Úirchill an Chreagáin (cuid 1) - Máire Ní Arbhasaigh


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Ag Úirchill an Chreagáin, ó, sea chodail mise aréir faoi bhrón,
Is le héirí na maidne tháinig ainnir fá mo dhéin le póg,
Ó, bhí gríosghruaidh dhaite aici is bhí loinnir ina céibh mar ór,
(Agus ba é aoibhneas an domhain domhsa) ag amharc ar an (fhaoilinn) óg.

Ó, a théagar is a chuisle, ó, más cinniúinte duit mé mar stór,
Ó, éirigh i do sheasamh is siúil liom féin siar sa ród,
Go tír deas na meala nach bhfuair Gallaibh ann cead réim is nach bhfaghann[1],
(Gheobhaidh tú aoibhneas) ar hallaí do mo mealladh féin le siamsa an cheoil.

Aistriúchán

At the Churchyard of Creggan, oh, that's where I slept in sorrow last night,
And when morning was breaking a young woman came towards me with a kiss,
Oh, her cheeks were glowing and rosy and her hair shone like gold,
And it was the most delightful thing in the world for me (?) to look at the graceful young woman.

Oh, my darling and beloved, oh, if you're destined to have me as your love,
Oh, stand up and walk west along the road with me,
To the lovely land of honey where the Foreigner does not rule nor won't,
You'll be enchanted (?) in halls enticing me with amusing music.

Fonótaí

Cf. bhfoghann in Seosamh Laoide, Sgéalaidhe Óirghiall (Dún Dealgan, 1905), 138. (Back)

Tráchtaireacht

Is leagan é seo (codanna 1 agus 2) den amhrán 'Úirchill an Chreagáin', ceann de na hamhráin is aithnidiúla as oirdheisceart chúige Uladh. Sampla é d'aisling agus ba é Art Mac Cumhaigh (1738-1773) as paróiste an Chreagáin i ndeisceart chontae Ard Mhacha a chum. De réir an bhéaloidis atá tugtha in Liam Ó Conchubhair agus Derek Bell, Traditional songs of the north of Ireland (BÁC, 1999), 12, ba le linn dó a bheith ag obair mar spailpín don Urramach Hugh Hill as Sliabh Hill, gar don Chreagán, iarnóin amháin, a chum an file an t-amhrán. Ag cinnireacht capaill a bhí ag tarraingt aoiligh suas agus síos Cnoc Leyther, an Ghlasdromainn, a bhí sé ag an am. Is i bhfoirm agallaimh fhileata idir an file agus spéirbhean atá an t-amhrán. Meabhraíonn sé an cruatan a d'fhulaing na filí Gaelacha tar éis dhíshealbhú uasalaicme na nGael, an aicme ar a mbíodh na filí ag brath le haghaidh pátrúnachta leis na cianta roimhe sin. De réir an bhéaloidis áitiúil ba le linn don fhile a bheith ar foscadh taobh istigh de lusca tuama Chlann Uí Néill an Fheadha i reilig an Chreagáin, i dtreo dheireadh a shaoil, a chum sé é (féach Padraigín Ní Uallacháin, A hidden Ulster: people, songs and traditions of Oriel (BÁC, 2003), 250-8: 254). Cloíonn an cur síos a dhéanann Mac Cumhaigh ar an spéirbhean leis na tréithe ginearálta a luaitear leis an aisling san 18ú haois. De ghnáth seasann sí d'Éirinn agus is minic a fhógraíonn sí teacht cabhrach ón bhFrainc, ón Spáinn, nó ó Bonnie Prince Charlie. Murab ionann is filí Muimhneacha na linne, áfach, ní fhaigheann Mac Cumhaigh teachtaireacht ar bith mar sin ón spéirbhean. Ina ionad sin cuireann sí faoi dhraíocht é leis an gcuireadh a thugann sí dó a shaol dubhach a thréigean agus imeacht in éineacht léi go dtí an tír idileach a ndéanann sí cur síos uirthi. Ceaptar gur i gcill an Chreagáin atá Mac Cumhaigh curtha. Tá véarsa eile (.i. cuid 2) den amhrán seo le fáil ar rian ar leith i mbailiúchán Doegen. Tá an t-amhrán seo tras-scríofa freisin in Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic voices: bailiúchán Doegen 1931 (Béal Feirste, 2010), 320-3. Tá leagan uirlise den fhonn le fáil ar fhadcheirnín de chuid Shéamuis Mhic Aonghusa The ace and deuce of piping (Collector/Selection Records, 1960).

Teideal i mBéarla: The Churchyard of Creggan (part 1)
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Máire Ní Arbhasaigh as Co. Ard Mhacha
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 25-09-1931 ag 17:30:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. Taifeadta ar 25-09-1931 ag 17:30:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1224d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:26 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1224d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:26 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1224b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 01:26 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1224b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 01:26 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1224d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:25 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1224d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:25 nóiméad ar fad.