An Fhaoistin Choiteann (seanleagan) - Seán Mag Uidhir


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Aidím[1] dhuitse, a Dhia Móire[2],
Dho NaomhMuire atá (ariamh 'na hÓighe),
Naomh Mícheál Ardaingeal, Naomh Peadar agus Pól
Agus naomhpátrún Pádraig agus gach aon naomh eile
Gur peacach bocht mé ' pheacaigh go trom trom
Le droch-smaointí[3], drochghníomharthaí agus le cion faillí,
Ach anois, ar an ábhar sin, tá mé ag iarraidh maithiúnas ar an Athair Síoraí,
Agus ortsa m'athair faoistin',
Ó uair mo bhaistidh go huair mo bháis.

Aistriúchán

I confess to you, almighty God,
To Holy Mary ever Virgin,
To Saint Michael the Archangel, Saints Peter and Paul,
And our patron saint Patrick and every other saint,
That I am a poor sinner who has greatly sinned
Through evil thoughts, evil deeds and sins of omission,
But now, for that reason, I seek forgiveness of the Eternal Father,
And of you my father confessor,
From the time of my baptism until the hour of my death.

Fonótaí

= Admhaím. Cf. Éamonn Ó Tuathail, Seanchas Ghleann Ghaibhle, forlíonadh le Béaloideas 4:4 (1934), 30. (Back)
= A Dhia mhóir / A Dhia mhórdha? (Back)
Leg. smaoití? Cf. Dónall Ó Baoill, An teanga bheo: Gaeilge Uladh (BÁC, 1996), 149. (Back)

Tráchtaireacht

Tá leagan den phaidir seo ón gcainteoir céanna le fáil in Éamonn Ó Tuathail, Seanchas Ghleann Ghaibhle, forlíonadh le Béaloideas 4:4 (1934), 30.

Teideal i mBéarla: The Confiteor (old version)
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Seán Mag Uidhir as Co. an Chabháin
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 23-09-1931 ag 16:30:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. Taifeadta ar 23-09-1931 ag 16:30:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1206d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:34 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1206d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:34 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1206b3, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 00:34 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1206b3, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 00:34 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1206d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:31 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1206d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:31 nóiméad ar fad.