Aige bruach Dhún Réimhe - Máire Ní Arbhasaigh


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Aige[1] bruach Dún Réimhe ar uaigneas lae,
Ó, ba shnuamhar géaga bláthgeal,
Sé chuala mé géimneach cuantaí Éireanna,
Is fuaim sna spéarthaí in airde.

Dá rá gur buartha[2] a bhí mo scéal,
Mo chroí faoi (léiche) (...),
Plúr na n-éan ag fógradh an scéil,
Ó, le cumhaidh gur éag na cágaí.

Is gur fuadadh[3] Féilim uasal tréitheach,
Suas go Laighean do bhás a fháil,
Is Eoghan Rua, mo léan, a fuaigh uainn i gcré,
Sé a ruaigfeadh an ceithirneach Gallta.

Nuair a chualaidh an t-éan mé a lua ar Shíol Néill,
Ó, le gruaim gur éirigh in airde,
Agus scar sé a sciathánaibh síos go féar
Agus buail[4] sé a thaobh go cráite.

Dá rá gur buartha a bhí mo scéal,
Mo chroí faoi (léiche) (...),
Dá gcuartóchainn féin fán (tuamba) féin,
Go bhfaighinn in ualach chré is cnámh iad.

Aistriúchán

At Dunreavy riverbank at daybreak,
Oh, how lovely were the bright-flowered branches,
I heard there the roaring of Ireland's bays,
And clamour in the skies above.

To say that my story was sorrowful,
My heart full of woe(?) (...),
The king of the birds proclaiming the story,
Oh, the jackdaws have died of longing.

And noble accomplished Phelim was abducted,
To Leinster where he was to die,
And Owen Roe, alas, who has gone to the grave,
He is the one who would put the foreign soldiers to flight.

When the bird heard me speak of the descendents of O'Neill,
Oh, he flew up with sorrow,
And he spread out his wings down to the grass
And beat his side wretchedly.

To say that my story was sorrowful,
My heart full of woe(?) (...),
If only I searched about the tomb(?),
Until I found them in a pile of earth and bones.

Fonótaí

= ag. Cf. Art Hughes, 'Gaeilge Uladh', in Kim McCone et al., Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 611-60: 657. (Back)
Cf. Séamus Ó Searcaigh, Foghraidheacht Ghaedhilge an Tuaiscirt (Béal Feirste, 1925), § 181. (Back)
= fuadaíodh. (Back)
Recte bhuail. (Back)

Tráchtaireacht

Art Mac Cumhaigh (1738-1773), as contae Ard Mhacha, a chum an t-amhrán seo. Tugtar 'Mairgneach faoi Chaisleán na Glasdromainne' air freisin. Ba é Caisleán na Glasdromainne, gar don Chreagán, an príomhchaisleán a bhí ar an teorainn is faide ó dheas den dúiche a bhí faoi cheannas chlann Uí Néill an Fheadha (contae Ard Mhacha). Rinne Mac Cumhaigh Clann Uí Néill a mholadh agus a chaoineadh i gcuid mhaith dá shaothar. B'fhada leis go n-éireoidís arís agus go dtabharfaidís pátrúnacht do na filí, rud ar tháinig deireadh leis sa 17ú haois. De réir Phádraigín Ní Uallacháin (A hidden Ulster: people, songs and traditions of Oriel (BÁC, 2002), 262), d'éirigh smólach ceoil in aice le Mac Cumhaigh le linn dó a bheith ar foscadh i bhfothrach Chaisleán na Glasdromainne, rud a bhí mar shiombail do chúlú sprid Chlann Uí Néill, agus cumadh an t-amhrán mar aitheasc don éan. D'fhoilsigh Lorcán Ó Muireadhaigh, a mheas gurbh é seo an t-amhrán ba cheolmhaire a chum Mac Cumhaigh, leagan de a bhailigh sé ó Mháire Ní Arbhasaigh in An tUltach 2:4 (1925), 4, agus in Amhráin Chúige Uladh (1927), uimh. 9. Le haghaidh tuilleadh eolais féach: Liam Ó Conchubhair agus Derek Bell, Traditional songs of the north of Ireland (BÁC, 1999), 15-6; Pádraigín Ní Uallacháin, A hidden Ulster, 259-64; Énrí Ó Muirgheasa, Amhráin Airt Mhic Chubhthaigh 1 (Dún Dealgan, 1926), 28; Tomás Ó Fiaich, Art Mac Cumhaigh: dánta (BÁC, 1973), 79; agus Pádraig Ó Canainn, Filíocht na nGael (BÁC, 1958), 36.

Tá an t-amhrán seo tras-scríofa freisin in Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic voices: bailiúchán Doegen 1931 (Béal Feirste, 2010), 324-7.

Teideal i mBéarla: Beside Dunreavy
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Máire Ní Arbhasaigh as Co. Ard Mhacha
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 25-09-1931 ag 17:30:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. Taifeadta ar 25-09-1931 ag 17:30:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1224d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:16 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1224d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:16 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1224b3, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 01:16 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1224b3, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 01:16 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1224d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:15 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1224d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:15 nóiméad ar fad.