Scéal Mháirí Bheag Ní Cheallaigh - Eilis Ní Chleircín


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Bhí Máirí Bheag Ní Cheallaigh (aon) lá amháin agus fuaigh sí isteach go toigh (Th)adhg (Ma)g Alastair. Agus bhí Tadhg 'na shuí ag an tinidh agus bhí sé ag caoineadh. Agus arsa Máirí leis, "Thadhg, a chroidhe, goidé tá contráilte leat?"

Agus ar seisean léithe, "Á, a Mháirí, a chroidhe, chaill mé mo shean(dhuine) mhuinteartha, mo fhiacail."

"Á, ná bí buartha ina thimcheallt, ná bí ag caoineadh na thimcheallt. B'fhéadar gur... B'fhéadar nach rabh sí ceann mhaith. An rabh sí ag crathadh ag an bhun?"

Aistriúchán

One day Little Mary Kelly went into Tadhg McAllister's house. And Tadhg was sitting by the fire and he was crying. And Mary said to him, "Tadhg, my dear, what's wrong with you?"

And he said to her, "Ah, Mary, my dear, I lost my old friend, my tooth."

"Ah, don't fret about it, don't cry about it. Maybe... Maybe it wasn't a good one. Was it shaking at the root?"

Tráchtaireacht

Is éard atá san ábhar i mbailiúchán Doegen a bailíodh ó Eilis Ní Chleircín ná roinnt scéilíní gearra ar aon dul leis an scéilín thuas, a insíodh, is cosúil, mar scéilíní grinn nó chun siamsa a dhéanamh. Níl an chuma ar an scéal go bhfuil aon tábhacht níos mó ná sin leo ó thaobh an bhealoidis de.

Tá tras-scríobh ar an mír seo leis in Heinrich Wagner agus Colm Ó Baoill, Linguistic atlas and survey of Irish dialects (4 iml., BÁC, 1958-69), iml. 4, 285, agus in Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic voices: bailiúchán Doegen 1931 (Béal Feirste, 2010), 338-9.

Teideal i mBéarla: The story of little Mary Kelly
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Eilis Ní Chleircín as Co. Dhoire
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 23-09-1931 ag 19:00:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. Taifeadta ar 23-09-1931 ag 19:00:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1208d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:39 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1208d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:39 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1208b3, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 00:40 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1208b3, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 00:40 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1208d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:39 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1208d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:39 nóiméad ar fad.