Mánus Ó Maolagáin - Pádraig Mac Conaglaigh


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Tháinig fear a'n[1] am amháin aniar go Baile na Brocaí agus tháinig sé isteach toigh Mhicí Eoin agus dh'iarr sé aoideacht[2] oíche.

"Bhuel, (...), ar shiúil tú i bhfad?"

"Maise," a deir sé, "shiúil mé aniar as Ard Mhic Giollagáin."

"(Bhfuil dochar domh a fhiafraí)," a deir sé, "gad is ainm thú?"

"Bhuel, deir sé, "Mánus Ó Maolagáin aniar as Ard Mhic Giollagáin. Sin m'ainm agus an áit ar tógadh mé."

(Deir sé), "A Mhánuis," a deir sé, "an bhfuil cineál ar bith ceirde agad?"

"Maise, bím ag seinm ar théadaí."

"Tchím," a deir sé. "Bhuel, a Mhánuis," a deir sé, "bhfuil (dochar domh a fhiafraí) cén (seinní) is fearr thiar ansin agaibhse?"

"Maise, deir daoiní gur mise," (a deir) Mánus, "agus deirim féin nach mé."

"M'anam féin, maise, a Mhánuis," a deir sé, "gur tusa a chreidim."

"Ó, bhuel, chan fiú ar bith do dhuine ar bith bheith dhá mholadh féin. Ach an méid a sheinnimsa, seinnim go fíor é."

"Á, (...), maise, a Mhánuis," (a deir sé), "gur minic a bhíonn an fhírinne féin searbh."

Aistriúchán

A man came from the west one time to Ballynabrocky and he came in to Mickey Owen's house and he asked for a night's lodgings.

"Well, (...), have you walked for long?"

"Indeed," he said, "I have walked back from Magilligan(?)."

"May I ask (?)," he said, "what is your name?"

"Well," he said, "Manus Mulligan from Magilligan. That is my name and the place I was reared."

"Manus," he said, "do you have any sort of craft?"

"Indeed, I play music on strings."

"I see," he said. "Well, Manus," he said, "may I ask who is the best player back there?"

"Indeed, people say that I am," said Manus, "and I say myself that I'm not."

"Well, indeed, Manus," he said, "it is you that I believe."

"Oh, well, there is no worth in a person praising himself. But what I play, I play truthfully."

"Oh, (...), indeed, Manus," he said, "the truth itself is often bitter."

Fonótaí

= aon. Leg. in? (Back)
= aoidheacht/aíocht. (Back)

Tráchtaireacht

Tugann an scéilín greannmhar seo léiriú ar sheanfhocal Gaeilge, is é sin le rá 'Bíonn an fhírinne féin searbh'. Féach Thomas F. O Rahilly, A miscellany of Irish proverbs (BÁC, 1922), 13. Is cosúil nach bhfuil ann ach scéal grinn, agus nach bhfuil aon tábhacht níos mó ná sin ag baint leis ó thaobh an bhéaloidis de.

Teideal i mBéarla: Manus Mulligan
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Pádraig Mac Conaglaigh as Co. Dhún na nGall
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 02-10-1931 ag 12:30:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn. Taifeadta ar 02-10-1931 ag 12:30:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1252d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:02 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1252d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:02 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1252b2, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 01:02 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1252b2, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 01:02 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1252d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:01 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1252d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:01 nóiméad ar fad.