit would be merry,
To Gleann na gCuach ('Cuckoo's Glen') on Sunday.

Och O, all Ireland, and O,
Och O, Ireland, sorrow, O,
Ireland, sorrow and O,
My heart is heavy and wounded.

If I were in Cushendun,
Where all my friends are,
I would get drink there, music and ease,
I would love the one with the youthful complexion (?).

Och O, all Ireland, and O,
Och O, Ireland, sorrow, O,
Ireland, sorrow and O,
My heart is heavy and wounded.

Many a Christmas was I,
With little sense,
Playing on the white strand,
With my pale hurley in my fists.

Och O, all Ireland, and O,
Och O, Ireland, sorrow, O,
Ireland, sorrow and O,
My heart is heavy and wounded.

If I only had a boat and oar
I would go to sea,
Hoping to God to arrive safely,
So that I could die in Ireland.

Och O, all Ireland, and O,
Och O, Ireland, sorrow, O,
Ireland, sorrow and O,
My heart is heavy and wounded.

Fonótaí

Leg. Ardaidh? (Back)
= uaim. Cf. Nils M. Holmer, On some relics of the Irish dialect spoken in the Glens of Antrim (Uppsala, 1940), § 65. (Back)
= mar a bhfuil. (Back)
= chairde. Cf. Art Hughes, 'Gaeilge Uladh', in Kim McCone et al., Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 611-60: 677. (Back)
Leg. mi? Cf. ibid., 683. (Back)
= bád/báda. Cf. Holmer, op. cit., 101. (Back)
I.e. go dtiocfainn. Cf. Patrick S. Dinneen, Foclóir Gaedhilge agus Béarla (BÁC, 1927, athchló 1996), s.v. rigim. (Back)

Tráchtaireacht

Luaitear an t-amhrán seo leis an bhfile Seán Mac Ambróis. Baineann sé le traidisiún amhránaíochta chontae Aontroma agus bailíodh go leor leaganacha de le linn don Ghaeilge a bheith beo fós i measc na ndaoine ansin. Dar le hÉnrí Ó Muirgheasa tá an file ar deoraíocht in Albain agus é faoi bhrón tar éis bhás a mhná céile. Cuireann an radharc atá aige as Albain ar shléibhte a cheantair dhúchais i gcontae Aontroma go mór lena chumha. Ba mhór leis filleadh abhaile chun bás a fháil in Éirinn. Féach Énrí Ó Muirgheasa, Dhá chéad de cheoltaibh Uladh (BÁC, 1934), 194-95. Bhailigh an Dr Eoin Mac Néill leagan de ó Shéamus Mac Amhlaibh, contae Aontroma, agus d'fhoilsigh in Irisleabhar na Gaedhilge 6 (Deireadh Fómhair 1895). Foilsíodh leagan eile de, a bhailigh Toirdhealbhach Ó Tuathail, in Irisleabhar Muighe Nuadhad (1914), 87-8. Pléann Seán Ua Cearnaigh an t-amhrán agus a chumadóir in 'Airdí Cuan agus an té a chum', Treoir 12:4 (1980), 23 (athfhoilsithe in Treoir 36:2 (2004), 18). Le haghaidh leaganacha eile den amhrán féach, mar shampla: Aoidhmín Mac Gréagóir, Siamsan na Beanna Fada ([BÁC], 1907), 33; Nils M. Holmer, On some relics of the Irish dialect spoken in the glens of Antrim (Uppsala, 1940), 94-7; agus Seán Óg agus Mánus Ó Baoill, Ceolta Gael (Corcaigh, 1975), 10-11. Tá díolaim de leaganacha den amhrán curtha le chéile ag Ciarán Ó Duibhín ina phlé ar thaifeadadh seo Doegen a bhfuil rochtain air ag http://www.smo.uhi.ac.uk/~oduibhin/doegen/mckiernan.htm. Tá an t-amhrán seo tras-scríofa freisin in Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic voices: bailiúchán Doegen 1931 (Belfast, 2010), 282-5.

Teideal i mBéarla: Alas, Ireland
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Michael McKiernan as Co. Aontroma
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 22-09-1931 ag 16:00:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. Taifeadta ar 22-09-1931 ag 16:00:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1202b2, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 01:46 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1202b2, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 01:46 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1202d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:46 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1202d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:46 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1202d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:45 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1202d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:45 nóiméad ar fad.