Tiocfaidh an samhradh (cuid 2) - Áine Ní Mhuireadhaigh


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Shiúil mé thoir agus shiúil mé thiar,
Shiúil mé Corcaigh agus sráid Bhaile Átha Cliath,
Shiúil mé an baile seo le dhó[1] le bliain,
Ag iarraidh mo stóirín a bhain daom mo chiall.

Aistriúchán

I walked east and I walked west,
I walked Cork and the streets of Dublin,
I walked this village twice within this year,
Looking for my darling who drove me mad.

Fonótaí

Recte fá dhó? (Back)

Tráchtaireacht

Leagan d'amhrán atá an-choitianta i nDún na nGall atá i gcodanna 1 agus 2 den taifeadadh seo. Bhí sé coitianta freisin in Ó Méith nuair a bhí an Ghaeilge in úsáid mar ghnáth-theanga an phobail ansin. Tá leaganacha éagsúla de le fáil. Baineann an scéal de ghnáth le fear, ar mairnéalach é go minic, a n-imíonn a leannán le fear eile. Tá dlúthbhaint ag an dá véarsa dheireanacha i gcuid 1 le leagan den 'Táilliúir Aerach' a chasann Mánus Ó Creag áit eile i mbailiúchán Doegen. Is é an struchtúr a bhaineann leis an bhfonn ná: an chéad fhrása, an dara frása, an dara frása, an chéad fhrása. Tá ceithre bharra i ngach frása. Déanamh ABBA a thugtar air seo go minic. Is féidir ceathrúna a leagan go héasca ar fhoinn mar seo agus tá an struchtúr seo an-choitianta i dtraidisiún amhránaíochta na Gaeilge. D'fhoilsigh Lorcán Ó Muireadhaigh leagan ocht véarsa de mar aon le sólfá tonach in Amhráin Chúige Uladh (Dún Dealgan, 1927), uimh. 32. Le haghaidh nodaireacht an cheoil, leagan malartach den amhrán a bailíodh i nGaoth Dobhair, contae Dhún na nGall, agus leabharliosta breise, féach Colm Ó Baoill, Amhráin Chúige Uladh (Indreabhán, 2009), 85-6, 159, 185. Tá leagan cúig véarsa den amhrán seo le fáil in Liam Ó Conchubhair agus Derek Bell, Traditional songs of the north of Ireland (BÁC, 1999), 111-12. Baineann an fonn go dlúth leis an gceann a chastar ar an taifeadadh seo. I measc amhrán eile a leagtar ar an bhfonn céanna tá: 'The Summer is come and the grass is green' (féach P.W. Joyce, Ancient Irish music (BÁC, 1873), 19) agus 'Rich and rare were the gems she wore', a chum Thomas Moore (féach Charles Villiers Stanford, Irish melodies of Thomas Moore (Londain, 1894), 18). Tá sé véarsa eile (.i. cuid 1) den amhrán seo le fáil ar rian ar leith i mbailiúchán Doegen.

Teideal i mBéarla: Summer will come (part 2)
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Áine Ní Mhuireadhaigh as Co. Dhún na nGall
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 30-09-1931 ag 12:30:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn. Taifeadta ar 30-09-1931 ag 12:30:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1238d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:30 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1238d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:30 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1238b2, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 00:30 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1238b2, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 00:30 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1238d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:29 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1238d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:29 nóiméad ar fad.