An seanduine agus an dlítheamhnach - Eoin Ó Cianáin


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Seanduine[1] agus an dlítheamhnach[2].

Bhí seanduine insa tír seo agus bhí a lán airgid aige. Agus bhí sé comh... an oiread sin spéis aige ins an airgead go gcoinneochadh sé é ar thábla insa... aige[3] fuinneog a rúm agus choinneochadh sé ag tiontó an airgid ar ais agus ar aghaidh ag amharc air oíche agus lá. Agus bheadh coinneal aige (shuífeadh sé thaire leis[4] ansin). Agus bhí aon oíche amháin is bhí dlítheamhnach óg a bhí... a tháinig 'na mbaile[5] in éis a chuid foghlama a fháil. Agus deir sé, "Saoilim go dtiocfadh liom cása maith a dhéanamh as an tseanduine siúd."

Chuaigh sé agus bhí mála leis agus chuir sé a lámh isteach agus tharraing sé an t-airgead uilig (a bhí aige) isteach insa mhála. Agus bhí caefa[6] leis faoina ascaill agus wig. Agus chuir sé an chaefa agus an wig air. Agus d'amharc an seanduine amach air 'air a... 'air[7] a bhí sé in éis an t-airgead a thabhairt leis. Agus bhí an chaefa air agus an wig is d'amharc sé air. "Veh, veh, veh, veh," a deir sé leis an... leis an tseanduine.

Fuaigh an seanduine ar buile ansin ar maidin lá arna mhárach agus fuaigh sé a dh'amharc fán airgead agus, "Caithfidh mé goil 'uig an dlítheamhnach agus fios a fháil goidé mar (gheobhas mé amach) an t-airgead seo."

Bhuel, mac dearthára[8] dó féin a bhí insa dlítheamhnach seo agus níl duine ar bith ar chóir duid a ghoil 'uige ach mac do dearthára.

"Bhuel, b'fhéadar[9] gur chóir domh tryáil a thabhairt dó."

Chuaigh sé 'uige mac an dearthára ansin ar maidin lá harna mhárach. Agus, "Chaill mé mo chuid airgid aréir. Rógaire inteacht siúlach agus níl[10] a fhios agam goidé mar a gheobhas mé é."

"Má thig ar a fháil ar chor ar bith, gheo' mise duid é."

'Air a bhí sé ag goil 'na mbaile an tráthnóna leis an airgead dhropáil sé an wig i bpoll uisce an áit a dtabharfadh an fear ab fhoisce dófa a chuid caiple chun deoch a fháil ann. Agus 'air a tháinig na police amach a chuartú ansin cá rabh an gadaí nó cá hé a rabh an t-airgead aige, fuair siad an wig insa... insa pholl, agus thug siad an wig leofa agus cha rabh rud ar bith nas[11] siúráilte ná gurbh é an fear sin a thug an t-airgead leis, fear maol comharsnaigh a bhí acu. Agus thug siad an fear leofa agus thug siad roimhe leis[12] an bhreitheamh é (ag déanamh cur síos ar shon tabhairt an airgid leofa).

Tháinig a chása ar aghaidh agus mhionnaigh sé leis an wig agus dúirt sé (gurbh é a fuair an) wig (...) é a fuair a chuid airgid go siúráilte.

"Bhuel, tá an cása go holc," arsa an breitheamh, arsa seisean. "An dóigh leis an fhear shaibhir seo?"

"Fan go bhfeice mé," arsa an dlítheamhnach, arsa seisean, "tá rud inteacht a'msa[13] le ráit ansin fost'."

Fuair sé... Fuair sé greim ar an wig a bhí ina... Bhí wig 'na luí ar an tábla agus bhí an chaefa aige faoina ascaill agus chuir sé an chaefa air agus chuir sé an wig air agus d'amharc sé ina... isteach in aghaidh an tseanduine mar a rinn sé nuair a bhí sé in éis an t-airgead a thabhairt leis agus deir sé leis an tseanduine, "Veh, veh, veh, veh."

"Ó, sin an rógaire," arsa seisean, "a thug mo chuid airgid (leis)."

Agus, "(an) gcluin tú sin aige, a bhreitheamh," arsa an... arsa an dlítheamhnach, arsa seisean. "Mhionnaigh sé ar an fhear... ar fhear," arsa seisean, "tá bomaite ó shoin. Agus mhionnaigh sé ormsa anois. Agus mionnóchaidh sé ortsa an darna fear," arsa seisean, "mur nde-... ndéanfaidh tú rud inteacht leis."

"Dhéanaim[14] dismiss ar an... ar an chása!" arsa seisean. "Tá an seanuine ar baoth."

Aistriúchán

The old man and the lawyer.

There was an old man in this land and he had a lot of money. And he was so... he was so obsessed with the money that he used to keep it on a table in... at the window of his room and he used to flip the money from head to tail looking at it day and night. And he had a candle [and] he would sit over it then (?). And one night there was a young lawyer who was... who had come home after finishing his studies. And he said, "I think I could make a good case out of that old man."

He went with a bag and he put his hand inside and he put all the money he had(?) into the bag. And he had a cap under his arm and a wig. And he put the cap on and the wig. And the old man looked out at him when he had taken the money. And he had the cap on and the wig and he looked at him. "Veh, veh, veh, veh," he said to the... to the old man.

The old man became enraged then the next morning and he went to look for the money and, "I have to go to a lawyer to find out how I will get (?) this money."

Well, this lawyer was his own nephew and there is no better person to go to than your nephew.

"Well, maybe I should try him out."

He went to his nephew then the following morning. And, "I lost my money last night. Some wandering rogue and I don't know how I'll get it (back)."

"If it can be found at all, I'll get it for you."

When he was going home in the evening with the money he dropped the wig in a water hole where the man who lived nearest to them used to bring his horses for a drink. And when the police came out looking to find the robber or whoever had the money, they found the wig in the... in the hole, and they took the wig with them and nothing was more certain but that it was that man who stole the money, their bald neighbour. And they took the man off and they brought him before the judge describing how he took the money (?).

The case went ahead and he swore about(?) the wig and he said it was he who had (?) the wig (...) it was he who had had the money surely.

"Well, it's a difficult case," said the judge. "Does the rich man think so?"

"Wait till I see," said the lawyer, "I have something to say about that too."

He took... He took hold of the wig that was in his... There was a wig lying on the table and he had the cap under his arm and he put the cap on and he put the wig on and he looked at... in the face at the old man like he did after taking the money and he said to the old man, "Veh, veh, veh, veh."

"Oh, that's the rogue," he said, "who took my money."

And, "do you hear what he's saying, judge," said the... said the lawyer. "He swore it was the man... the man," he said, "a moment ago. And he swore it was me just now. And he will swear it was you as well," he said, "if you don't... if you don't do something."

"I dismiss the case!" he said. "The old man is raving."

Fonótaí

Leg. sean-nduine? Cf. Dónall Ó Baoill, An teanga bheo: Gaeilge Uladh (BÁC, 1996), 148: sean’uine 'an old man'; seanduine 'an old person' (Tír Chonaill). (Back)
= dlíodóir. (Back)
= ag (Back)
= thairis. Cf. Gerard Stockman agus Heinrich Wagner, 'Contributions to a study of Tyrone Irish,' Lochlann 3 (1965), 43-235: 162. (Back)
= chun an bhaile. Cf. Éamonn Ó Tuathail, Sgéalta Mhuintir Luinigh (BÁC, 1933), xxxiii: ag goil ’na mbaile 'going home'; ag goil ’na bhaile 'going to town'. (Back)
= caidhp. Cf. caif in Patrick S. Dinneen, Foclóir Gaedhilge agus Béarla (BÁC, 1927; athchló, 1996). Cf. Heinrich Wagner agus Colm Ó Baoill, Linguistic atlas and survey of Irish dialects (4 iml., BÁC, 1958-69), iml. 4, 290, n. 5. (Back)
= nuair. Cf. Emrys Evans, 'The Irish dialect of Urris, Inishowen, Co. Donegal', Lochlann, 4 (1969), 1-130: 80. (Back)
Leg. dreathra? (Back)
= b’fhéidir. Cf. Stockman agus Wagner, op. cit., 148. (Back)
Leg. (Cha)n fhuil? (Back)
= níos. Cf. Ó Baoill, op. cit., 146. (Back)
= roimh. Cf. Art Hughes, 'Gaeilge Uladh', in Kim McCone et al., Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 611-60: 658. (Back)
= agamsa. Cf. Stockman agus Wagner, op. cit., 210. (Back)
= déanaim. Cf. Stockman agus Wagner, op. cit., 118. (Back)

Tráchtaireacht

Tá an scéal greannmhar seo mar gheall ar dhlíodóir a ghoideann ó agus a bhuaileann bob ar sprionlaitheoir le feiceáil faoi dhó i mbailiúchán Doegen, mar atá anseo uair amháin, agus arís faoin teideal 'An fear aosta agus a chuid airgid', ón bhfaisnéiseoir céanna. Níl sé soiléir an bhféadfaí é a áireamh mar shampla den scéal idirnáisiúnta béaloidis ilchineálach, ATU 1525 The master thief, ós rud é go ndearnadh catalógú ar an oiread sin cineálacha scéil faoin teideal seo. Féach Hans Jorg Uther, The types of international folktale: a classification and bibliography (3 iml., Helsinki, 2004). D'fhéadfadh sé go bhfuil baint éiginnte éigin aige le fabhalscéal Aesóip mar gheall ar an sprionlaitheoir agus a chuid óir. I leagan Aesóip, goidtear ór an sprionlaitheora as poll folaigh rúnda, agus an chomhairle a chuirtear air ná a shamhlú go bhfuil sé fós ann, mar nár bhain sé aon úsáid as ar aon chuma. Féach Karl Halm, Fabulae Aesopicae collectae (Leipzig, 1852), 198. Tá an scéal atá faoi chaibidil againn anseo i gcló i mbailiúchán scéalta ón scéalaí céanna, díreach in aice le leagan den fhabhalscéal le hAesóp a luadh thuas, inarb é dlíodóir an sprionlaitheora an té a chomhairlíonn dó a shamhlú go bhfuil an t-ór aige fós. Féach Éamonn Ó Tuathail, Sgéalta Mhuintir Luinigh (BÁC, 1933), 84-7. Móitífeanna eile a fhaightear, b'fhéidir, sa scéal seo ná K311.16 Thief disguised as girl agus K1836 Disguise of man in woman’s dress. Tá gaol ag fabhalscéal Aesóip leis an móitíf J1061.4. Miser’s treasure stolen. Féach Stith Thompson, Motif-index of folk literature (atheagrán méadaithe, 6 iml., Bloomington, Ind., 1955-8).

Bhí coincheap an sprionlaitheora a mbuailtear bob air nó a n-imrítear cleas air ar mhaithe lena chuid airgid cotianta i gcultúr na ndaoine san ochtú agus sa naoú céad déag agus san fhichiú haois. Tá roinnt ceoldrámaí agus drámaí grinn ann ón tréimhse seo bunaithe ar an téama céanna. Féach John Denison Champlin, Cyclopedia of music and musicians (New York, 1885), 90. Is scéal coitianta é leis i mbailéid agus i leabhairíní mangaire na linne. Féach T. A. Martin, Transactions of the Bristol and Gloucestershire Archaeological Society 20 (Bristol, 1897), 50. Féach leis William Coolidge Lane, Catalogue of English and American chapbooks and broadside ballads in Harvard College Library (Cambridge, 1905), 106. Ar deireadh, cuireadh dráma dar teideal 'The Miser Outwitted', ina mbaintear a chuid airgid de sprionlaitheoir le cluain, cuireadh an dráma se ar siúl den chéad uair i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1848. Féach David Beasley, 'Major John Richardson's "The Miser Outwitted" discovered', Theatre Research in Canada 7 (1986), 3-10. Ní fios an raibh tionchar ag an ábhar seo ar an traidisiún béil, ach pé acu an raibh nó nach raibh léiríonn sé an móréileamh a bhí ar an téama san Eoraip ag an am.

Tá leagan den sceál seo in Nollaig Mac Congáil agus Ciarán Ó Duibhín, Glórtha ón tseanaimsir (Gleann an Iolair, 2009), 19-21.

Teideal i mBéarla: The old man and the lawyer
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Eoin Ó Cianáin as Co. Thír Eoghain
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 24-09-1931 ag 11:30:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. Taifeadta ar 24-09-1931 ag 11:30:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1210d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:24 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1210d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:24 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1210b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 03:25 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1210b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 03:25 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1210d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:22 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1210d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:22 nóiméad ar fad.