Oisín i ndiaidh na Féinne - Brian Mac Amhlaoibh


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Bhí Oisín i ndiaidh na Féinne ag siubhal ar tráigh Amhairc Dheirg[1] nuair a tháini' Pádraig chun a dhéin. D'fhiosraigh sé de goidé a rabh sé a dhéanamh ansin. Dúirt sé go rabh sé ag amharc bho[2] a chuid chromrádaithe[3] a tháinig go hAlbain... a chuaigh go hAlbain a throid.

"Ó," arsa Pádraig. "Chan bhfeic[4] tú iad achoíche. Tá siad marbh."

"Ó, cha dtig leo a bheith marbh."

"Ó, tá siad marbh," arsa Pádraig. "Thugainn[5] liomsa agus teiseánaidh[6] mise duid iad."

Ois-... Thug sé... Thug Pádraig é go hifreann[7] agus theiseáin sé dó iad ine hifreann[8] ag troid. Arsa... Arsa Oisín nuair a chonai' sé iad:

"Chan fhearr bhuafa[9] ná chucu;
Má mhaireas Goraidh agus Goll,
Diarmaid na Lann agus an tOrscrath,[10],
Baineann siad an lá go tea[11]."

Arsa Pádraig, "Beidh siad mar sin go héag. Go brách."

"Más mar sin é, tabhair mise leat agus baistigh mé, agus rachaidh mé leat."

Thug Pádraig eisean leis chun an tsruth. Agus nuair a bhí siad insa tsruth chuaigh spéic a chrosta[12] in cos Oisín. Agus chonaic Pádraig an uisc-... an t-uisce dearg le fuil. Agus tharraing sé an spéic as a chos.

"Goidé as[13] nachar... Goidé as nachar úirt[14] tú go rabh an spéic in do chos?"

"Shaoil mé gur den bhaisteadh é."

Agus thug Pádraig an spéic as a chos.

Aistriúchán

Oisín, the last of the Fenians, was walking on Red Bay strand when Patrick came up to him. He asked him what he was doing there. He said he was looking for his comrades who had gone to Scotland to fight.

"Ah," said Patrick. "You will never see them again. They are dead."

"They cannot be dead."

"Oh, they are dead," said Patrick. "Come with me and I will show them to you."

Patrick brought Oisín to Hell and he showed him them fighting in Hell. When Oisín saw them he said:

"It is best not to meddle with them;
If Goraidh and Goll survive,
And Diarmaid of the Blades and An tOrscrath,
They will win the day yet."

Patrick said, "They will be like that till death. Forevermore."

"If that is how it is take me with you and baptize me and I will go with you."

Patrick brought him to the stream. And when they were in the stream the spike of his cross went into Oisín's foot. And Patrick saw the water was red with blood. And he pulled the spike out of his foot.

"Why didn't you say that the spike was in your foot?"

"I thought it was part of the baptism."

And Patrick took the spike out of his foot.

Fonótaí

Don logainm seo féach an t-ábhar atá curtha i dtoll a chéile ag Ciarán Ó Duibhín ag http://www.smo.uhi.ac.uk/~oduibhin/doegen/mcauley.htm. (Back)
= ag amharc fá 'looking for'. (Back)
= chomrádaithe. Cf. Heinrich Wagner, Linguistic atlas and survey of Irish dialects (4 iml., BÁC, 1958-69), iml. 4, 284, nóta 6. (Back)
Cf. Nils M. Holmer, On some relics of the Irish dialect spoken in the Glens of Antrim (Uppsala, 1940), § 25. (Back)
= tar. Cf. Wagner, op. cit., 284, n. 8. (Back)
= taispeánfaidh. (Back)
Leg. hifearn? (Back)
= in ifreann. Cf. Wagner, op. cit., 284, n. 10. Cf. 'anna' in Art Hughes 'Gaeilge Uladh', in Kim McCone et al., Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 611-60: 658; 'ine' in Seosamh Laoide, Sgéalaidhe Óirghiall (BÁC, 1905), 139. (Back)
= uathu. Cf. Hughes, op. cit., 658. (Back)
Is cosúil gur leagan é seo den ainm Oscar. Féach an t-ábhar atá curtha i dtoll a chéile ag Ciarán Ó Duibhín, op. cit. (Back)
= go sea. (Back)
= chrosa/chroise. (Back)
Cf. Wagner, op. cit., 284, n. 14. (Back)
= nach ndúirt. Cf. Hughes, op. cit., 650-1. (Back)

Tráchtaireacht

Tá comhthéacs bunaidh an scéil seo le fáil sa chomhrá idir Naomh Pádraig agus Oisín in Acallam na senórach (Agallamh na seanórach), téacs a cumadh i ndeireadh an dara haois déag. Sa scéal sin maireann beirt de sheanlaochra na Féinne, Oisín agus Caílte, anuas go dtí aimsir Phádraig, agus insítear a gcuid comhráite. Féach Maurice Harmon, The dialogue of the ancients of Ireland: a new translation of Acallam na Senórach (BÁC, 2009). Bhí an-tionchar ag an scéal ar an traidisiún béil ní ba dhéanaí, agus d'fheidhmigh sé mar fhráma do mhórán scéalta.

Tá dhá chuid sa scéal áirithe seo: íomhá na Féinne in ifreann agus Oisín á bhaisteadh. Seans go bhfuil baint ag an gcéad chuid le móitíf idirnáisiúnta, J172 Account of punishments prepared in hell brings about repentance. Féach Stith Thompson, Motif-index of folk literature (atheagrán méadaithe, 6 iml., Bloomington, Ind., 1955-8). Ní sa scéal seo amháin a fhaighimid léiriú ar na Fianna agus iad i mbun troda in ifreann. Tá eilimintí de sheanscéal idirnáisiúnta uimh. 650A, Strong John, le fáil i scéalta eile a dhéanann cur síos ar Oscar nó ar Gholl agus súiste ollmhór ina láimh acu agus iad ag troid in aghaidh dheamhain ifreann le linn don chuid eile de na Fianna a bheith ag éalú. Féach Standish Hayes O'Grady, The story of Ireland (London, 1894), 33. Féach freisin Hans Jorg Uther, The types of international folktales: a classification and bibliography (3 iml., Helsinki, 2004). An dara móitíf, cos Oisín á polladh le bachall Phádraig, tá a bhunús le fáil sa chuntas Meán-Ghaeilge ar bheatha Phádraig atá le fáil sa Leabhar Breac (Leabharlann Acadamh Ríoga na hÉireann). Sa téacs sin déanann Naomh Pádraig a bhachall a shá trí chos Aonghuis, Rí Chaisil, agus fanann an rí ina thost toisc go gceapann sé gur cuid de shearmanas an bhaiste é. Féach Whitley Stokes, Betha Patraic, on the life of Saint Patrick, three Middle-Irish homilies (Calcutta, 1877), 33.

Tá tras-scríbhinn agus aistriúchán den rian seo le fáil freisin in Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic voices: bailiúchán Doegen 1931 (Béal Feirste, 2010), 286-9. Foilsíodh tras-scríbhinní ortagrafacha agus foghrúla in Heinrich Wagner, Linguistic atlas and survey of Irish dialects (4 iml., BÁC, 1958-69), iml. 4, 284. Tá leagan eile den scéal ón gcainteoir céanna le fáil in An tUltach 11:6 (1934), 7, agus tá cúpla leagan den scéal mar aon le nótaí curtha i dtoll a chéile ag an Dr Ciarán Ó Duibhín ar http://www.smo.uhi.ac.uk/~oduibhin/doegen/mcauley.htm.

Teideal i mBéarla: Oisín after the Fenians
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Brian Mac Amhlaoibh as Co. Aontroma
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 22-09-1931 ag 16:15:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. Taifeadta ar 22-09-1931 ag 16:15:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1203d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:10 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1203d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:10 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1203b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 02:11 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1203b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 02:11 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1203d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:09 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1203d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:09 nóiméad ar fad.