A bhrollaigh ghréigeal - Cáit Ní Ghuibhirín


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

A bhrollaigh ghréigeal[1] agus a bhrollaigh mhín[2],
Go dtugaidh[3] séan duid is tú mo chroí,
(...) (an spéirbhean) bhí i ndéidh mo chroí,
Agus i ndéidh mo lámh bheas tú féasta Fhéil' Bríde.

(Dh)á bpósfainn bean agus mo mhamaí a shásamh,
Le gile na finne agus le bláth na hóige,
Agus le fear an tseistrighe[4] na cruaiche mónadh,
Bhéarfadh cead codladh domhsa go headarlinn na mbó[5].

Aistriúchán

O fair and smooth-breasted one,
May you be given (?) happiness, you are my love,
(...) the beautiful woman (?) who sought my heart,
And you will seek my hand on Saint Bridget's Day.

If I married a woman and pleased my mother,
With brightness of fairness and in the bloom of youth,
And to the master of plough teams with his turf stacks,
Who would let me sleep till milking time.

Fonótaí

= ghléigeal. Cf. Diarmaid Ó Doibhlin, 'A word-list from Omeath, co. Louth,' in Miscellanea Celtica in memorium Heinrich Wagner (Uppsala, 1997), 281-95, s.v. gréigeal. (Back)
Leg. fín? (Back)
= dtuga. (Back)
= seisrighe/seisrí. Cf. Seosamh Laoide, Sgéalaidhe Óirghiall (Dún Dealgan, 1905), 144. (Back)
Cf. 'pósta le fear seistreach na cruaiche mónadh bhéarfadh cead codlata damhsa go headarlinn na mbó' (Óméith) in Patrick S. Dinneen, Foclóir Gaedhilge agus Béarla (BÁC, 1927; athchló 1996), s.v. eadarlinn. (Back)

Tráchtaireacht

Tá an t-amhrán seo tras-scríofa freisin in Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic voices: bailiúchán Doegen 1931 (Béal Feirste, 2010), 270. Tá leagan eile de le fáil i measc na bhfiteán a thaifead Lorcán Ó Muireadhaigh agus atá anois ar coimeád i gCnuasach Bhéaloideas Éireann, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

Teideal i mBéarla: O fair-breasted one
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Cáit Ní Ghuibhirín as Co. Lú
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 25-09-1931 ag 16:30:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. Taifeadta ar 25-09-1931 ag 16:30:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1223d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:35 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1223d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:35 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1223b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 00:35 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1223b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 00:35 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1223d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:35 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1223d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:35 nóiméad ar fad.