An samhradh daor - Seán Mag Uidhir


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Ar an ngleanntán sléibhe seo d'imigh an léanscrios,
Níor chónaigh éan ann le corradh is bliain,
Breac ní léimfidh ar linn go héag ann,
Le (cumha) is le buaireamh[1] mar a d'athraigh an saol.

Na scológaí láidir go raibh san áit seo,
A mbíodh ór 'na (mhámaí) acu (i dtoighthe na tír'),
Bíonn siad féin is a bpáistí ag gol is ag gárthach,
"Ó, cé bhfaighidh muid áras ag teacht na hoích'?"

Na gabhair ghléigeala a bhíodh fán choill gach aon lá
Is na húthacha ag pléascadh orthu teacht na hoích'
'Gus na caoirigh maola a bhí fá bharr an tsléibhe,
Ghoid siad óna chéile iad ar an tsamhradh (daor).

Aistriúchán

In this little mountain glen the devastation took place,
No bird has lived there for more than a year,
No fish will ever again leap out of the water there,
Due to sorrow and vexation at how life changed.

The strong young men who dwelt in this place,
Who had plenty(?) of gold in the houses of the land (?),
They and their children cry and shout out,
"Oh, where will we find shelter when night comes?"

The white goats who used to be in the woods everyday
And their udders ready to burst when night fell
And the shorn sheep who were up at the top of the mountain,
They stole them from one another when the harsh(?) summer came.

Fonótaí

Leg. baeireadh? Cf. Éamonn Ó Tuathail, Seanchas Ghleann Ghaibhle, forlíonadh le Béaloideas 4:4 (1934), xiv, n. 9. (Back)

Tráchtaireacht

Seo amhrán a chum uncail leis an bhfaisnéiseoir reatha, Seán Mag Uidhir. Féach Éamonn Ó Tuathail, Seanchas Ghleann Ghaibhle, forlíonadh le Béaloideas 4:4 (1934), 35 agus 49.

Teideal i mBéarla: The harsh summer
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Seán Mag Uidhir as Co. an Chabháin
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 23-09-1931 ag 17:00:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. Taifeadta ar 23-09-1931 ag 17:00:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1207d5, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:50 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1207d5, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:50 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1207b5, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 00:50 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1207b5, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 00:50 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1207d5, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:43 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1207d5, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:43 nóiméad ar fad.