Mac Dé agus Muire - Brighid Ní Chaslaigh


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Bhí Mac Dé agus Muire Bhantiarna[1] insa tír seo agus bhí siad ag imeacht thart ag cruinniú a gcoda. Bhí an oíche ag teacht orthu agus fuaigh siad... fuaigh Muire Bhantiarna suas chuig an toigh agus bhuail sí ag an doras. Tháinig bean an toighe amach. "Goidé atá uaid?" a deir sí.

"Tá an[2] oíche lóistín uaim."

"Ó, cha dtig liom duine ar bith a choinneált. Chan fhuil (farsainneach)[3] agam," a deir sí.

Tháinig a fear amach. "Ó, coinnigh an bean bhocht agus ná lig í féin agus a páiste amach insa (dorcha). Dhéanfaidh[4] mise leabaidh daoi' den caladh atá amuigh insa scioból."

Agus fuaigh sé amach agus thug sé an caladh isteach a bhí insa scioból agus rinn sé leabaidh don bhean bhocht insa choirnéal. Insa... Tuairim is an dá bhuille dhéag mhúscail suas an fear an toighe agus bhí pian mór ina bholg. Agus tháinig an bean aníos 'un na cistiní.

"Goidé atá contráilte?" arsa bea-... arsa Muire Bhantiarna.

"Ó, tá go leor," a deir sí, "tá mo... mo fhear iontach olc." Agus adeir sí leise[5] Mac Dé, "Goidé an leigheas a bhéarfas tú dó?"

"Ó, bean, fear mhín agus bean bhorb,
Agus Mac Dé ina luí sa chaladh.

Tabhair sláma den chaladh agus cumail dá bholg é agus beidh sé slán."

Sin an scéal.

Aistriúchán

Translation in hand. Aistriúchán go Béarla idir lámha.

Fonótaí

Cf. Lorcán Ua Muireadhaigh, Pota cnuasaigh: an chéad chuid (Dún Dealgan, 1923), 18, áit a ndeirtear gurb é Muire an Tighearna an t-ainm a thugtar ar Mhuire in Óméith. (Back)
Leg. aon? (Back)
= fairsingeach. Cf. Seosamh Laoide, Sgéalaidhe Óirghiall (BÁC, 1905), 137. (Back)
= déanfaidh. Cf. Art Hughes, 'Gaeilge Uladh', in Kim McCone et al., Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 611-60: 652. (Back)
= le(is). Cf. Heinrich Wagner, Linguistic atlas and survey of Irish dialects (4 iml., BÁC, 1958-69), iml. 4, 295, n. 1. (Back)

Tráchtaireacht

Faightear orthaí, agus orthaí a bhaineann le deasghnátha leighis go háirithe, go coitianta i dtraidisiún na hÉireann. I mórán acu seo, glaotar ar phearsana reiligiúnacha agus ar naoimh. Is minic a fhaightear ina leithéid friotal doiléir nó ársa, nó tagairtí d'fhinscéal nó do scéal éigin a sholáthraíonn comhthéacs nó réamhchoinníoll a mhíníonn an cneasú atá san ortha, mar dhea. Is sampla fíor-choitianta i dtraidisiún na hÉireann é an sampla atá faoi chaibidil againn anseo, ina gcuireann scéal comhthéacs ar fáil d'ortha a deirtear a leigheasann greim nó tinneas boilg. Bíonn baint ag Íosa agus Muire leis an scéal de ghnáth, agus cuireann an ortha féin clabhsúr ar an scéal. Tá sé ársa go maith, agus insíodh in iarthar, i ndeisceart agus i lár na hEorpa é sna meánaoiseanna. Ar deireadh, is féidir é rianú siar go dtí traidisiún ársa na hÉigipte, agus is iad Ísis agus Óisiris na pearsana reilgiúnacha a bhí sa scéal, seachas Teaghlach Naofa na Críostaíochta. Féach Tekla Domotor, 'A type of Hungarian faith-healing charm and its background', Arv 28 (1972), 21-35.

Tá tras-scríobh ar an mír seo leis in Heinrich Wagner agus Colm Ó Baoill, Linguistic atlas and survey of Irish dialects (4 iml., BÁC, 1958-69), iml. 4, 299. Tá leagan eile den scéal i mbailiúchán Doegen á insint ag Eoin Ó Cianáin as contae Thír Eoghain.

Teideal i mBéarla: The Son of God and Mary
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Brighid Ní Chaslaigh as Co. Lú
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 25-09-1931 ag 16:30:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. Taifeadta ar 25-09-1931 ag 16:30:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1221d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:29 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1221d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:29 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1221b2, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 01:28 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1221b2, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 01:28 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1221d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:28 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1221d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:28 nóiméad ar fad.