Paidir na Maighdine Muire - Feidhlimidh Mag Grianna


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Fáilte dhuid, a Mhuire mhór,
A mhaighdean (shaor, ár ndeacair fóir).
A mháthair Íosa, a réalt na mara,
A sciath na mbocht, is tú a n-anamcharaid.

Tú a thóg ar ais an bláth (úd a) thuit
(Le hÉabha is mór na ngrásta dhuid).
Tú a thóg an t-uan a (shaoraigh) sinn
Anois agus uair ár n-éagadh linn.

Tabhaigh dhúinne síocháin Dé,
Scaoil na glais a cheanglas mé.
Greim don bhocht, don dall a shúil,
A mháthair mhuirneach rí na (ndúl).

A chathaoir na suáilce is (airde an reacht),
A chathaoir na (héigse is na heolaíocht[1]).
Saor sinn uile (ar chéim) do Mhic,
Ar olc, ar (uamhain) agus ar (fheirg).

A réalt na maidne is (a airdríon),
Seachain sinn ar (uaigh) na bpian.
(Moltar thú faoi do choimrí gan mhaíomh)
An tAthair, an Mac, agus an Spiorad Naomh.

Aistriúchán

You are welcome, great Mary,
Noble virgin, help us (?) (...).
Mother of Jesus, star of the sea,
Protector of the poor, you are our soul friend.

You took back the flower that fell
(...).
It was you who raised the lamb who redeemed(?) us
With us now and at the hour of our death.

Give us God's peace,
Open the locks that bind me.
A morsel for the pauper, sight for the blind man,
Loving mother of the king of elements.

Seat(?) of the virtues whose law is highest (?),
Seat(?) of learning and humility(?).
Free us all through your Son's distinction (?),
From evil, from terror(?) and from anger(?).

Star of the morning and high queen(?),
Guard us against the pit(?) of pains.
(...) under your protection (?) (...)
The Father, the Son, and the Holy Spirit.

Fonótaí

Leg. na humhlaíocht? (Back)

Tráchtaireacht

Tá leaganacha eile den phaidir seo in Douglas Hyde, Abhráin diadha Chúige Connacht (2 iml., Londain agus BÁC, 1906), iml. 1, 390-3; Énrí Ó Muirgheasa, Dánta diadha Uladh (BÁC, 1936), 205-6; agus Dónall Ó Baoill, Amach as ucht na sliabh: imleabhar 2 (Gaoth Dobhair, 1996), 29.

Teideal i mBéarla: Prayer to the Blessed Virgin
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Feidhlimidh Mag Grianna as Co. Dhún na nGall
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 30-09-1931 ag 11:15:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn. Taifeadta ar 30-09-1931 ag 11:15:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1235d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:47 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1235d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:47 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1235b2, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 00:48 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1235b2, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 00:48 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1235d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:47 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1235d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:47 nóiméad ar fad.