Paidreacha - Seán Ó Conaglaigh


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Cuir(idh) mé mé féin i bhfianaise Dé. Déanaim gníomh adhartha. Creidim, a Dhia, go bhfuil tú anseo i láthair, go bhfuil tú ag féachaint orm, go bhfuil tú ag éisteacht liom, go bhfuil fios agad ar m'uile smaoitiú. Adhraim agus onóirim tú. Aidim[1] gur tú mo chruthaitheoir agus m'ardtiarna. Isl(idh) mé mé féin go hiomlán faoi do smacht.

**********

Gníomh buíochais.

Bheirim (míle) buíochas duid, a Thiarna, as tiolacadh[2] is grásta a (thug tú domh) ó tháinig mé ar an tsaol, agus go speisialta fá mo thabhairt slán ó chodladh na hoíche aréir.

Aistriúchán

I give witness before God. I make an act of worship. I believe, God, that you are present here, that you are looking at me, that you are listening to me, that you know all of my thoughts. I worship and honour you. I acknowledge that you are my creator and my high lord. I submit myself to your will entirely.

**********

An act of thanks.

I thank you a thousand(?) times, o Lord, for the gifts and graces you gave me (?) since I was born, and especially for keeping me safe as I slept last night.

Fonótaí

= admhaím. Cf. Alf Sommerfelt, The dialect of Torr, co. Donegal (Christiania, 1922), § 455. (Back)
= tíolacadh. Cf. Sommerfelt, op. cit., § 31. (Back)

Tráchtaireacht

Tá na paidreacha seo, mar aon le ceann amháin eile ón gcainteoir céanna, le fáil in An tUltach 10:7 (1933), 6. Cf. freisin Diarmuid Ó Laoghaire, Ár bpaidreacha dúchais (BÁC, 1975), 91-3.

Teideal i mBéarla: Prayers
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Seán Ó Conaglaigh as Co. Dhún na nGall
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 29-09-1931 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn. Taifeadta ar 29-09-1931 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1230d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:33 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1230d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:33 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1230b2, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 00:33 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1230b2, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 00:33 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1230d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:33 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1230d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:33 nóiméad ar fad.