An fear a bhí ina chónaí fá mhíle de Bhaile Átha Cliath (cuid 2) - Jane Nic Ruaidhrí


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

"Pósfaidh mé thú seachtain ó inniu." (An cailín bocht). (An) dtiocfaidh tusa agus do bhean 'na[1] bainse?"

"Tiocfaidh muid chuig an oíche. Tiocfaidh muid chuig an oíche."

"Cailín... Tá an cailín... Tá rud beag contráilte go sea. Tá an cailín mór agus (tá) an leaba beag.

(Teanamuid[2] baol). Agus goidé bheas a'd ag an bhainis?"

"Beidh leath bolóige. (Rachaidh mise) amach agus ceannóidh mé leath bolóige... leath bolóige."

Rinn sé sin. D'imigh sé 'na mbaile[3]. Tháinig sé ar ais an darna maidin agus an cailín leis agus d'fhág sé ansin í.

"Tá rud beag contráilte..."

Thug sé an stocaí óir daoith'. Thug sé an stocaí óir daoith'.

"Tá rud beag contráilte go sea. Char cheannaigh tú fáinne domh."

"(Ag an) deabhal t'anam! (...) Tabhair cúpla punta domh agus rachaidh mé amach."

Chuaigh sé amach agus cheannaigh sé an fáinne. Agus na[4] a tháinig sé ar ais, cha rabh haet[5] aige ach leath na bolóige agus an fáinne ar shon bhean. Chaoin sé goil na gcuach.

Aistriúchán

"I'll marry you a week from today." The poor girl (?). "Will you and your wife come to the wedding feast?"

"We'll come that night. We'll come that night."

"The girl... the girl is... There's one problem. The girl is big and the bed is small."

"Let's make a (...). And what will you have at the feast?"

"A side of bullock. I'll go out and buy a side of bullock... a side of bullock."

He did that. He went home. He came back the next morning and the girl was with him and he left her there.

"There's something wrong..."

He gave her the sock of gold. He gave her the sock of gold.

"There's something a little bit wrong still. You didn't buy me a ring."

"The devil take you! (?) (...) Give me a few pounds and I'll go out."

He went out and he bought the ring. And when he came back, he had nothing but the side of bullock and the ring instead of the woman. He cried his heart out.

Fonótaí

= chun na (Back)
= déanaimis. Cf. Art Hughes, 'Gaeilge Uladh', in Kim McCone et al., Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 611-60: 645, 653. (Back)
= chun an bhaile. Cf. Éamonn Ó Tuathail, Sgéalta Mhuintir Luinigh (BÁC, 1933), xxxiii: ag goil ’na mbaile 'going home'; ag goil ’na bhaile 'going to town'. (Back)
= nuair a. Cf. Heinrich Wagner, Linguistic atlas and survey of Irish dialects (4 iml., BÁC, 1958-69), iml. 4, 294, téacs 5, n. 1. (Back)
I.e. dada. Cf. Wagner, op. cit., 303. (Back)

Tráchtaireacht

Tá cuid mhaith scéalta idirnáisiúnta béaloidis ann a phléann leis an ngoid agus is minic a bhíonn cealg nó cleasaíocht chasta mar chuid den phlota iontu seo. Is scéal dá leithéid, mar shampla, é ATU 1525 The master thief, mar aon leis an malairt leagain ilchineálach, ATU 1525Z Other tales of thefts. Féach Hans Jorg Uther, The types of international folktales: a classification and bibliography (3 iml., Helsinki, 2004). D'fhéadfadh sé go bhfuil baint ag an scéal atá againn anseo leis na scéalta béaloidis sin, ós rud é go bhfuil ATU 1525 ar cheann de na scéalta is coitianta i dtraidisiún na hÉireann, agus go bhfuil samplaí de ann as gach cearn den tír. Féach Seán Ó Súilleabháin agus Rieder Th. Christiansen, The types of the Irish folktale (Helsinki, 1968). Tá roinnt móitífeanna idirnáisiunta á n-úsáid, b'fhéidir, sa sampla seo, leithéidí K311.16 Thief disguised as girl, K1836 Disguise of man in woman’s dress, agus K1321.3 Man disguised as woman courted (married) by another man. Feách Stith Thompson, Motif-index of folk literature (atheagrán méadaithe, 6 iml., Bloomington, Ind., 1955-8).

Tá tras-scríobh ar an scéal seo leis in Heinrich Wagner agus Colm Ó Baoill, Linguistic atlas and survey of Irish dialects (4 iml., BÁC, 1958-69), iml. 4, 291, agus in Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic voices: bailiúchán Doegen 1931 (Béal Feirste, 2010), 234-7.

Teideal i mBéarla: The man who lived a mile from Dublin (part 2)
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Jane Nic Ruaidhrí as Co. Thír Eoghain
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 24-09-1931 ag 17:00:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. Taifeadta ar 24-09-1931 ag 17:00:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1215d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:15 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1215d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:15 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1215b2, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 01:15 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1215b2, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 01:15 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1215d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:14 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1215d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:14 nóiméad ar fad.