Smaoitiú ar an am a bhí - Seán Ó Conaglaigh


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Is aoibhinn éaló suas an gleann
Agus suí ar bhruach na habhna
San tsamhradh bhuí nuair ' dul a luí
Atá an ghrian tráthnóna,
An t-éanlach[1] beag ar bharr na gcrann
Ag goil cheoil 'na suí go haerach,
Na bric ag léimnigh insa tsruthán
Go lúcháireach aerach meadhrach[2].

Is aoibhinn suí ar mhullach cnoic
Os cionn gort is coillte is corrán
Ag smaoiteamh[3] ar an am a bhí
Tá fad ó shoin in Éirinn
Nuair a chosain gaiscígh na hard-Chraobh Rua
Gach bean, seanfhear is páiste
Sular chuir ár námhaid ualach ar
Ár dtír, an marbhfáisc air!

Ar an scrios a níonn ár námhaid orainn
Is minic mise ag smaoiteamh
Ach tiocfaidh an lá le cuidiú Dé
A mbaintear astu cúiteamh.
Beannacht Dé ar Éire bhocht
Agus mallacht ar a námhaid
A d'fhág ár dtír faoi leatrom mhór,
A d'fhág sinn anois mar atámaid.

Aistriúchán

How lovely to slip away up the valley
And sit on the riverbank
In the golden summer when the sun goes down
In the evenings,
The little birds on top of the trees
Sitting gaily making music,
The fish leaping in the stream
Joyous, gay and merry.

How lovely to sit on the top of a hill
Above fields and woods and indents(?)
Thinking of times gone by
Long ago in Ireland
When the warriors of the noble Red Branch protected
Every woman, old man and child
Before our enemy burdened
Our country, bad cess to him!

Of the destruction our enemy wreaks upon us
I often find myself thinking
But the day will come with God's help
When we will be compensated for it.
God's blessing on poor Ireland
And a curse on its enemy
Who left our land under great oppression,
Who left us as we are now.

Fonótaí

= éanach + éanlaith? (Back)
Tá an 'dh' caomhnaithe ina chosan chuimilteach choguasach ghlórach i lár an fhocail seo. Féach Alf Sommerfelt, The dialect of Torr, co. Donegal (Christiania, 1922), § 201. (Back)
= smaoineamh. Cf. Dónall Ó Baoill, An teanga bheo: Gaeilge Uladh (BÁC, 1996), 149. (Back)

Tráchtaireacht

Tá leagan den amhrán seo le fáil in Medhbh Fionnuala Nic Aodháin (eag.), Báitheadh iadsan agus tháinig mise (1993), 125.

Teideal i mBéarla: Thoughts of the past
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Seán Ó Conaglaigh as Co. Dhún na nGall
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 29-09-1931 ag 12:00:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn. Taifeadta ar 29-09-1931 ag 12:00:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1228d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:26 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1228d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:26 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1228b3, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 01:25 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1228b3, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 01:25 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1228d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:24 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1228d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:24 nóiméad ar fad.