Mo hathair agus an slat iascaireacht - Brian Mac Cuarta


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Chuir mo hathair[1] a bhuachailleacht (mé) lá amháin le mart, bearach agus asail, siar in aice leis an abhainn. Ghoid mé slat iascaireacht a bhí aige agus siar liom agus thiontaigh[2] mé cloch. Fuair mé crumhóg. Chuir mé ar an duán é. Isteach insa pholl leis agus thlig mé breac maith amach ar an fhéar. Isteach leis aríst agus char stad mé go fuair mé trí cionnaí mhaithe. Síos liom an abhainn gá ngabháilt go tapaidh. Char smaoinigh mé nas[3] mó ar na ba.

Tháinig comharsanach toigh s'againne agus scairt sí ag an doras, "Bhfuil a'n nduine[4] astoigh?"

"Tá mise anseo," a deir mo hathair. "Goidé atá contráilte?"

"Tá do chuid ba insa choirce agus tá (sé) criathraithe acu."

"Bhuel, chuir mise buachaill leofa le haghaidh a bhuachailleacht agus p'fhéadfaí[5] gur thuit sé ina chodladh."

"Deamhan codladh air! Tá sé síos an abhainn ag gabháilt bric le do slat[6]."

"Nuair a gheobhas mise greim air brisfidh mé a muineál."

Ansin thiontaigh mise thart ' teacht abhaile. Chonaic mo hathair ag teacht mé.

"Nuair a gheobhas mise greim ort brisfidh mé do mhuineál!"

Bhí heagla orm a theacht abhaile. Shuigh mé faoi sciachóg[7] a bhí insa pháirc. Agus ar ball chonaic mé mo hathair ag teacht amach ' caitheamh a phaopa[8] siar leis an bhóthar agus ghlac mise uchtach agus tháinig mé abhaile. Bhí a fhios agam nach bhainfinn[9] mo mháthair liom.

Nuair a tháinig mé chuir mé an slat iascaireacht ina seasamh taobh amuigh den doras, suas le urla an toighe. Bhí cearc ' goil thart agus doisín éiní bheag[10] léithe agus chonaic sí an crumhóg ar an líon[11]. Thug sí léim in airde agus fuair sí greim ar an chrumhóg. (Sháith sí)[12] an duán ina gháilleach. Bhí a theanga amuigh, croichte[13] ansin. Bhí na cinní beaga ag goil ar buile ar an tsráid. Tháinig mo mháthair amach agus scairt sí ar deartháir de mo chuid a bhí ag teanamh[14] rud inteach insa pháirc.

"An bhfa'a[15] tú an cearc a bhí leis na héin?"

"Chan fha'aidh,"[16] a deir sé. "Níl sé anseo."

Thiontaigh sí thart agus chonaic sí an cearc croichte agus an duán sháite ina ngob. Scairt sí ar an bhuachaill, "Tá an cearc marbh. Rith go tapaidh."

Tháinig sé siar agus thug sé cead a bealaigh don... don cat... don cearc. Agus... ( I have a cough. )

Aistriúchán

My father sent me herding one day with a bullock, a heifer and donkeys, back by the river. I stole a fishing rod he had and back I went and I turned over a stone. I found a maggot. I put it on the hook. Into the pond it went and I landed a fine fish on the grass. In it went again and I didn't stop until I got three good ones. I went downriver to catch them quickly. I gave no further thought to the cattle.

A neighbour came to our house and she shouted at the doorway, "Is there anybody inside?"

"I'm here," said my father. "What's wrong?"

"Your cattle are in the oats and they've trampled (?) them."

"Well, I sent a boy with them herding them and maybe he fell asleep."

"He did no such thing! He's down by the river catching fish with your fishing rod."

"When I catch him I'll break his neck."

And then I turned back home. My father saw me coming.

"When I catch you I'll break your neck!"

I was afraid to come home. I sat under a bush that was in the field. And after a while I saw my father come out to smoke his pipe back along the road and I took courage and came home. I knew my mother wouldn't lay a finger on me.

When I returned I put the fishing rod standing outside the door, up against the eaves of the house. There was a hen going by and a dozen little chicks with her and she saw the maggot on the fishing line. She jumped up and took a bite of the maggot. The hook got stuck in her mouth. The tongue was out, hanging, then. The little chicks were going wild all over the place. My mother came out and she shouted at one of my brothers who was doing something in the field.

"Did you see the hen that was with the chicks?"

"I didn't," he says. "It's not here."

She turned around and saw the hen hung with the hook stuck in its mouth. She shouted at the boy, "The hen is dead. Run quickly."

He came back and he got rid of the... the cat... the hen. And... I have a cough. (?)

Fonótaí

= mo athair. (Back)
Leg. theantaigh? Cf. Seosamh Laoide, Sgéalaidhe Óirghiall (BÁC, 1905), 147: teanntach = tionntodh. (Back)
= níos. Cf. Dónall Ó Baoill, An teanga bheo: Gaeilge Uladh (BÁC, 1996), 146. (Back)
= aon duine. (Back)
= b’fhéidir. Cf. Laoide, op. cit., 129. Faightear b’fhéadfaí chomh maith. (Back)
Recte do shlat. Tá na claochluithe tosaigh trína chéile nó ar iarraidh ag an chainteoir seo. Cf. a muineál (= a mhuineál) ina ngob (= ina gob). (Back)
= sceach. Cf. Laoide, op. cit., 144. (Back)
= phíopa. (Back)
Recte mbainfeadh. (Back)
Leg. bhog? (Back)
I.e. 'fishing line'. Cf. Seán Ó hEochaidh agus Séamas Ó Catháin, 'Foclóir agus seanchas na farraige', Zeitschrift für Celtische Philologie 31 (1970), 230-74: 260. Bíonn an chiall sin ag líon i dToraigh. (Back)
Leg. Sháit? (Back)
= crochta. Cf. Laoide, op. cit., 134. (Back)
= déanamh. Cf. Art Hughes, 'Gaeilge Uladh', in Kim McCone et al., Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 611-60: 653. (Back)
= bhfaca. Cf. Séamus Ó Searcaigh, Foghraidheacht Ghaedhilge an Tuaiscirt (Béal Feirste, 1925), 180-1 (nár bhfacha, chan fhacha); Gerard Stockman agus Heinrich Wagner, 'Contributions to a study of Tyrone Irish,' Lochlann 3 (1965), 43-235: 199. (Back)
= chan fhaca. Cf. Hughes, op. cit., 651. (Back)

Tráchtaireacht

Is scéal é seo mar gheall ar eachtra a bhain don scéalaí féin, agus níl an chuma air go bhfuil aon bhaint aige le haon chineál scéil, ná go bhfuil aon mhóitífeanna ann is fiú a lua. D'fhéadfadh sé nach bhfuil ann ach croinicil, nó scéilín.

Tá tras-scríobh ar an scéal seo leis in Heinrich Wagner agus Colm Ó Baoill, Linguistic atlas and survey of Irish dialects (4 iml., BÁC, 1958-69), iml. 4, 297, agus in Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic voices: bailiúchán Doegen 1931 (Béal Feirste, 2010), 254-7. Tá leagan eile in Lorcán Ua Muireadhaigh, Pota cnuasaigh: an chéad chuid (Dún Dealgan, 1923), 9-11.

Teideal i mBéarla: My father and the fishing rod
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Brian Mac Cuarta as Co. Lú
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 25-09-1931 ag 15:45:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. Taifeadta ar 25-09-1931 ag 15:45:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1219d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:45 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1219d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:45 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1219b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 03:45 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1219b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 03:45 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1219d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:41 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1219d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:41 nóiméad ar fad.