Dá muirbhfinn an riabhach - Róise Nic Cumhaill


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Ó, is dá muirfinn[1][2] an riabhach is dá n-íosfainn an fheoil,
Dá ndíolfainn an craiceann agus sin uilig a ól,
Dá gcaithfinn mo bhrístí sa tinidh is a dhódh,
Goidé sin don té sin nach mbaineann sin dó?

Tá an fómhar i mbliana ag goil in (aghaidh na) mban óg,
(Chan) na fir atá dá n-iarraidh ach iad ag goil leo,
(Cé acu) ciúin céillí a shiúlfaidh siad an ród,
Ní phósfar a'n[3] bhean i mbliana gan an riabhach agus a chrón.

Ó, spleoid ar an riabhach 'gus (cneadh) ar a chrón,
(Is ar an aon fhear a n-iarraidh fáil spré dá mnaoi óig),
I ndeireadh na bliana is i dtús an tsneachta mhóir
(Cé a fágadh san iaróig ach an) riabhach is a chrón.

Aistriúchán

Oh, and if I killed the brindled cow and if I ate the meat,
If I sold the skin and drank all of that,
If I threw my trousers into the fire and burned them,
What is that to that person whose business it isn't?

This year's courting is going against the young women,
It isn't the men who are seeking them but they go with them (?),
Though they walk the road quietly and sensibly (?),
No woman will be married this year without the brindled cow and its tan(?).

Oh, shame on the brindled cow and sores(?) on its tan(?),
And to any man who tries to get a dowry for his young woman (?),
At the end of the year and at the start of the great snow
Who was left in (...) but (?) the brindled cow and its tan(?).

Fonótaí

= marbhfainn/maróinn. Cf. Dónall Ó Baoill, An teanga bheo: Gaeilge Uladh (Dublin, 1996), 144. (Back)
= marbhfainn/maróinn. Cf. Dónall Ó Baoill, An teanga bheo: Gaeilge Uladh (BÁC, 1996), 144. (Back)
= aon. (Back)

Tráchtaireacht

Seo leagan as Dún na nGall den amhrán gealgháireach ólacháin 'Cad é sin don té sin?', a bhfuil leaganacha malartacha de le fáil ar fud na tíre. Tá leaganacha as Cúige Uladh le fáil faoin teideal 'Goidé sin don té sin nach mbaineann sin dó?' in Énrí Muirgheasa, Dhá chéad de cheoltaibh Uladh (BÁC, 1934), 239-40, Padraig Mac Seáin, Ceolta Theilinn (Béal Feirste, 1973), 32-3, agus Nollaig Ó hUrmoltaigh, Ceolta Uladh 3 (Béal Feirste, 1974), 10. D'eisigh an grúpa Skara Brae leagan den amhrán ar albam dar teideal Skara Brae (Gael-Linn, 1971), rud a chuir i mbéal an phobail é.

Teideal i mBéarla: If I were to kill the brindled cow
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Róise Nic Cumhaill as Co. Dhún na nGall
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 01-10-1931 ag 11:30:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn. Taifeadta ar 01-10-1931 ag 11:30:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1243d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:49 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1243d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:49 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1243b2, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 00:49 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1243b2, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 00:49 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1243d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:49 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1243d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:49 nóiméad ar fad.