Thíos ag teach an tórraidh/An cailín donn (cuid 1) - Pádraig Ó Baoighill


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Bhí mé lá go ceolmhar[1] i ngleanntán is mé ag seoladh bó,
Tharlaigh orm an óig-mhnaoi is í cóirithe ins an éideadh chóir,
Bhí hata os cionn a clóca agus buclaí ina bróga thíos,
Ó, ba chosúil le mo stóirín í ná an réalt eolais a bhí ag goil romham sa tslí.

Aistriúchán

One day I was in a little valley merrily driving a cow,
I met with a young woman who was dressed nicely,
She wore a hat above her cloak and there were buckles in her shoes below,
Oh, she was more like my darling than the guiding star going before me along the road (?).

Fonótaí

Leg. ceolar? Cf. Séamus Ó Searcaigh, Foghraidheacht Ghaedhilge an Tuaiscirt (Béal Feirste, 1925), § 33. (Back)

Tráchtaireacht

Is amhrán grá é 'Thíos ag teach an tórraidh', nó 'Thíos ag teach an tórraimh', ina bhfuil an file dúnta i ngrá le cailín na gruaige doinne, rud a thugann an teideal malartach 'An cailín donn' don amhrán. Is amhrán coitianta é i nDún na nGall. Bhailigh an tAthair Lorcán Ó Muireadhaigh leaganacha de ó na hamhránaithe Gráinne Phroinnsíais, Meadhbha Tharlaidh Mhóir agus Máire John, as Rann na Feirste, a d'fhoilsigh sé in Amhráin Chúige Uladh (Dún Dealgan, 1927, uimhir 32. Féach an t-eagrán nua le Colm Ó Baoill: Amhráin Chúige Uladh, (Indreabhán, 2009), 88-90, 161, 186. Le haghaidh leaganacha foilsithe eile féach: Peter Kennedy, Folksongs of Britain and Ireland (Londain, 1975), 111; Nollaig Ó hUrmoltaigh, Ceolta Uladh 4 (Béal Feirste, 1975), 11; agus Mánus Ó Baoill, Ceolta Gael 2 (Corcaigh, 1986), 94. Ní hionann é agus an dán Muimhneach 'An Cailín Donn', a chum Séamas Ó Muimhneacháin. Féach Diarmaid Ó Muirithe, Cois an Ghaorthaidh, (BÁC, 1987), 35-6. Tá foinn den teideal 'An Cailín Donn' le fáil in Edward Bunting, A general collection of ancient Irish music (Londain, 1796), 15, agus P.W. Joyce, Old Irish folk music and songs (BÁC, 1909), 355, ach is cosúil nach mbaineann siad leis an bhfonn a chasann Pádraig Ó Baoighill anseo. Casann sé leagan níos faide den amhrán in áit eile i mbailiúchán Doegen.

Teideal i mBéarla: Down at the house of the wake/The brown-haired girl (part 1)
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Pádraig Ó Baoighill as Co. Dhún na nGall
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 01-10-1931 ag 16:00:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn. Taifeadta ar 01-10-1931 ag 16:00:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1247d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:37 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1247d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:37 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1247b3, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 00:36 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1247b3, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 00:36 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1247d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:35 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1247d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:35 nóiméad ar fad.