Tiocfaidh an samhradh (cuid 1) - Áine Ní Mhuireadhaigh


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Tiocfaidh an samhradh agus fásfaidh an féar
Agus tiocfaidh an duilliúr glas ar bharra na gcraobh,
Tiocfaidh mo rúnsearc le bánú an lae
Agus buailfear tiúin daoithe le cumhaidh ina déidh.

Spleoid ar an fharraige nach ab í atá mór,
Agus tá sí ag goil eadar mé is mo mhíle stór,
D'fhág sí ar an bhaile seo mé ag déanamh bróin,
Is gan dúil le pilleadh as achoíche níos mó.

Scairtigh mé aréir ag an doras ann
Agus scairt mé aríst ar mo (rún-se ar faill),
Sé a dúirt a mamaí liom nach rabh sí ann,
Ná gur éalaigh sí aréir leis an bhuachaill donn.

Tá ceathrar agus fiche acu ar an ranc amháin,
Agus sí mo Mháire-sa an bhean is fearr,
Tá blas na meala uirthi agus an boladh breá,
Is í an pósaí álainn í atá doiligh a fháil.

Tá an oíche seo dorcha agus beidh go lá
Le choil[1] 'na[2] (Mhuine) suas a dh'iarraidh mná
(Sé) Aodh 'ag (Fhionnghailí) a bhfuil aige a sháith,
Ná go bhfagha[3] mise Máire uadh[4] agus faoina lámh.

Is óg is is óg a chuir mise dúil i ngreann,
Is go ndéanfainn súgradh le mo rúin ar (a) faill,
Níl baile cuain ar bith a ngeabhfainn[5] ann
Nach bhfaighinn maighdean óg dheas ar bhuidéal a rum.

Aistriúchán

Summer will come and the grass will grow
And green foliage will appear on top of the branches,
My dear love will come at the dawn of the day
And a tune will be played with sorrow after her.

Curse the sea, isn't it vast,
And it lies between me and my dearest beloved,
She left me lamenting in this village,
With no hope of returning ever again.

I called last night at the door there
And I called again for my dearest at an opportune moment,
Her mother told me she wasn't there,
That she slipped away last night with the brown-haired boy.

There are twenty-four of them in the one class,
And my Mary is the best woman,
She tastes of honey and her smell is sweet,
She is a lovely flower who is hard to get.

This night is dark and will be so until morning
To go up to Muine(?) looking for a woman
Hugh McGinley has enough (?),
I will get Mary from him, out of his hands (?).

I was so very young when I took a liking to fun,
And I would flirt with my love when I had a chance (?),
There's no harbour town I could go to
Where I wouldn't find a nice young maiden for a bottle of rum.

Fonótaí

= ghoil/dhul. Cf. A.J. Hughes, Leabhar mór bhriathra na Gaeilge (Béal Feirste, 2008), 168. (Back)
= chun an. (Back)
= bhfaighe. Cf. Art Hughes, 'Gaeilge Uladh', in Kim McCone et al., Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 611-60: 652. (Back)
= uaidh. Cf. Maeleachlainn Mac Cionaoith, Seanchas Rann na Feirste (BÁC, 2005), 180. (Back)
= ngabhfainn. (Back)

Tráchtaireacht

Is amhrán an-choitianta é seo i nDún na nGall. Bhí sé coitianta freisin in Ó Méith nuair a bhí an Ghaeilge in úsáid mar ghnáth-theanga an phobail ansin. Tá leaganacha éagsúla de le fáil. Baineann an scéal de ghnáth le fear, ar mairnéalach é go minic, a n-imíonn a leannán le fear eile. Tá dlúthbhaint ag an dá véarsa a chastar anseo le leagan den 'Táilliúir Aerach' a chasann Mánus Ó Creag áit eile i mbailiúchán Doegen. Is é an struchtúr a bhaineann leis an bhfonn ná: an chéad fhrása, an dara frása, an dara frása, an chéad fhrása. Tá ceithre bharra i ngach frása. Déanamh ABBA a thugtar air seo go minic. Is féidir ceathrúna a leagan go héasca ar fhoinn mar seo agus tá an struchtúr seo an-choitianta i dtraidisiún amhránaíochta na Gaeilge. D'fhoilsigh Lorcán Ó Muireadhaigh leagan ocht véarsa de le sólfá tonach in Amhráin Chúige Uladh (Dún Dealgan, 1927), uimh. 32. Le haghaidh nodaireacht an cheoil, leagan malartach den amhrán a bailíodh i nGaoth Dobhair, contae Dhún na nGall, agus leabharliosta breise, féach Colm Ó Baoill, Amhráin Chúige Uladh (Indreabhán, 2009), 85-6, 159, 185. Tá leagan cúig véarsa den amhrán seo le fáil in Liam Ó Conchubhair agus Derek Bell, Traditional songs of the north of Ireland (BÁC, 1999), 111-12. Baineann an fonn go dlúth leis an gceann a chastar ar an taifeadadh seo. Ar na hamhráin eile a leagtar ar an bhfonn céanna tá: 'The Summer is come and the grass is green' (féach P.W. Joyce, Ancient Irish music (BÁC, 1873), 19) agus 'Rich and rare were the gems she wore', a chum Thomas Moore (féach Charles Villiers Stanford, Irish melodies of Thomas Moore (Londain, 1894), 96-105). Tá véarsa eile (.i. cuid 2) den amhrán seo le fáil ar rian ar leith i mbailiúchán Doegen.

Teideal i mBéarla: Summer will come (part 1)
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Áine Ní Mhuireadhaigh as Co. Dhún na nGall
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 30-09-1931 ag 12:30:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn. Taifeadta ar 30-09-1931 ag 12:30:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1238d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:55 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1238d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:55 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1238b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 02:55 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1238b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 02:55 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1238d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:54 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1238d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:54 nóiméad ar fad.