Scéal an arbhair - Eilis Ní Chleircín


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Bhí Seán 'ac na Mí[1] lá amháin agus bhí sé ag baint arbhair. Agus Lá 'le Mícheál a bhí insa lá. Agus bhí sé gaothach. Bhí gaoth ard[2] ann. Agus bhí an t-arbhar... na gráinneacha sa... (shéid) siad suas chun a bhéil, 'un a aghaidhe. Agus sheasaigh sé suas agus bhí an corrán ina lámh aige agus ar seisean, "Séid, séid, Mícheál na Gaoithe. Sé do dhúshlán an cothán a thabhairt leat."

Aistriúchán

John MacNamee was harvesting corn one day. And it was Saint Michael's Day. And it was windy. There was a strong wind. And the corn was... the grains were in... they blew up to his mouth, to his face. And he stood up and he had the sickle in his hand and he said, "Blow, blow, Michael of the Wind. Your challenge is to take the chaff with you."

Fonótaí

= Mac Con Mí/Midhe. (Back)
Leg. aird? (Back)

Tráchtaireacht

Ar an 29ú lá de mhí Meán Fómhair, Lá Fhéile Mhíchíl, a tharlaíonn an scéal seo. Ag an tráth seo den bhliain a bhaintear arbhar, rud a mhíneodh, b'fhéidir, na tagairtí dó seo sa scéal, ach is minic a shamhlaítear seanchas mar gheall ar an aimsir agus pearsantú ar an ngaoth le Lá Fhéile Mhíchíl. D'fhéadfadh sé gur tógadh ar iasacht é ón seanchas a bhaineann le Lá Fhéile Naomh Parthalán, an 24ú lá de mhí Lúnasa. In Éirinn, samhlaíodh an fhéile seo go mór le lucht bainte arbhair agus d'ullmhaítí súistí don fhómhar a bhí le teacht. Deirtí gurbh é 'Beartlaí na Gaoithe', Naomh Parthalán agus é tar éis gaoth a dhéanamh de féin agus é ag bualadh arbhair i bpáirceanna le bainteoirí leisciúla, ba chúis le gaotha láidre ar an lá. Féach Kevin Danagher, The year in Ireland (BÁC, 1972), 179.

Tá tras-scríobh ar an mír seo leis in Heinrich Wagner agus Colm Ó Baoill, Linguistic atlas and survey of Irish dialects (4 iml., BÁC, 1958-69), iml. 4, 285, agus in Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic voices: bailiúchán Doegen 1931 (Béal Feirste, 2010), 336-7.

Teideal i mBéarla: The story of the corn
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Eilis Ní Chleircín as Co. Dhoire
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 23-09-1931 ag 19:00:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. Taifeadta ar 23-09-1931 ag 19:00:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1208d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:46 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1208d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:46 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1208b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 00:46 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1208b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 00:46 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1208d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:45 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1208d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:45 nóiméad ar fad.