A Neilí bháin, is go mbeannaí Dia dhuid - Cáit Ní Ghuibhirín


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

A Neilí bhán dheas, go mbeannaí Dia dhuid,
Go mbeannaí an ghealach, (a rún amháin), agus an ghrian dhuid,
Go mbeannaí na haingil[1] atá i bhflaitheas Dé dhuit,
Mar a bheannaíonns do mháthair bhocht a chaill a ciall dhuid.

Rach' mise amárach go (guidhe) an phobail,
Agus múscail' mé na mná ghreadtha atá ina gcodladh,
Agus cuirfidh muinn Mairéad[2] ar thoisidh an tórraidh[3]
Agus dhéanfaidh[4] Síle go díreach an t-eolas.

A bhean úd thall romhainn a rinn an gáire,
Nár fhágaidh[5] sí an saol seo go ngeobh' sí croí cráite
(Fháil) ó[6] mo níonsa atá ag goil i (gcónra an chláir uaim).

Aistriúchán

O fair Nellie, may God bless you,
May the moon, my only darling (?), and the sun bless you,
May the angels in God's heaven bless you,
As your poor mother who has lost her senses blesses you.

I'll go tomorrow to the public prayers(?),
And I'll awaken the keening women who are asleep,
And we'll put Margaret leading the funeral
And Sheila will guide us directly.

O woman who laughed before us over there,
May she not leave this life until she gets a broken heart
From(?) my daughter who is going from me into a wooden coffin.

Fonótaí

Leg. aighil? Cf. loing, moing in Séamus Ó Searcaigh, Foghraidheacht Ghaedhilge an Tuaiscirt (Béal Feirste, 1925), § 293. (Back)
Cf. Seosamh Laoide, Sgéalaidhe Oirghiall (Dún Dealgan, 1905), 138. (Back)
= tórraimh. (Back)
= déanfaidh. Cf. Art Hughes, 'Gaeilge Uladh', in Kim McCone et al., Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 611-60: 652. (Back)
= fhága. (Back)
Leg. uadh? (Back)

Tráchtaireacht

Is cuid é seo den amhrán 'An Bhean Chaointe', ceann de na hamhráin is aithnidiúla in oirdheisceart chúige Uladh. Tá cúlra an amhráin le fáil in Lorcán Ó Muireadhaigh, Amhráin Chúige Uladh (Dún Dealgan, 1927). Féach an t-eagrán nua le Colm Ó Baoill, (Indreabhán, 2009), 102-3. Achoimre ar scéal an amhráin: Bhí bean ann i gceantar Ó Méith go luath sa 19ú haois a raibh dáréag clainne uirthi, cúigear iníonacha agus seachtar mac. Fuair aon duine dhéag acu bás tar éis a bpósta dóibh ach nuair a phós an duine ab óige díobh, Neilí, lean sí ag cónaí lena máthair. D'imigh an mháthair léi ag fánaíocht ar fud na tíre agus í ag iarraidh déileáil leis an anachain a bhí fulaingthe aici. Go gairid tar éis di pósadh fuair Neilí féin bás agus ar an lá céanna tharla sé go raibh a máthair ag fánaíocht thart sa dúiche ag lorg lóistín. Bhuail sí le roinnt cailíní óga agus iad ar a mbealach chuig tórramh agus chinn sí ar dhul in éineacht leo. Ag an tórramh, chuir na mná caointe na mórtha fáilte roimh na cailíní óga ach ghlac siad leis an máthair mar bhean siúil bhocht agus níor thairg di ach fataí a bhí ullmhaithe roimhe sin do na muca. Tar éis tamaill tháinig an mháthair chun stuaime agus d'aithin sí gur ina teach féin a bhí sí. Ba ansin a thuig sí freisin gur ag tórramh a hiníne féin, Neilí, a bhí sí. Chrom sí ag caoineadh agus chum sí an t-amhrán seo ar an bpointe.

Rinne Ó Muireadhaigh taifeadtaí fónagraif de Cháit Ní Ghuibhirín agus d'amhránaithe eile as Ó Méith ag casadh an amhráin seo. D'fhoilsigh sé sé véarsa dhéag de, mar aon le nodaireacht an fhoinn i sólfá tonach in Amhráin Chúige Uladh (eagrán Uí Bhaoill, lgh 31-3, 102-3, 166). Luann sé Peadar Ó Doirnín leis ach ní luann sé aon fhoinse eolais. Don traidisiún caointeoireachta go ginearálta, féach Breandán Ó Madagáin, Caointe agus seancheolta eile: keening and other old Irish musics (Indreabhán, 2005) agus Pádraigín Ní Uallacháin, A hidden Ulster: people, songs and traditions of Oriel (BÁC, 2003), 137-50. Tá an t-amhrán seo tras-scríofa freisin in Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic voices: bailiúchán Doegen 1931 (Béal Feirste, 2010), 272.

Teideal i mBéarla: O fair Nellie
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Cáit Ní Ghuibhirín as Co. Lú
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 25-09-1931 ag 16:30:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. Taifeadta ar 25-09-1931 ag 16:30:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1223d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:46 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1223d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:46 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1223b2, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 00:46 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1223b2, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 00:46 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1223d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:46 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1223d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:46 nóiméad ar fad.