An buachaill láidir - Brighid Ní Chaslaigh


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Seo scéala ar an buachaill láidir. Fuaigh sé 'na... Bhí sé bocht agus fuaigh sé 'na[1] margadh 'un fhastó a dhéanamh. Agus d'fhastaigh sé le fear uasal go dtiocfadh leis gach uile seórt obair a dhéanamh. Agus fuair sé tuarastal maith. Cuir[2] sé insa barra go gca-... duine ar bith a bheadh corraí air an céad uair, go gcaithfeadh sé trí ciceannú[3] a fháil.

Thug an maghaistir [4] abhaile é agus chuir sé amach ag treabhadh é le dhá ghearrán agus caithfeadh sé treabhadh a oirid[5] is a rithfeadh an madadh (...) thairis. Bhí sé ag treabhadh lá agus tháinig an madadh aníos chuige agus thóg sé maide mór agus marbh[6] sé an madadh.

"Ó, goidé sin a rinn tú?" arsa an maghaistir. "Mharbh tú mo mhadadh!"

"An bhfeil corraí ort?" arsa an buachaill.

"Ó chan fheil," arsa an maghaistir.

Bhí eagal a chroí ar an maghaistir roime leis[7] an buachaill agus d'imigh sé ar shiúl chuige[8] Cailleach na gCearc agus ársaíonn sé an scéal daoi'.

Arsa Cailleach na gCearc, "Tá ceithre[9] uisce ort agus teana[10] tobar maith thíos insa pháirc agus nuair a bheas sé thíos insa... thíos insa tobar cruinnigh scafta fir agus tlig gach uile rud síos air, torpánaí, clay, clocha, is gach uile rud agus beidh tú réidh leis."

Rinn sé sin. Agus bhí an buachaill thíos insa tobar nach dtiocfadh leat a'n[11] ghreim de a fheiceáil ach rud beag de. Agus thlig... chruinnigh sé na fir agus thlig siad na clocha, clay is gach uile rud síos air agus thlig seisean gach uile rud aníos a bhí siad ag tligint síos, agus mharbh sé na fir uilig ( above ). Tháinig sé aníos.

"Ó," a deir sé, "goidé seo?"

"Ó, thusa a rinn sin," arsa an maghaistir.

"An bhfeil corraí ort?" a deir sé leis an maghaistir.

"Chan fheil," arsa an maghaistir.

D'imigh sé ar shiúl aríst chuige Cailleach na gCearc agus d'ársaigh sé an scéal do Cailleach na gCearc.

"Gá fhad a bheas sé fastaiste[12] agad?"

"Ó, go dtí go dtiocfaidh an chuach," a deir... a deir an maghaistir.

"Ó, is fada go dtí sin go seadh," a deir sí. "Now, tá crann mór os coinne an doras agus cuir do sheanbhean ar bharr amach insa chrann agus dhéanfaidh[13] sí cuach duid."

Ar lá arna mhárach ar maidin go moch, thug sé an tseanbhean amach agus chuir sé isteach insa... thuas insa chrann í, agus tháinig an buachaill amach agus fualaidh[14] sé an cuach.

"Ó, sin an cuach," arsa an maghaistir. "Tá sí moch i mbliana," a deir sé.

"Caithfidh mé a fheiceáil an bhfeil sciatháin uirthi nó goidé an bealach a rach' sí amach as an chrann."

Agus thóg sé cloch mór agus thlig sé suas insa chrann é, agus leag sé an (t)seanbhean marbh anuas.

"Ó, goidé sin a rinn tú?" arsa an... arsa an maghaistir. "Mharbh tú mo mháthair."

"An bhfeil corraí ort?" arsa an buachaill.

"Ó, tá," arsa an maghaistir, "agus corraí mór! Bhuel, caithfidh mise trí ciceannú a fháil ort."

Agus an chéad chic a thug sé dó chuir sé amach suas ins an aer é nach bhfeicfeá ach rud beag de. An dara cic a thug sé dó, cha bhfeicfeá ach rud beag baoidheach[15] de. Agus an trí ciceanna a thug sé dó, chuaigh sé suas ins an aer agus cha dtáinig sé anuas beo nó marbh. Sin an scéal ar an buachaill láidir.

Aistriúchán

Translation in hand. Aistriúchán go Béarla idir lámha.

Fonótaí

= chun an. (Back)
Recte Chuir. Tá na claochluithe tosaigh trína chéile nó ar iarraidh ag an chainteoir seo. Cf. marbh (= mharbh), caithfeadh (= chaithfeadh). (Back)
= ciceanna. Cf. Mícheál Ó Mainnín, '"Goidé mar 's tá na fearaibh?": gnéithe de leathnú agus de fhuaimniú fhoirceann an tabharthaigh iolra sa Nua-Ghaeilge', Celtica 25 (2007), 195-224. (Back)
= maighistir/máistir. Leg. múisteoir? Cf. Heinrich Wagner, Linguistic atlas and survey of Irish dialects (4 iml., 1958-69), iml. 4, 298, nóta 3. (Back)
= oiread. Cf. Diarmaid Ó Doibhlin, 'A word-list from Omeath, co. Louth,' in Ailbhe Ó Corráin agus Séamus Mac Mathúna, Miscellanea Celtica in memorium Heinrich Wagner (Uppsala, 1997), 281-95, s.v. oirid. (Back)
Recte mharbh. (Back)
= roimhe. Cf. Art Hughes, 'Gaeilge Uladh', in Kim McCone et al., Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 611-60: 658. (Back)
= chuig. Bíonn siolla breise ag réamhfhocail i nGaeilge Oirthear Uladh go minic. Féach Heinrich Wagner, op. cit., 295. Chomh maith leis sin, úsáidtear an tríú pearsa uatha firinscneach de réamhfhocal in áit an réamhfhocail shimplí. Féach Hughes, op. cit., 657. (Back)
I.e. 'shortage'. Cf. Noel McGonagle, 'Tá rud éigin a cheithre orm', Éigse 18 (1980-1), 299-303; Ó Doibhlin, op. cit., 281-95, s.v. ceithrí. (Back)
= déan. Cf. Hughes, op. cit., 653. (Back)
= aon. (Back)
= fastaithe/fostaithe. (Back)
= déanfaidh. Cf. Stair na Gaeilge, 652. (Back)
= chuala(idh). Cf. Ó Doibhlin, op. cit., s.v. fualaidh. (Back)
= bídeach/baoideach. Cf. Dónall Ó Baoill, An teanga bheo: Gaeilge Uladh (BÁC, 1996), 126. (Back)

Tráchtaireacht

Is cosúil gur meascán de dhá scéal idirnáisiúnta béaloidis, ATU 1000 Contest not to become angry, agus malairt leagain de, ATU 1029 The woman as cuckoo in the tree, atá sa scéal seo. Baineann an dá scéal le socrú idir feirmeoir agus buachaill atá ar aimsir aige; pé duine a dtiocfaidh fearg ar dtús air, caithfidh an duine eile é a bhualadh. Tá eipseaóid sa dara scéal ina ndéanann an máistir iarracht an socrú a bhrostú chun críche; déanann a bhean aithris ar an gcuach ach maraíonn an fear óg í. Féach Hans Jorg Uther, The types of international folktales: a classification and bibliography (3 iml., Helsinki, 2004). Tá an scéal seo an-choitianta in Éirinn, agus tá mórán samplaí againn as gach cearn den tír. Féach Seán Ó Súilleabháin agus Rieder Th. Christiansen, The types of the Irish folktale (Helsinki, 1968). Tá líon áirithe móitífeanna sa scéal leis, is iad sin K1691 The woman as cuckoo on the tree shot down, K172 Anger bargain, F613 Strong man’s labor contract: anger bargain agus F613.1. Strong man’s labor Contract: blow at end of year (Blow sends his master to sky). Féach Stith Thompson, Motif-index of folk literature (atheagrán méadaithe, 6 iml., Bloomington, Ind., 1955-8).

Tá tras-scríobh ar an scéal leis in Heinrich Wagner agus Colm Ó Baoill, Linguistic atlas and survey of Irish dialects (4 iml., BÁC, 1958-69), iml. 4, 297-8, agus in Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic voices: bailiúchán Doegen 1931 (Béal Feirste, 2010), 258-63. Tá leagan eile i gcló in Nollaig Mac Congáil agus Ciarán Ó Duibhín, Glórtha ón tseanaimsir (Gleann an Iolair, 2009), 36-8.

Teideal i mBéarla: The strong boy
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Brighid Ní Chaslaigh as Co. Lú
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 25-09-1931 ag 16:00:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. Taifeadta ar 25-09-1931 ag 16:00:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1220d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:46 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1220d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:46 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1220b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 03:46 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1220b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 03:46 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1220d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:46 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1220d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:46 nóiméad ar fad.