An págánach agus an Críostaí - Seán Mag Uidhir


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Págánach agus Críostaí, chuaigh amach a bhádáil lá amháin. Thit an Págánach amach as an mbád ins an uisce agus chuaigh sé síos chuig bun an uisce. Tháinig sé aníos chuig uachtar an uisce agus ar seisean leis an Chríostaí, "Sábháil mé!"

"An gcreideann tú i nDia (an uile chumhachta)?" arsa an Críostaí leis an Phágánach.

"Ní chreidim," ar seisean.

"Bhuel, síos leat arís."

Chuaigh sé síos agus chuaigh sé síos chuig bun an uisce agus tháinig sé anuas[1] an darna uair agus, "Sábháil mé! Sábháil mé!" ar seisean leis an Chríostaí.

"An gcreideann tú i nDia (an uile chumhachta) anois?"

"Ní chreidim," ar seisean.

"Bhuel, síos leat aríst," ar seisean.

Chuaigh sé síos agus an treas uair nuair a tháinig sé chuig barr an uisce bhí sé dhá thachtadh. "Ó, sábháil mé! Sábháil mé! Sábháil mé!" ar seisean leis an gCríostaí.

"An gcreideann tú i nDia (an uile chumhachta) anois?" ar seisean.

"Ó, creidim," ar seisean.

"Bhuel, síos leat anois," ar seisean, "nuair atá do intinn maith agat is tá (dúil as Dé agam) go mbeidh d'anam sábháilte."

Aistriúchán

A Pagan and a Christian went out boating one day. The Pagan fell out of the boat into the water and he went down to the bottom of the water. He came up to the surface of the water and said to the Christian, "Save me!"

"Do you believe in God almighty?" said the Christian to the Pagan.

"I don't," he said.

"Well, down you go again."

He went down, and down he went to the bottom and he came [up] a second time and, "Save me! Save me!" he said to the Christian.

"Do you believe in God almighty now?"

"I don't," he said.

"Well, down you go again," he said.

He went down and the third time when he came to the surface of the water he was choking. "Oh, save me! Save me! Save me!" he said to the Christian.

"Do you believe in God almighty now?" he said.

"Oh, I do," he said.

"Well, down you go now," he said, "now that your mind is pure and I hope to God that your soul will be saved."

Fonótaí

Recte aníos. (Back)

Tráchtaireacht

Tá téama seo na gCríostaithe ag bualadh bob nó ag fáil an ceann is fearr ar phágánaigh ina théama coitianta i bhfad siar sa traidisiún Gaelach. Tá cuid mhaith scéalta i naomhsheanchas luath na Gaeilge go háirithe ina dtreascraíonn Críostaithe págánaigh, agus is minic a chuirtear iallach orthu nó a áitítear orthu iompú ina gCríostaithe. Tá cuntais againn ó naomhsheanchaithe mar Muirchú agus Tíreachán ina dtaispeántar Naomh Pádraig ar an gcuma seo. Féach Aideen O'Leary, 'An Irish apocryphal apostle: Muirchú's portrayal of Saint Patrick', Harvard Theological Review 89 (1996), 287–301, agus Ludwig Bieler, The Patrician texts in the Book of Armagh (Dublin, 1979). Mhair scéalta dá leithéid i dtraidisiún béil na linne seo. Tá innéacs de fhabhalscéalta ina mbeireann naomh bua ar thaoiseach págánta le fáil i saothar ceannródach Mháire Mac Néill, The festival of Lughnasa (Oxford, 1962), ó leathanach 433 ar aghaidh. Tá roinnt scéalta dá leithéid le fáil in 'Scéalta cráibhtheacha' le Seán Ó Súilleabháin, Béaloideas 21 (1951-2), 325-6. Is cosúil go bhfuil gaol ag an scéal atá faoi chaibidil againn anseo ina théama ginearálta leis na hinsintí sin. D'fhéadfaí a áireamh leis go mbaineann sé le móitíf V331.2 Conversion to Christianity upon pain of death, in Motif-index of folk literature (atheagrán méadaithe, 6 iml., Bloomington, Ind., 1955-8) le Stith Thompson.

Tá tras-scríobh ar an scéal seo in Heinrich Wagner agus Colm Ó Baoill, Linguistic atlas and survey of Irish dialects (4 iml., BÁC, 1958-69), iml. 4, 302, agus in Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic voices: bailiúchán Doegen 1931 (Béal Feirste, 2010), 308-11. Tá leagan eile leis in Éamonn Ó Tuathail, Seanchas Ghleann Ghaibhle, forlíonadh le Béaloideas 4:4 (1934), 17.

Teideal i mBéarla: The pagan and the Christian
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Seán Mag Uidhir as Co. an Chabháin
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 23-09-1931 ag 16:30:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. Taifeadta ar 23-09-1931 ag 16:30:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1206d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:04 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1206d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:04 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1206b2, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 01:04 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1206b2, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 01:04 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1206d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:03 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1206d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:03 nóiméad ar fad.