Ortha an dúireagáin - Eoin Ó Cianáin


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Ortha a chuir Muire ar shúil Cholm Cille, ar bhrobh nó ar bhraoinín, ar dhusta áithe nó ar cháithleach muilinn. Guidhim-sa Muire cé ar bith a bhíos insa tsúil sin go dtig sé isteach in mo bhéalsa le sochar don tsúil sin agus gan dochar do mo bhéalsa.

Aistriúchán

A blessing Mary put on the eye of Colm Cille, against(?) a blade of grass (?) or a little drop, dust from the fire (?) or the chaff from a mill. I pray to Mary that whatever is in that eye will go into my mouth to the benefit of the eye and not to the detriment of my mouth.

Tráchtaireacht

Faightear orthaí, agus orthaí a bhaineann le deasghnátha leighis go háirithe, go coitianta i dtraidisiún na hÉireann. I mórán acu seo, glaotar ar phearsana reiligiúnacha agus ar naoimh, agus is cosúil gur sampla maith den sórt sin atá anseo againn. Is minic a fhaightear ina leithéid friotal doiléir nó ársa, nó tagairtí d'fhinscéal nó do scéal a sholáthraíonn comhthéacs nó réamhchoinníoll a mhíníonn an cneasú atá san ortha, mar dhea. Tá samplaí eile mar seo ón traidisiún in Áine Ní Chróinín, 'Orthaí agus paidreacha ón Rinn', Béaloideas 3:4 (1932), 427-31, agus in Ó Súilleabháin, 'Cnuasacht orthaí agus paidreacha ó Chiarraí', Béaloideas 3:3 (1932), 356-8. Téann an traidisiún i bhfad siar in Éirinn, agus tá samplaí d'orthaí chun scealpa, dealga agus earraí coimhthíocha eile a bhaint amach faighte i lámhscríbhinní mar an Codex Sangallensis agus Leabhar Aifrinn Stowe, de chuid na meánaoise luaithe, roimh an deichiú céad. Féach Patrick Logan, Irish folk medicine (Béal Feirste, 1981), 112.

Tá tras-scríobh ar an mír seo leis in Heinrich Wagner agus Colm Ó Baoill, Linguistic atlas and survey of Irish dialects (4 iml., BÁC, 1958-69), iml. 4, 291.

Teideal i mBéarla: The charm of the mote
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Eoin Ó Cianáin as Co. Thír Eoghain
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 24-09-1931 ag 11:00:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. Taifeadta ar 24-09-1931 ag 11:00:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1209d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:25 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1209d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:25 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1209b3, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 00:25 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1209b3, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 00:25 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1209d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:24 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1209d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:24 nóiméad ar fad.