Shiúil mé Éire a thiomallta - Eilis Ní Chleircín


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Shiúil mé Éire a thiomallta[1] (is na bóithre go rabh mé i Lunainn thall),
Agus ar mo chuairt ag tilleadh domh go Condae Thír Eoghain,
Sin an news a bhí sna bealaí sin fá bhreáthachta[2] Níon Uí Cheallaigh,
Gur mhíle bhfearr a samhail í ná Níon Iarla Tír Eoghain.

Aistriúchán

I walked around Ireland and the roads until I reached London yonder (?),
And when I returned on a visit to County Tyrone,
This is the news that was in those parts about the beauty of O'Kelly's daughter,
That she was a thousand times better looking than the daughter of the Earl of Tyrone.

Fonótaí

= thimpeall. Cf. Nils M. Holmer, On some relics of the Irish dialect spoken in the glens of Antrim (Uppsala, 1940), 131. (Back)
= breáthacht. Cf. Alf Sommerfelt, The dialect of Torr, county Donegal (Christiania, 1922), § 39. (Back)

Tráchtaireacht

Seo véarsa ón amhrán grá 'Neilidh Óg Ní Cheallaigh' atá i gcló in Énrí Ó Muirgheasa, Dhá chéad de cheoltaibh Uladh (BÁC, 1934), 429-31. Is é an Dochtúir Séamus Ó Ceallaigh a thug don Muirgheasach é agus bhailigh sé siúd é i nGleann Con Cadhain, contae Dhoire. Dar le Seán Ó Donnabháin (Litreacha na Suirbhéireachta Ordanáis), ba iad Muintir Cheallaigh na 'seanchaithe oidhreachtúla' (i.e. caomhnóirí an traidisiúin) i nGleann Con Cadhain (luaite ag Ó Muirgheasa).

Teideal i mBéarla: I walked around Ireland
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Eilis Ní Chleircín as Co. Dhoire
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 24-09-1931 ag 13:30:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. Taifeadta ar 24-09-1931 ag 13:30:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1213d4, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:25 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1213d4, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:25 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1213b4, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 00:25 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1213b4, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 00:25 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1213d4, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:23 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1213d4, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:23 nóiméad ar fad.