Cogadh na ngaiscíoch (cuid 2) - Brian Mac Amhlaoibh


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Chogain Oisín a ordóig agus chan ársann an ordóig a bheag dó. Bhí... bhí sé... bhí an chaint briste. Agus bhí sé... Chuaigh sé trasna na (creige), ar barr na creige, agus chonai'[1] sé dó dhéag fir ag teacht ina aghaidh. Fuirigh sé... D'fhuirigh sé nó gur tháinig siad chun a dhéin. D'fhiosraigh sé daofa goidé a bhí siad a dhéanamh anseo. Dúirt siad go rabh siad ag amharc bhó[2] máistir. D'fhiosraigh sé dófa goidé a thiocfadh leo a dhéanamh. Dúirt haon acu leis go thiocfadh leisean ársa rud ar bith a shiúil ar barr na creige sin le cúig bliana ina héis[3].

"Thusa... thusa an duine atá mise ag amharc bhó," arsa Oisín.

(D'fhiafraigh) sé de haon eile goidé a bhí sé... a thiocfadh seisean a dhéanamh. Dúirt sé go rabh seisean gadaí a thiocfadh leis rud ar bith a ghoid. Agus haon eile acu, dúirt sé leis go rabh seisean dreapaire go thiocfadh leis toil[4] suas... a thoil suas áit ar bith. Agus haon eile, thiocfadh leis báta[5] a dhéanamh ine[6] gcúig bhimide[7] a rachadh deich míle ine gcúig bhimide. Thug sé iad uile leis.

Agus chuaigh siad síos ar maidin[8] chun Coiscéim an Choiligh agus rinn... rinn sé báta - rinn sé seo báta. Agus chuaigh siad uile ar bord agus amach ar an fharraige. Agus bhí siad aige caisleán Leathduine ag a dó dhéag a chlog an lá arna mhárach.

Agus nuair a chonai' Leathduine go rabh siad ansin agus go rabh seisean (ceartaithe) dúirt sé leo nach dtiocfadh leis iad a dhíol(adh) dóigh ar bith nas[9] fhearr ná an dtiocfadh leofa an coileán a ghoid bhón phéiste a bhí insa chreig... insa chreig mhór. Agus dúirt an gadaí go goidfeadh seisean an coileán an dtabhar-... an dtiocfadh leis an dreapadóir é a thabhairt suas an chreig. Dúirt an dreapaire go dtiocfadh leis é a thabhairt suas. Agus thug an dreapaire... thug an dreapaire suas é chun an chreig - chun an nead.

"Má mhuscaileann sí marbhaidh sí ibh uile," arsa... arsa Leathduine.

Ach ghoid siad an coileán agus char mhuscail... char mhuscail siad an péiste.

Aistriúchán

Oisín chewed his thumb but the thumb told him nothing. The speech was broken. He went to the top of the crag and saw twelve men coming towards him. He waited until they came to him. He asked them what they were doing here. They said they were looking for a master. He asked them what they could do. One of them said he could give an account of everything that had walked on the top of that crag for the previous five years.

"You... you are the man I am looking for," said Oisín.

He asked someone else what he could do. He answered that he was a thief who could steal anything. And another one of them said he was a climber who could go up anywhere. And another one could make a boat in five minutes that would go ten miles in five minutes. He took them all with him.

And they went down in the morning to Coiscéim an Choiligh and he made a boat - this fellow made a boat. And they all went aboard and out to sea. And they were at Leathduine's castle at twelve o'clock the following day.

And when Leathduine saw that they were there and that he had been set right (?) he told them that he could pay them in no better way than if they could steal the pup from the monster who was in the crag... in the big crag. And the thief said that he would steal the pup if the climber could bring him up. The climber said he could bring him up. And the climber brought him up to the crag - to the lair.

"If it wakes up, it will kill you all," said Leathduine.

But they stole the pup and they did not wake the monster.

Fonótaí

= chonaic. Cf. Nils M. Holmer, On some relics of the Irish dialect spoken in the glens of Antrim (Uppsala, 1940), § 87. (Back)
= ag amharc fá 'looking for'. Féach Heinrich Wagner, Linguistic atlas and survey of Irish dialects (4 iml., BÁC, 1958-69), 284, nóta 5. Cf. Holmer, op. cit., § 65. (Back)
= ina éis. Tá an h sioctha. Féach Holmer, op. cit., § 53. (Back)
= goil/dul. Cf. Holmer, op. cit., § 90. (Back)
= bád(a). Cf. Holmer, op. cit., 101. (Back)
= in. Cf. Wagner, op. cit., 284, n. 10. Cf. 'anna' in Art Hughes, 'Gaeilge Uladh', in Kim McCone et al., Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 611-60: 658; 'ine' in Seosamh Laoide, Sgéalaidhe Óirghiall (BÁC, 1905), 139. (Back)
= bhomaite. Cf. Patrick S. Dinneen, Foclóir Gaedhilge agus Béarla (BÁC, 1927; athchló 1996), s.v. buimide. (Back)
I dtaca le fuaimniú ai i nGaeilge Aontroma féach Holmer, op. cit., § 25. (Back)
= níos. Cf. Dónall Ó Baoill, An teanga bheo: Gaeilge Uladh (BÁC, 1996), 146. (Back)

Tráchtaireacht

Is é atá i gcodanna 1 agus 2 den scéal seo ná breacinsint de scéal i bhfad níos faide ar a dtugtar 'Fionn agus Seacht gCatha na Féinne'. Féach Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic voices: bailiúchán Doegen 1931 (Béal Feirste, 2010), 294-7. Tá cur síos ann ar an gcaoi a gcuireann Fionn tasc i gcrích nó ar thurais a thugann sé le cabhair ó dhaoine éagsúla a bhfuil cumas thar an ngnách acu. Tá an scéal fada bunaithe ar scéal béaloidis idirnáisiúnta, ATU 513A Six go through the whole world. Féach Hans Jorg Uther, The types of international folktales: a classification and bibliography (3 vols, Helsinki, 2004). Bhí sé le fáil in Éirinn chomh luath leis an deichiú nó leis an aonú haois déag. Féach Dáithí Ó hÓgáin, Myth, legend and romance (New York, 1991), 72. Scéal é a raibh an-tóir air ar fud na hÉireann, de ghnáth i gcomhthéacs na Fiannaíochta. Féach Seán Ó Súilleabháin agus Rieder Th. Christiansen, The types of the Irish folktale (Helsinki, 1968). Foilsíodh leagan den scéal seo ón gcainteoir céanna in An tUltach 11:6 (1934), 7. Tá leaganacha eile agus eolas breise curtha i dtoll a chéile ag an Dr Ciarán Ó Duibhín ar http://www.smo.uhi.ac.uk/~oduibhin/doegen/mcauley.htm.

Teideal i mBéarla: The warriors' war (part 2)
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Brian Mac Amhlaoibh as Co. Aontroma
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 22-09-1931 ag 16:30:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. Taifeadta ar 22-09-1931 ag 16:30:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1204d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:26 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1204d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:26 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1204b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 03:26 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1204b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 03:26 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1204d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:25 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1204d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:25 nóiméad ar fad.