Mór Ní Óráin - Maighréad Ní Dhomhnaill


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Bhí bean 'na cónaí in Éirinn fadó agus bhí sí cúig chéad bliain de aois. Bhí Ó Domhnaill i nDún na nGall an t-am sin agus chualaidh sé iomrá uirthi. Agus rinn sé amach go rachadh sé go bhfeicfeadh sé an rabh sin fíor. Shiúil sé leis agus fuair sé eolas an bhealaigh go dtí go dtáinig sé go dtí an teach. Chuaigh sé isteach agus bhí sean-nduine[1] agus seanbhean 'na suí ag an tinidh agus iad in aois leanbaíochta.

"Cá bhfuil bhur máthair?" ar seisean.

"Ó," ar siadsan, "tá sí amuigh ag buachailleacht."

Chuaigh sé amach 'un na páirce agus chonaic sé an bhean a bhí ag coimheád na mba agus d'fhiafraigh sé daoithe, "An tusa Mór Ní Óráin?"

"Is mé," arsa sise.

"Bhuel," arsa seisean, "ca tuighe[2] a bhfuil tusa comh hóg agus níon agus mac 'na suí ins an teach agus iad in aois leanbaíochta?"

"Bhuel," arsa sise, "níor ith mise greim ariamh ach nuair a bhí ocras orm. Níor ól mé deoch ariamh ach nuair a bhí tart orm. Níor shuigh mé ariamh i mo chónaí nuair a bhí a fhios agam go bhfaighinn obair ag mo chomharsain. Agus mura gcreide tusa an rud a dúirt mé, bhí mé fiche bliain nuair a tháinig mé 'n an bhaile seo. Níl a'n[3] bhliain ó shoin nár mharbh mé molt agus chuir mé a chnámh isteach i gcófra[4] atá ansiod[5] ag an doras. Gabh thusa isteach anois agus cuntais go bhfeicí tú."

Chuaigh... Chuaigh Ó Domhnaill isteach. Chuntais sé amach ceithre chéad agus ceithre scór cnáimh agus chonaic sé ansin go rabh caint na mná fíor. Ní rabh a dhath le déanamh aige ach pilleadh 'na bhaile agus a bheith sásta.

Aistriúchán

There was a woman living in Ireland long ago and she was five hundred years old. The O'Donnell was in Donegal at that time and he heard tell of her. And he decided that he would go to see if it was true. Off he went and he found the way as far as the house. He went in and there was an old man and an old woman sitting by the fire, and they were in their dotage.

"Where is your mother?" he said.

"Oh," they said, "she is out herding."

He went out to the field and he saw the woman who was minding the cows and he asked her, "Are you Mór Ní Óráin?"

"I am," she said.

"Well," he said, "How is it that you are so young with a daughter and a son in the house in their dotage?"

"Well," she said, "I never ate a morsel except when I was hungry. And I never drank a drink except when I was thirsty. I never sat resting when I knew that I would get work from the neighbours. And if you don't believe what I've said, I was twenty years old when I came to this town. There isn't a year since then that I didn't kill a wether and put his bones in that press there by the door. Go in now and count them so that you may see."

O'Donnell went in. He counted out four hundred and eighty bones and he saw then that what the woman was saying was true. There was nothing to do but return home and be content.

Fonótaí

Cf. Dónall Ó Baoill, An teanga bheo: Gaeilge Uladh (BÁC, 1996), 148: sean’uine 'old man'; seanduine 'old person'. (Back)
= cad chuige. Cf. Ó Baoill, op. cit., 127. (Back)
= aon. (Back)
Leg. gcórtha? Cf. Ó Baoill, op. cit., 129. (Back)
= ansiúd. (Back)

Tráchtaireacht

Is cosúil go bhfuil baint ag an scéal gearr seo leis an seanchas a bhaineann le Mór, pearsa ón miotaseolaíocht a bhain le bandia talún in Éire na réamh-Chríostaíochta agus a mhair sa bhéaloideas ina dhiaidh sin. Is abhatáir den bhandia seo iad pearsana mar an Mhór-Ríoghan agus Mór Mumhan, agus deirtí gur mhair Mór Mumhan i dteach i bparóiste iartharach Dhún Chaoin i gcontae Chiarraí. Féach Dáithí Ó hÓgáin, Myth, legend and romance (Nua-Eabhrac, 1991), 305-10. Tá sampla de thraidisiún mar seo ó Chiarraí in Séamus Ó Duilearga, Leabhar Sheáin Í Chonaill (BÁC, 1948), 218-21. Tá scéal eile ó Dhún na nGall mar gheall ar Mhór i mbailiúchán Doegen, faoin teideal 'Máire Ní Óráin', ón scéalaí Pádraig Ó Conacháin.

Tá tras-scríobh ar an scéal leis in Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic voices: bailiúchán Doegen 1931 (Béal Feirste, 2010), 174-7. Tá leagan eile ón gcainteoir céanna in An tUltach 20:4 (1943), 4. Tá leagan an-chosúil leis in Seosamh Laoide, Cruach Chonaill (BÁC, 1913), 85-6.

Teideal i mBéarla: Mór Ní Óráin
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Maighréad Ní Dhomhnaill as Co. Dhún na nGall
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 02-10-1931 ag 11:00:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn. Taifeadta ar 02-10-1931 ag 11:00:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1250d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:27 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1250d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:27 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1250b3, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 01:27 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1250b3, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 01:27 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1250d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:25 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1250d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:25 nóiméad ar fad.